5.11. Ábhar ealaíonta (léirithe)
Úsáidtear grianghraif, líníochtaí, léaráidí agus graif chun foilseachán a léiriú.
Grianghraif, líníochtaí, léaráidí agus graif
Ní mór na grianghraif bhunaidh dhubha agus bhána a bheith an-soiléir agus codarsnacht mhaith a bheith iontu, agus is fearr iad a bheith ar pháipéar bán snasta, d’fhonn atáirgeadh dílis a dhéanamh ar na leath-thoin. Ní mór na doiciméid a bheith glan agus gan iad a bheith fillte ná rocach nuair a chuirtear isteach go hOifig na bhFoilseachán iad.
Ceannscríbhinní
Ní mór ceannscríbhinní na bhfigiúr agus na ngraf a bheith beacht agus soiléir agus níor cheart dóibh aird a tharraing ón léiriú.
Dathanna
Nuair a mhaisítear saothar ní mór na dathanna a úsáidtear a bheith in oiriúint don inneachar agus do leagan amach iomlán an tsaothair. Dá mhéid dathanna a úsáidtear is ea is casta an táirgeadh agus is mó an costas deiridh.
Nuair a chlóbhuailtear grianghraif dhaite, mar shampla, is gá páipéar oiriúnach (páipéar brataithe) a úsáid, ar féidir tondathanna éagsúla a atáirgeadh go maith ar a dhromchla dlúth mín.
Ar an taobh eile de, ní bhíonn an táirgeadh chomh casta céanna i gcás léaráid líneach (graif, léaráidí). Sa chás sin, is féidir páipéar ar chaighdeán níos ísle (páipéar glónraithe nó páipéar ar a bhfuil bailchríoch shróil) a úsáid.