5.12. Táblaí

Úsáidtear táblaí chun léiriú nó míniú níos mionsonraithe a thabhairt ar an téacs.

Úsáidtear táblaí chun léiriú nó míniú níos mionsonraithe a thabhairt ar an téacs; tá sé tábhachtach, dá réir sin, iad a leagan amach ar an mbealach is simplí agus is soiléire is féidir.

Ná húsáidtear giorrúcháin i dteidil bhosca nó i dtaobhthéacs ach amháin mura bhfuil spás leordhóthanach ann chun gach focal a scríobh amach ina iomláine, agus clóscríobhtar focail i gcás uachtair agus íochtair, seachas i gceannlitreacha amháin.

Má úsáidtear aonad amháin sa tábla trí chéile, féadfar an socrú a shimpliú sa chaoi nach léireofar an t-aonad ach an t-aon uair amháin, agus é i gcló iodálach agus idir lúibíní, os cionn na gcolún ag an mbarr ar fad. I dtéacsanna Gaeilge, más é EUR 1 mhilliún an t-aonad a úsáidtear don tábla uile, ba cheart an giorrúchán ‘milliún EUR’ a úsáid, seachas ‘EUR milliún’, ‘milliún euro’ nó aon fhoirm eile. Ceadaítear an comhartha euro (€) a úsáid i dtéacsanna neamhreachtacha. I gcás aon mhíniú breise nach fonóta é agus a thugtar ag bun na dtáblaí, moltar ‘NB’ a úsáid:

NB:

Tá na treoracha ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh.

Saothair nó táblaí ilteangacha

I gcás saothair ilteangacha, ba cheart na leaganacha teanga éagsúla a thabhairt in ord prótacail, ord atá bunaithe ar litriú na máthairtheanga (féach Pointe 7.2.1).