5.4.3. Copyrighted elements used in a publication (athbhreithniú iomlán)
Ní mór eilimintí ealaíonta nó sonracha a shainaithint agus a aithint nuair a úsáidtear i bhfoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh iad. Tá sé ríthábhachtach eilimintí ar le tríú páirtithe a gcóipcheart a shainaithint (iad siúd ó bhainc stoc‑íomhánna san áireamh), na cearta ina leith a imréiteach agus an t‑aitheantas a thabhairt dóibh.
Ní mór eilimintí ealaíonta nó sonracha a shainaithint agus a aithint nuair a úsáidtear i bhfoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh iad. Tá sé ríthábhachtach eilimintí ar le tríú páirtithe a gcóipcheart a shainaithint (iad siúd ó bhainc stoc‑íomhánna san áireamh), na cearta ina leith a imréiteach agus an t‑aitheantas a thabhairt dóibh.
Eilimintí faoi chóipcheart a úsáidtear i bhfoilseachán
Is leis an Aontas Eorpach nó an comhlacht ábhartha a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige an cóipcheart ar na heilimintí a chruthaíonn baill foirne an Aontais Eorpaigh (féach Airteagal 18 de na Rialacháin Foirne). Is amhlaidh atá chomh maith i gcás eilimintí a sholáthraítear le conradh caighdeánach. Sna cásanna sin, clúdaítear an foilseachán ar fad leis an bhfógra cóipchirt, toisc gur leis an Aontas Eorpach an cóipcheart ar an téacs agus ar na heilimintí breise.
Moltar, áfach, go dtabharfaí eolas san fhógra cóipchirt maidir leis na heilimintí sonracha atá san fhoilseachán. Féadfar an fhoclaíocht seo a leanas a úsáid:
[Léaráid/Grianghraf/etc.], lch …, © An tAontas Eorpach, [bliain]
[Léaráid/Grianghraf/etc.], lch …, © An Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, [bliain]
[Léaráid/Grianghraf/etc.], lch …, © An Banc Ceannais Eorpach, [bliain]
[Léaráid/Grianghraf/etc.], lch …, © [ainm na gníomhaireachta], [bliain]
Eilimintí ar le tríú páirtithe iad
Tá sé ríthábhachtach eilimintí ar le tríú páirtithe a gcóipcheart a shainaithint (iad siúd ó bhainc stoc-íomhánna san áireamh), na cearta ina leith a imréiteach agus an t aitheantas a thabhairt dóibh nuair a úsáidtear iad i bhfoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh.
Maidir le haon úsáid nó atáirgeadh grianghraf nó ábhair eile nach bhfuil faoi chóipcheart an Aontais Eorpaigh ná an chomhlachta ábhartha a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, ní mór cead a iarraidh ar shealbhóir an chóipchirt ábhartha le haghaidh gach eiliminte, seachas má bhíonn eisceacht nó srian ar an gcóipcheart i bhfeidhm (an t eisceacht maidir le hathfhriotal, cuir i gcás). Ní mór na heilimintí sin a aithint san fhógra cóipchirt. Seachas má cheanglaítear leis an gcead a fhaightear nó leis an gceadúnas a thugann sealbhóir an chóipchirt modh áirithe chun an t aitheantas a thabhairt, is féidir an fhoclaíocht seo a leanas a úsáid:
Chun eilimintí nach bhfuil faoi úinéireacht [an Aontais Eorpaigh/an chomhlachta ábhartha a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige] a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé gur ghá cead a iarraidh go díreach ar shealbhóirí na gcearta ábhartha. Ní leis [an Aontas Eorpach/an gcomhlacht ábhartha a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige] an cóipcheart i ndáil leis na heilimintí seo a leanas:
- clúdach, [an eilimint lena mbaineann], [foinse: e.g. Unsplash.com],
- leathanach …, [an eilimint lena mbaineann], [foinse: e.g. Fotolia.com], [údar], gach ceart ar cosaint,
- leathanach …, [an eilimint lena mbaineann], [foinse: e.g. Getty Images], [údar], faoi cheadúnas CC BY 2.0 [+ nasc leis an gceadúnas],
- [léaráid/grianghraf/etc.], lch. …, © [ainm an ealaíontóra], [bliain], gach ceart ar cosaint.
Cé gur inmholta gach eilimint tríú páirtí a lua as féin, mura bhfuil sin indéanta ó thaobh na teicneolaíochta de, agus ar choinníoll go ndearnadh na heilimintí sin ar fad a mharcáil tríd síos an foilseachán, féadfar an clásal ginearálta seo a leanas a úsáid san fhógra cóipchirt:
Chun eilimintí nach bhfuil faoi úinéireacht [an Aontais Eorpaigh/an chomhlachta ábhartha a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige] a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé gur ghá cead a iarraidh go díreach ar shealbhóirí na gcearta ábhartha.
Ceadúnais chóipchirt Creative Commons a chlúdaíonn eilimintí tríú páirtí
Féadfar eilimintí tríú páirtí atá ceadúnaithe faoi cheadúnais chóipchirt Creative Commons, nó atá tiomnaithe don fhearann poiblí, a úsáid i bhfoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh. Agus na heilimintí sin á n úsáid, tá sé fíor-riachtanach cloí leis na coinníollacha a chuireann na ceadúnais chóipchirt éagsúla Creative Commons i bhfeidhm.
Mar a léirítear i Pointe 5.4.2, is é CC BY 4.0 atá roghnaithe ag an gCoimisiún agus ag an gCúirt Iniúchóirí maidir lena saothair féin a fhoilsiú.
Cearta íomhá agus pearsantachta agus cearta eile
Chun íomhá a úsáid ina bhfuil daoine inaitheanta, d’fhéadfadh sé gur ghá cearta príobháideachais nó cearta pearsantachta eile den chineál céanna a imréiteach. Ní hionann iad agus cóipcheart nó cearta eile maoine intleachtúla agus níor cheart iad a mheascadh leo. Ciallaíonn sé sin gur gá a dhearbhú gur thug an duine/na daoine a léirítear ann údarú as gach úsáid bheartaithe dá íomhá/n íomhá, gan beann ar úinéireacht chóipchirt íomhá (an tAontas Eorpach nó tríú páirtí). Mar shampla, níl cearta príobháideachais ná pearsantachta san áireamh sna cearta a thugtar le ceadúnais chóipchirt Creative Commons, toisc gur ceadúnais chóipchirt iad.
Thairis sin, i dtíortha áirithe, d’fhéadfadh sé gur ghá cead breise a iarraidh chun íomhá de shaothar ealaíne a úsáid (e.g. pictiúr, dealbh nó foirgneamh neamhghnách).
Má bhíonn ceist agat, déan teagmháil leis an tseirbhís atá i gceannas ar chúrsaí cóipchirt in Oifig na bhFoilseachán (OP-COPYRIGHT@publications.europa.eu).