5.4.2. Údarú le haghaidh athúsáide agus coinníollacha athúsáide (athbhreithniú iomlán)

Is i gcáiliú cóipchirt institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh a chuirtear in iúl an leibhéal cosanta a chuireann siad i bhfeidhm ar a gcuid foilseachán, idir gan an athúsáid a bheith údaraithe agus rialacha maidir le hathúsáid oscailte.

Is i gcáiliú cóipchirt institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh a chuirtear in iúl an leibhéal cosanta a chuireann siad i bhfeidhm ar a gcuid foilseachán, idir gan an athúsáid a bheith údaraithe agus rialacha maidir le hathúsáid oscailte.

An Chomhairle

Is faoi Chinneadh (AE) 2017/1842 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2017 maidir le beartas sonraí oscailte na Comhairle agus maidir le hathúsáid doiciméad na Comhairle a chuirtear beartas athúsáide na Comhairle chun feidhme. Ba cheart an fógra cóipchirt seo a leanas a úsáid:

© An tAontas Eorpach, [bliain]

Údaraítear athúsáid ar choinníoll go n-aithnítear an fhoinse. Is le Cinneadh (AE) 2017/1842 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2017 maidir le beartas sonraí oscailte na Comhairle agus maidir le hathúsáid doiciméad na Comhairle a chuirtear beartas athúsáide na Comhairle chun feidhme (IO L 262, 12.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/1842/oj).

tip:

Féach an fógra seo in 24 theanga: Council reuse notice (Fógra athúsáide na Comhairle).

An Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

Is faoi Chinneadh an 12 Nollaig 2011 ón gCoimisiún maidir le hathúsáid dhoiciméid an Choimisiúin (an ‘Cinneadh maidir le hAthúsáid’) a glacadh beartas athúsáide an Choimisiúin agus rinneadh é a chur chun feidhme a thuilleadh le Cinneadh an 22 Feabhra 2019 lena nglactar Creative Commons mar cheadúnas oscailte faoi bheartas athúsáide an Choimisiúin Eorpaigh. I ngeall ar na cinntí sin, agus mura mbíonn feidhm ag aon cheann de na heisceachtaí dá bhforáiltear iontu, ba cheart foilseacháin an Choimisiúin a cheadúnú faoi réir cheadúnas cóipchirt Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0) (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/).

Úsáidtear an fógra cóipchirt seo a leanas:

© An tAontas Eorpach, [bliain]

""

Cuireann gníomhaireachtaí feidhmiúcháin beartasathúsáide an Choimisiúin chun feidhme le Cinneadh 2011/833/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2011 maidir le hathúsáid dhoiciméid an Choimisiúin (IO L 330, 14.12.2011, lch. 39), ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/833/oj).

Ach amháin má shonraítear a mhalairt, údaraítear an doiciméad seo a athúsáid faoi cheadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0) (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). Ciallaíonn sé sin go gceadaítear an athúsáid ar choinníoll go dtugtar an t‑aitheantas cuí agus go léirítear aon athrú a dhéantar.

tip:

Féach an fógra seo in 24 theanga: Commission default reuse notice (Fógra athúsáide mainneachtana an Choimisiúin).

Cé nach moltar seo a dhéanamh, más faoin gCinneadh maidir le hAthúsáid a fhoilsíonn roinn de chuid an Choimisiúin foilseachán dá cuid go díreach, ar chúis a bhfuil údar léi, in ionad é a fhoilsiú faoi cheadúnas cóipchirt Creative Commons, féadfar an fógra cóipchirt seo a leanas a úsáid:

© An tAontas Eorpach, [bliain]

Údaraítear athúsáid ach an fhoinse a lua agus ar choinníoll nach ndéantar bunbhrí ná teachtaireacht an doiciméid seo a shaobhadh. Níl an Coimisiún Eorpach faoi dhliteanas i leith iarmhairt ar bith a eascraíonn as athúsáid an fhoilseacháin seo. Déantar beartas athúsáide dhoiciméid an Choimisiúin Eorpaigh a rialú le Cinneadh 2011/833/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2011 maidir le hathúsáid dhoiciméid an Choimisiúin (IO L 330, 14.12.2011, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/833/oj).

tip:

Féach an fógra seo in 24 theanga: Commission alternative reuse notice (Fógra athúsáide malartach an Choimisiúin).

Tá feidhm ag na rialacha thuas maidir leis na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, agus is ceart dóibh cloí le beartas eagarthóireachta an Choimisiúin. Tá tuilleadh eolais faoi bheartas athúsáide an Choimisiúin agus a rialacha cóipchirt is infheidhme maidir le foilseacháin le fáil sna doiciméid Reuse Guidelines [Treoirlínte maidir le hAthúsáid]* agus Guidelines on Publications [Treoirlínte maidir le Foilseacháin]*.

An Chúirt Iniúchóirí

An 16 Aibreán 2019, d’fhormheas an Chúirt Iniúchóirí beartas sonrach maidir le hathúsáid a foilseachán. Is é seo a leanas an fógra cóipchirt a mholtar:

© An tAontas Eorpach, [bliain]

""

Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE). Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déanfar ábhar CIE atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Sannta Idirnáisiúnta Creative Commons 4.0 (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Níor cheart dóibh siúd ata ag baint athúsáide as ábhar CIE bunbhrí ná teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh CIE faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.

tip:

Féach an fógra seo in 24 theanga: Court of Auditors reuse notice (Fógra athúsáide na Cúirte Iniúchóirí).

Institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile

De réir na mbeartas eagarthóireachta atá ag na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile féin, d’fhéadfaidís coinníollacha éagsúla athúsáide a chur i bhfeidhm maidir lena bhfoilseachán féin. Is é seo a leanas gnáthfhoclaíocht an fhógra cóipchirt:

© An tAontas Eorpach, [bliain]

Údaraítear atáirgeadh ach an fhoinse a lua.

tip:

Féach an fógra seo in 24 theanga: Reproduction authorised (Údaraítear atáirgeadh).

I gcás ina mbeadh údar maith leo, féadfar coinníollacha dochta a chur i bhfeidhm:

© Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, [bliain]

Gach ceart ar cosaint.

tip:

Féach an fógra seo in 24 theanga: All rights reserved (Gach ceart ar cosaint).

Cuireann Oifig na bhFoilseachán chun cinn in athúsáidteacht fhoilseacháin gach institiúide, comhlachta, oifige agus gníomhaireachta ar aon chaoi, de réir threoirphrionsabail Threoir (AE) 2019/1024 an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid. Féadfaidh seirbhísí a dteastaíonn sé uathu a gcuid foilseachán a dhéanamh níos oscailte an fhoclaíocht ‘údaraítear athúsáid’ a úsáid agus na coinníollacha a luaitear thuas a chur i bhfeidhm.

tip:

Má bhíonn ceist agat, déan teagmháil leis an tseirbhís atá i gceannas ar chúrsaí cóipchirt in Oifig na bhFoilseachán (OP-COPYRIGHT@publications.europa.eu).

*

Is doiciméad inmheánach le haghaidh fhoireann na n-institiúidí Eorpacha é seo.