5.5.3. Clár na n‑ábhar
Is tábla é clár na n‑ábhar arb é atá ann na teidil bheachta is ábhar do ranna an téacs.
Is tábla é clár na n‑ábhar arb é atá ann na teidil bheachta is ábhar do ranna an téacs. Os comhair gach teidil bíonn uimhir an leathanaigh arb é céadleathanach na roinne i dtrácht é; is féidir an dá rud sin a bheith nasctha le chéile ag sraith poncanna.
De bhreis ar chlár ginearálta, féadfaidh clár tánaisteach a bheith ag gabháil le gach roinn. Is den ghnáthchleachtas é an clár ginearálta a bheith ann ag tús saothair. Féadfaidh liosta léaráidí agus liosta táblaí agus graf a bheith i ndiaidh chlár na n‑ábhar.