5.9. Tagairtí
Is ionann tagairt agus sonra beacht lenar féidir lua a aimsiú nó saothar nó cuid de shaothar a lua maidir leis an ábhar atá idir lámha nó maidir le hábhar a bhfuiltear ag déanamh crostagartha dó, bíodh sé sa téacs nó sna fonótaí.
Is ionann tagairt agus sonra beacht lenar féidir lua a aimsiú nó saothar nó cuid de shaothar a lua maidir leis an ábhar atá idir lámha nó maidir le hábhar a bhfuiltear ag déanamh crostagartha dó, bíodh sé sa téacs nó sna fonótaí. Leantar foirm uimhrithe bhunaidh na rialachán, na dtreoracha, airteagail na gConarthaí, cásanna na Cúirte Breithiúnais etc. Ní mór a bheith cúramach teidil na ngníomhartha AE éagsúla a lua go beacht agus tagairtí á dtrascríobh.
Nuair is cuid den phríomhthéacs iad na tagairtí, ní mór iad a bheith gonta agus is fearr iad a chur idir lúibíní.