5.4.1. Fógra cóipchirt (athbhreithniú iomlán)

Cuireann an fógra cóipchirt an léitheoir ar an eolas go bhfuil an píosa oibre faoi chosaint chóipchirt. Ba cheart a thabhairt le fios ann úinéir an chóipchirt, bliain an fhoilsithe, an gceadaítear athúsáid agus, má cheadaítear, na coinníollacha a bhaineann leis an athúsáid.

Cuireann an fógra cóipchirt an léitheoir ar an eolas go bhfuil an píosa oibre faoi chosaint chóipchirt. Ba cheart a thabhairt le fios ann úinéir an chóipchirt, bliain an fhoilsithe, an gceadaítear athúsáid agus, má cheadaítear, na coinníollacha a bhaineann leis an athúsáid. Ina theannta sin, i bhfógra cóipchirt atá dea-dhréachtaithe agus iomlán, tá sé ríthábhachtach aitheantas a thabhairt do na heilimintí tríú páirtí atá san fhoilseachán.

Tá trí eilimint i bhfógra cóipchirt caighdeánach:

  • an tsiombail ‘©’ nó an focal ‘Cóipcheart’ chun cosaint chóipchirt a thabhairt le fios,
  • ainm shealbhóir an chóipchirt,
  • bliain chéadfhoilsithe an tsaothair.

© [ainm shealbhóir an chóipchirt], [bliain an chéadfhoilsithe]
mar shampla:
© An tAontas Eorpach, 2022

An údarthacht a lua

Sonraítear in Airteagal 18 de na Rialacháin Foirne gur leis an Aontas Eorpach (nó leis an ngníomhaireacht ábhartha etc.) an cóipcheart i leith aon obair a dhéanann oifigigh de chuid an Aontais agus a ndualgais á ndéanamh acu. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh na seirbhísí údair a éileamh go luafaí na baill foirne a scríobh an saothar astu féin san fhoilseachán. Is amhlaidh atá sé, mar shampla, má tá tuairimí pearsanta an údair san fhoilseachán, nó i gcás foilseacháin eolaíocha nó ailt i dtréimhseacháin dlí. Sa chás sin, is inmholta séanadh dlíthiúil a úsáid (féach Pointe 5.4.4):

Údar: [ainm an duine]

Ní bhaineann sin le foilseacháin a eisíonn na seirbhísí údair ina gcáil institiúideach.

An bhliain

Maidir le foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh i dteanga ar leith, is ar dháta a gcruthaithe a thosaíonn a dtréimhse cosanta cóipchirt. Má fhoilsítear saothar i dteangacha éagsúla i mblianta éagsúla, ba cheart bliain a fhoilsithe a bheith ar gach leagan teanga.

Má athchlóitear saothar, ní athraítear an fógra cóipchirt. I gcás eagráin nua, áfach, a mbreathnaítear orthu mar fhoilseacháin nua, ní mór dáta an fhógra cóipchirt a bheith ag freagairt do bhliain foilsithe an eagráin nua.

Nuair a athraítear formáid foilseacháin (athrú ó leagan páipéir go ríomhleabhar, mar shampla) is ionann bliain an eagráin sin agus bliain an bhuneagráin i gcás nach ndéantar aon athrú air. Má dhéantar athruithe móra air, foilsítear eagrán nua, agus ní mór dáta an fhógra cóipchirt a bheith ag freagairt do bhliain foilsithe an eagráin nua.

Ag obair le conraitheoirí

Is leis an Aontas Eorpach an cóipcheart ar fhoilseacháin a chruthaíonn conraitheoir má dhéantar foráil sa chonradh maidir leis an gcóipcheart ar na torthaí a aistriú chuig an Aontas Eorpach. I gcás an Choimisiúin, mar shampla, is amhlaidh a bhíonn de ghnáth nuair a úsáidtear conradh samplach de chuid Ard Stiúrthóireacht an Bhuiséid1.
tip:

Má bhíonn ceist agat, déan teagmháil leis an tseirbhís atá i gceannas ar chúrsaí cóipchirt in Oifig na bhFoilseachán (OP-COPYRIGHT@publications.europa.eu).