5.9.2. Tagairtí do na Conarthaí

I gcás crostagairtí do na hairteagail sna Conarthaí, ní mór an-aird a thabhairt ar na céimeanna stairiúla éagsúla, go háirithe maidir le hathuimhriú an Chonartha ar an Aontas Eorpach.

I gcás crostagairtí do na hairteagail sna Conarthaí, ní mór an-aird a thabhairt ar na céimeanna stairiúla éagsúla, go háirithe maidir le hathuimhriú an Chonartha ar an Aontas Eorpach. Tar éis gach leasú ar na Conarthaí, coinneoidh na gníomhartha a bhí ann roimh an leasú sin an t-uimhriú bunaidh agus an teideal bunaidh.

Conradh Pharás (1952)
(síniú: 18.4.1951, teacht i bhfeidhm: 23.7.1952)

Bunaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC) le Conradh Pharás, a chuaigh in éag an 23 Iúil 2002.

Conarthaí na Róimhe (1958)
(síniú: 25.3.1957, teacht i bhfeidhm: 1.1.1958)

Bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) agus Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom, nó CEFA) le Conarthaí na Róimhe.

Conradh na Bruiséile (1967)
(síniú: 8.4.1965, teacht i bhfeidhm: 1.7.1967)

Bhí Conradh na Bruiséile, ar a dtugtar ‘an Conradh Comhcheangail’ freisin, dírithe ar nuachóiriú na n­institúidí Eorpacha agus ar Chomisiún aonair agus Comhairle aonair don trí Chomhphobal a bhí ann ag an am (CEGC, CEE agus Euratom) á bhunú. Aisghaireadh é le Conradh Amstardam.

Conradh Maastricht (1993)
(síniú: 7.2.1992, teacht i bhfeidhm: 1.11.1993)

Nuair a tháinig Conradh Maastricht, nó ‘an Conradh ar an Aontas Eorpach’ (Conradh AE nó CAE) i bhfeidhm, cuireadh an t-ainm ‘an Comhphobal Eorpach’ in ionad ‘Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa’. Leasaíodh Conradh CEE go Conradh CE.

I gConradh AE léiríodh na hairteagail le litreacha nó le litreacha agus le huimhreacha: ‘Airteagal A nó Airteagal K.1 de Chonradh AE’. Níorbh fholáir féachaint chuige gan tagairtí míchearta a úsáid, ar nós ‘Airteagal 130a den Chonradh ar an Aontas Eorpach’ ar thagairt do Chonradh CE í.

Ar an gcuma chéanna, níor úsáideadh an fhoirmle ‘arna leasú le Conradh AE’ (níorbh fholáir, mar shampla, ‘Airteagal 130a de Chonradh CE’ a úsáid de rogha ar ‘Airteagal 130a de Chonradh CE arna leasú le Conradh AE’).

Conradh Amstardam (1999)
(síniú: 2.10.1997, teacht i bhfeidhm: 1.5.1999)

De bhun Airteagal 12 de Chonradh Amstardam, rinneadh athuimhriú ar na hairteagail (Cuireadh Airteagal 1, 2, 3, etc. in ionad Airteagail A, B, C, etc.) agus léirítear sin i dtábla comhghaoil atá sa Chonradh sin.

tip:

Conradh Nice (2003)
(síniú: 26.2.2001, teacht i bhfeidhm: 1.2.2003)

Bhí Conradh Nice dírithe ar na hinstitiúidí a athchóiriú lena chinntiú go bhféadfadh an tAontas Eorpach leanúint ar aghaidh ag feidhmiú go héifeachtach tar éis an mhéadaithe go 25 Bhallstát.

Conradh Liospóin (2009)
(síniú: 13.12.2007, teacht i bhfeidhm: 1.12.2009)

De bhun Airteagal 5 de Chonradh Liospóin, rinneadh athuimhriú arís ar Chonradh AE, agus léirítear sin i dtábla comhghaoil atá i gceangal le Conradh Liospóin.

Rinneadh an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Conradh CE nó CCE) a leasú agus a athainmniú ‘an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)’.

Táthar tar éis an téarma ‘an tAontas Eorpach’, de réir bhír Chonradh CE, a chur in ionad ‘an Comhphobal Eorpach’. Dá bhrí sin, ní mór ‘an Aontais’ nó ‘de chuid an Aontais’ nó foirm eile iomchuí a chur in ionad na dtéarmaí ‘an Chomhphobail’ nó ‘de chuid an Chomhphobail’:

beartas an Aontais (in ionad beartas an Chomhphobail)

saoránach den Aontas (in ionad saoránach den Chomhphobal)

NB:

Glactar mar sin féin, le ‘Comhphobal’ agus leis an tuiseal ginideach i gcáil aidiachta ‘Chomhphobal/Chomhphobail’ a mhéid a bhaineann leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Conradh Euratom) agus úsáidtear é i dtagairtí stairiúla.