5.1.1. Gnéithe den chlúdach

Tá comhpháirteanna sainiúla ag gach ceann de na ceithre leathanach clúdaigh.

tip:

Féach freisin an A quick reference guide.

Tá comhpháirteanna sainiúla ag gach ceann de na ceithre leathanach clúdaigh.

Is éard a bhíonn ar an gclúdach tosaigh ainm agus suaitheantas an eagarthóra, teideal an tsaothair agus, nuair is iomchuí, an fotheideal agus ainm an údair (go háirithe i gcás comheagrán). Is féidir uimhir an imleabhair a bheith ann freisin, i gcás saothar ina bhfuil iliomad imleabhar, agus teideal an bhailiúcháin nó na sraithe mar aon le sraithuimhir an tsaothair:

  • teideal an tsaothair: ní mór é a bheith gonta, éifeachtúil agus suntasach. Nuair a bhíonn tuarascáil bhliantúil nó staidéar a bhaineann le tréimhse ar leith i gceist, is cuid dhílis den teideal nó den fhotheideal an tréimhse nó an bhliain,
  • an fotheideal: scríobhtar an fotheideal i gcarachtair níos lú ná na carachtair ina bhfuil an teideal,
  • suaitheantas an eagarthóra: cuirtear ar an gclúdach tosaigh é, agus ansin amháin,
  • ainm an údair: má tá sé ar an gclúdach tosaigh den chlúdach, ní mór é a bheith ar an leathanach teidil chomh maith,
    NB:

    Ní féidir, ar chúinse ar bith, ainm Ard-Stiúrthóireachta nó institiúide nó comhlachta a bheith ar an gclúdach tosaigh, ach amháin i gcás Eurostat agus Oifig na bhFoilseachán. Mar sin féin, is féidir é a bheith ar an leathanach teidil.

  • uimhir an imleabhair: má tá iliomad imleabhar ann, is fearr uimhreacha rómhánacha a úsáid.

De ghnáth, bíonn an clúdach tosaigh istigh bán.

Bíonn fógra poiblíochta ar an gclúdach cúil istigh.

Ar an gclúdach cúil bíonn an praghas (má tá praghas i gceist), suaitheantas Oifig na bhFoilseachán, ISBN (Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta) agus uimhir chatalóige:

  • an praghas: is in euro atá bunphraghas gach foilseacháin. Is mar seo a leanas a luaitear gach praghas ar chlúdaigh na bhfoilseachán agus sna catalóga:

    Praghas i Lucsamburg (gan cáin bhreisluacha san áireamh): EUR …

  • suaitheantas Oifig na bhFoilseachán: tá an suaitheantas le feiceáil ag bun an chlúdaigh chúil. Bíonn an t-ainm ‘‘Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh’ luaite i dteanga amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh i gcás leaganacha aonteangacha agus i níos mó ná aon teanga amháin i gcás leaganacha ilteangacha.

Gnásanna sonracha le haghaidh tréimhseachán agus sraithfhoilseachán

I gcás sraithfhoilseacháin, bíonn an ISSN (Sraithuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta) ann mar aon leis na sonraí thuasluaite. Bíonn sé clóite sa chúinne uachtarach ar thaobh na láimhe deise, ar leathanach 1.

Ní bhíonn clúdach ar thréimhseacháin áirithe. Bíonn uimhir an tréimhseacháin agus bliain a fhoilsithe ar an gclúdach tosaigh. I gcásanna áirithe, cuirtear an clár ar an gclúdach tosaigh istigh agus ar an gclúdach cúil istigh. Ba cheart trimthriall foilsithe an tréimhsiúcháin a bheith de réir na bliana féilire.

Ar an gclúdach cúil bíonn na praghsanna (an praghas ar shíntiús agus ar eagrán aonair), uimhir na catalóige mar aon le suaitheantas Oifig na bhFoilseachán.

An clúdach tosaigh

Leathanach 1 den chlúdach

1. ISSN

2. Teideal an tsaothair

3. An bhliain

4. Suaitheantas na hEorpa

5. An t-eagarthóir

NB:

Ní ann don fhoilseachán seo i nGaeilge; cuirtear an íomhá ar fáil anseo ar mhaithe le suíomh na míreanna éagsúla a léiriú.

An clúdach cúil istigh (fógra poiblíochta)

Leathanach 3 den chlúdach (fógra poiblíochta)

An clúdach cúil istigh

Leathanach 4 den chlúdach

1. Uimhir chatalóige

2. Suaitheantas Oifig na bhFoilseachán

3. ISBN

4. An praghas