5.9.4. Tagairtí bibleagrafaíocha

Áirítear le tagairtí bibleagrafacha gnéithe éagsúla (amhail ainm an údair, teideal, foilsitheoir, áit an fhoilsithe agus bliain an fhoilsithe) a bhraitheann ar an gcineál acmhainne dá dtagraítear.

Áirítear le tagairtí bibleagrafacha gnéithe éagsúla a bhraitheann ar an gcineál acmhainn faisnéise dá dtagraítear agus ar an áit a n-úsáidtear í – i mbibleagrafaíocht, i bhfonóta nó sa téacs. Leanann cur i láthair na n-eilimintí tagartha (poncaíocht, formáidiú, etc.) an stíl chéanna i gcónaí, beag beann ar áit na tagartha. Maidir le hord na n-eilimintí, tá foirm shonrach ann le haghaidh tagairtí laistigh den téacs a leanann an córas tagartha ainm agus dáta.

Tagairt do shaothar iomlán

Ba cheart an t-ord eilimintí seo a leanas a ghlacadh, agus camóg idir gach eilimint ar leith:

  1. údar nó eagarthóir (léirítear ról an eagarthóra le ‘(ed.)’ nó ‘(eds)’):
    • údar corparáideach agus/nó
    • sloinne agus túslitir/túslitreacha nó céadainm an údair;
  2. teideal an tsaothair i gcló iodálach agus, i gcás inarb iomchuí, uimhir an eagráin;
  3. an foilsitheoir, áit an fhoilsithe (roghnach), bliain an fhoilsithe, etc.;

An Coimisiún Eorpach: Ard Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Treoirleabhar gairid ar an Aontas, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2023, https://data.europa.eu/doi/10.2775/247275.

An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí, Kotevska, B. agus Pavlou, V., Promotion of Gender Balance in Political Decision-making, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2023, https://data.europa.eu/doi/10.2838/749712.

Butcher, J., Drake, C. agus Leach, M., Butcher’s Copy-editing – The Cambridge handbook for editors, copy-editors and proofreaders, 4ú heagrán, Cambridge University Press, 2006, https://doi.org/10.1017/CBO9780511482106.

Parkinson Zamora, L. agus Faris, W. B. (eds), Magical Realism – Theory, history, community, Duke University Press, Durham, 1995.

Tagairt do chuid de shaothar (píosa nó caibidil)

Ba cheart an t-ord eilimintí seo a leanas a ghlacadh, agus camóg idir gach eilimint ar leith:

  1. teideal an phíosa nó na caibidle, laistigh de chomharthaí athfhriotail;
  2. eagarthóir an tsaothair, ‘in:’ roimhe, agus ‘(ed.)’ (nó ‘(eds)’) dá éis sin:
  3. teideal an tsaothair i gcló iodálach agus, i gcás inarb iomchuí, uimhir an eagráin;
  4. an foilsitheoir, áit an fhoilsithe, bliain an fhoilsithe (roghnach), leathanach/leathanaigh ábhartha, etc.;

Slemon, S., ‘Magic realism as postcolonial discourse’, in: Parkinson Zamora, L. agus Faris, W. B. (eds), Magical Realism – Theory, history, community, Duke University Press, Durham, 1995, lgh. 407‑426.

Tagairt do shraithfhoilseachán nó do chuid de shraithfhoilseachán

Ba cheart an t-ord eilimintí seo a leanas a ghlacadh, agus camóg idir gach eilimint ar leith:

  1. i gcás inarb iomchuí, teideal an ailt nó an eagráin iomláin, laistigh de chomharthaí athfhriotail;
  2. teideal an tsrathfhoilseacháin i gcló iodálach;
  3. an líon nó an dáta;
  4. an foilsitheoir (roghnach), áit an fhoilsithe (roghnach), bliain an fhoilsithe, leathanach/leathanaigh ábhartha, etc.;
  5. má tá sé ar fáil, aitheantóir seasmhach i bhfoirm URI, aitheantóir oibiachta digití mar shampla:

Coimisiún na gComhphobal Eorpach: an Ard-Stiúthóireacht um Ghnóthaí Eacanamaíocha agus Airgeadais, ‘Economic transformation in Hungary and Poland’, European Economy, Uimh. 43, Márta 1990, Oifig Foilseachán Oifigiúil na gComhphobal Eorpach, Lucsamburg.

