5.8. Téacs a aibhsiú
I nGaeilge, is féidir cló iodálach a úsáid chun aire an léitheora a dhíriú ar fhocal, ar fhrása nó ar shliocht a theastaíonn ón údar a aibhsiú, chun focail iasachta a lua nó chun teideal iomlán saothair a chur in iúl.
I nGaeilge, is féidir cló iodálach a úsáid chun aire an léitheora a dhíriú ar fhocal, ar fhrása nó ar shliocht a theastaíonn ón údar a aibhsiú, chun focail iasachta a lua nó chun teideal iomlán saothair a chur in iúl (féach Pointe 5.9.4).
Sa téacs i gcló iodálach, is i litreacha rómhánacha a scríobhtar na focail atá le haibhsiú.
Má táthar ag iarraidh cló iodálach a sheachaint, is féidir comharthaí athfhriotail a úsáid chun focail áirithe a aibhsiú. Mar sin féin, ná húsáidtear comharthaí athfhriotail in éineacht le cló iodálach.
Is féidir téacs a aibhsiú freisin le litreacha i gcló trom, ach ná baintear ró-úsáid as.
Ní mór a bheith cúramach gan ró-úsáid a bhaint as na cineálacha éagsúla cló mar go scriosfaí a n-éifeachtacht, mar a thaispeántar sna samplaí seo a leanas:
I ngeall ar dhá phríomhchúis chinn lucht chur chun cinn Chonradh na Róimhe na fíonta, na húrfhíonta fíonchaor agus na súnna fíonchaor a áireamh i liosta na dtáirgí talmhaíochta (Iarscríbhinn II) nach foláir comhbheartas talmhaíochta a ullmhú ina leith.
Feictear fiú na fíonchaora boird ar an liosta táirgí céanna, mar nach bhfeileann sé ceannteideal ar leithligh a thabhairt dóibh, mar is cuid den chatagóir torthaí iad agus tá siad faoi réir na bhforálacha a bhaineann leis an earnáil torthaí agus glasraí.