5.10. Athfhriotail
Tá luachan comhdhéanta de shleachta luaite ó shaothair eile nó de fhocail agus smaointe tríú páirtithe a thuairiscítear sa téacs.
Bíonn na nithe seo thíos i bpíosa athfhriotail:
- sleachta a thógtar as saothair eile,
- focail agus smaointe tríú páirtí a thuairiscítear sa téacs.
Sa chlóghrafaíocht, tá rogha idir dhá chur chuige chun athfhriotal a chur in iúl:
cló iodálach nó clómhéid níos lú a úsáid le haghaidh sleachta níos faide;
comharthaí athfhriotail a úsáid le haghaidh athfhriotal níos giorra.
Déantar gnáth-athfhriotal (athfhriotal arb é atá ann focail nó frásaí a thógtar go díreach ó dhuine aonair) a chuimsiú sa téacs reatha idir comharthaí athfhriotail.
Úsáidtear comharthaí singile athfhriotail, agus úsáidtear comharthaí dúbailte athfhriotail le haghaidh píosa athfhriotail laistigh de phíosa athfhriotail eile (féach Pointe 4.2.3 (comharthaí athfhriotail)).
‘Xxxxx xxxxxx “xx xxxx xxx” xxx xxxxx.’
Má fhágtar focal nó cuid de phíosa athfhriotail ar lár ón téacs, ba cheart trí phonc (an comhartha focalbhá) a chur ina áit. Bíonn spás crua roimhe agus bíonn gnáthspás nó comhartha poncaíochta ábhartha ina dhiaidh.
‘Xxxxx … xxx.’
Más rud é go bhfuil comhartha focalbhá cheana san ábhar a luaitear ba cheart aon chomhartha focalbhá eagarthóireachta a chur idir lúibíní cearnacha.
‘Xxxxx xxxxx … xxx xxxxx […] xxx xxxx.’
Más rud é nach mbaineann na seirbhísí is údar úsáid as lúibíní cearnacha chun na codanna de phíosa athfhriotail a fágadh ar lár a léiriú agus toisc nach féidir le seirbhísí eagarthóireachta Oifig na bhFoilseachán idirdhealú a dhéanamh idir nithe a fágadh ar lár chun críocha eagarthóireachta agus comhartha focalbhá a úsáidtear sa doiciméad bunaidh chun dul i gcion ar an léitheoir, tá de cheangal orthu gnáthfhoirmle a úsáid: gnáthspás a thagann roimh an gcomhartha focalbhá i gcónaí agus gnáthspás nó comhartha poncaíochta a thagann ina dhiaidh.
I gcás ina bhfágtar líne nó paragraf ar lár agus ina gcuirtear comhartha focalbhá ina ionad, ba cheart an comhartha focalbhá a chur idir lúibíní cearnacha ar líne ar leithligh.
‘Xxx xxxxx xxx.
[…]
Xxxxxxx xx x xxx.’