5.4.4. Ráitis séanta eile (athbhreithniú iomlán)
Féadfaidh séantaí dlíthiúla eile a chur leis an bhfógra cóipchirt d’fhonn freagracht a shéanadh as úsáid na faisnéise arna soláthraíodh, as ábhar an doiciméid nó as na tuairimí arna nochtadh.
Sa bhreis ar an bhfógra cóipchirt agus na coinníollacha maidir leis an bhfoilseachán a athúsáid, féadfar na séantaí dlíthiúla seo a leanas a úsáid, más infheidhme:
-
Níl an [institiúid/comhlacht/ghníomhaireacht] ná aon duine eile atá ag gníomhú thar ceann [na hinstitiúide/an chomhlachta/na gníomhaireachta] freagrach as an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an eolas thíos.
-
Níor cheart a mheas gurb é atá sa doiciméad seo seasamh oifigiúil [na hinstitiúide/an chomhlachta/na gníomhaireachta].
-
Ní chuireann an tuarascáil seo dliteanas de chineál ar bith ar an [institiúid/gcomhlacht/ngníomhaireacht].
-
Ní gá go léiríonn a bhfuil san fhoilseachán seo seasamh ná dearcadh [na hinstitiúide/an chomhlachta/na gníomhaireachta].
-
Is tuairimí de chuid an údair/na n‑údar amháin na tuairimí a nochtar agus níor cheart a mheas gurb é atá iontu seasamh oifigiúil [na hinstitiúide/an chomhlachta/na gníomhaireachta].
Féach na ráitis séanta in 24 theanga: Disclaimers / Clauses de non-responsabilité (Ráitis séanta).
Má bhíonn ceist agat, déan teagmháil leis an tseirbhís atá i gceannas ar chúrsaí cóipchirt in Oifig na bhFoilseachán (OP-COPYRIGHT@publications.europa.eu).