5.9.1. Tagairtí do reachtaíocht an Aontais Eorpaigh

Sna foilseacháin eile seachas an Iris Oifigiúil, is féidir teidil na ngníomhartha a lua ar bhealach níos scaoilte.

Tagairtí a chur in iúl

Maidir tagairtí do reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a chur in iúl sna téacsanna a fhoilsítear san Iris Oifigiúil agus uimhriú na ngníomhartha, féach Cuid a hAon.

Sna foilseacháin eile seachas an Iris Oifigiúil, is féidir teidil na ngníomhartha a lua ar bhealach níos scaoilte. Mar sin féin, ní mór a bheith cúramach i ngach cás gan na heilimintí bunaidh i dteideal an ghnímh (ainm, uimhir, údar, dáta agus teideal an ghnímh) a scaradh óna chéile le camóga agus gan camóg a úsáid i ndiaidh an teidil:

Foráiltear le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 go …

Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1204/2009 go …

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear córas díolúintí Comhphobail ó dhleachtanna custaim go …

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle maidir le córas díolúintí Comhphobail ó dhleachtanna custaim go …

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 maidir le córas díolúintí Comhphobail ó dhleachtanna custaim go …

Ar ndóigh is féidir camóga a úsáid más gá sin i ngeall ar an gcomhréir laistigh de theideal:

Le Rialachán (CE) Uimh. 1307/2008 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 lena socraítear, le haghaidh shéasúr iascaigh 2009, na praghsanna tagartha do tháirgí iascaigh foráiltear go …

Sna gníomhartha leasaitheacha, cuirtear teideal an ghnímh i mbloc amháin agus ní bhíonn aon phoncaíocht idir codanna éagsúla na ngníomhartha atá á leasú:

Rialachán (AE) Uimh. 1204/2009 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 968/2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 320/2006 ón gComhairle lena mbunaítear scéim shealadach chun tionscal an tsiúcra sa Chomhphobal Eorpach a athstruchtúrú …

Úsáid ‘agus’ nó ‘go’

Nuair a bhíonn roinnt rialachán, airteagal, etc. in aon abairt amháin, úsáidtear ‘agus’ nó ‘go’ de réir na rialacha seo a leanas:

  1. suas go dtí trí uimhir, úsáid ‘agus’ agus scríobh gach uimhir:

    Rialacháin (AE) 2015/17, 2015/18 agus 2015/19 (gníomhartha leis an bhfearann céanna)

    Rialacháin (AE) 2015/17, 2015/18 agus 2015/19 agus (AE, Euratom) 2015/623 (gníomhartha le fearainn éagsúla)

    Airteagail 2, 3 agus 4

  2. níos mó ná trí uimhir:

    Rialacháin (AE) 2016/52 go 2016/56

    Airteagail 2 go 8

Seachnaítear an fleiscín i lua den saghas sin i ngach cás; má úsáidtear foirm ar nós Rialacháin (AE) 2016/52-2016/56 d’fhéadfaí 2016/52 agus 2016/56, nó 2016/52 go 2016/56 a thuiscint. Ar mhaithe le beachtas, mar sin, ní mór na foirmeacha ‘agus’ nó ‘go’ amháin a úsáid.

Tagairtí don Iris Oifigiúil

Féach Pointe 3.1.