NB:

Ón 1.7.2009: ‘Oifig Foilseacháin an Aontais Eorpaigh’. Déan cinnte go gcoinnítear an t-ainm bunaidh i bhfoilseacháin a eisíodh roimh an dáta sin.

Manley, S., Moslemzadeh Tehrani, P. agus Rasiah, R., ‘The (non-)use of African law by the International Criminal Court’, European Journal of International Law, Iml. 34, Eagrán 3, 2023, lgh. 555‑580, https://doi.org/10.1093/ejil/chad035.

Tagairt do litríocht liath (páipéir oibre, tuarascálacha, miontuairiscí cruinnithe, etc.)

Ba cheart an t-ord eilimintí seo a leanas a ghlacadh, agus camóg idir gach eilimint ar leith:

  1. teideal an doiciméid, laistigh de chomharthaí athfhriotail;
  2. uimhir an doiciméid/tagairt chláir;
  3. dáta an doiciméid;

An Coimisiún Eorpach, ‘Consultation on a monitoring framework for the 8th environment action programme’, Ares(2021)4555569, an 14 Iúil 2021, https://environment.ec.europa.eu/system/files/2021-07/Explanatory%20Note%208EAP%20Indicators.pdf.

NB:

Ní mheastar gur litríocht liath iad doiciméid a úsáidtear chun reachtaíocht an Aontais a ullmhú, amhail doiciméid COM nó SWD ón gCoimisiún (féach ‘Doiciméid ullmhúcháin’ ar EUR-Lex). Ba cheart tagairt a dhéanamh dóibh ar an gcaoi chéanna le doiciméid dhlíthiúla. Má fhoilsítear doiciméad den sórt sin mar fhoilseachán leictreonach nó clóite le haitheantóirí sannta, amhail DOI, baineann an riail maidir le saothar iomlán a lua.

Tagairt do thacar sonraí

Ba cheart an t-ord eilimintí seo a leanas a ghlacadh, agus camóg idir gach eilimint ar leith:

  1. teideal an tacair sonraí, laistigh de chomharthaí athfhriotail;
  2. uimhir leagain/eagráin (i gcás inarb iomchuí);
  3. foilsitheoir, murab eisean an t-údar;
  4. dáta an fhoilsithe:
    • dáta a cruthaíodh nó
    • má nuashonraíodh an fhoinse, dáta an nuashonraithe agus, idir lúibíní, dáta a cruthaíodh;
  5. dáta an lua (an dáta a bhfuarthas rochtain ar an bhfoinse);

An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta, ‘National Interoperability Framework Observatory (NIFO) – Digital public administration factsheets 2020’, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, an 1 Nollaig 2020, rochtain deiridh an 6 Nollaig 2023, https://doi.org/10.2906/100105103105116/1.

An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí, ‘Safety Gate (the EU rapid alert system – non-food)’, Leagan 0.1, an 14 Nollaig 2018 (arna chruthú an 1 Feabhra 2016), rochtain deiridh an 16 Meitheamh 2023, http://data.europa.eu/88u/dataset/rapex-rapid-alert-system-non-food.

Tagairt do leathanach gréasáin

Ba cheart an t-ord eilimintí seo a leanas a ghlacadh, agus camóg idir gach eilimint ar leith:

  1. teideal an leathanaigh gréasáin, laistigh de chomharthaí athfhriotail;
  2. teideal an tsuímh gréasáin;
  3. má tá siad ar fáil, dáta an fhoilsithe:
    • dáta a cruthaíodh nó
    • má nuashonraíodh an fhoinse, dáta an nuashonraithe agus, idir lúibíní, dáta a cruthaíodh;
  4. dáta an lua (an dáta a bhfuarthas rochtain ar an bhfoinse);

An Coimisiún Eorpach, ‘Statement by the European Commission following the fourth meeting of the EU–UK Joint Committee’, STATEMENT/20/1948, suíomh gréasáin an Choimisiún Eorpaigh, an 19 Deireadh Fómhair 2020, rochtain deiridh an 20 Meitheamh 2023, https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/statement_20_1948.

NB:

An riail maidir le leathanaigh ghréasáin a lua, ní bhaineann sí le foilseacháin i bhformáid HTML. Cé go bhfuil an chuma orthu gur leathanaigh ghréasáin iad, sainaithnítear iad le haitheantóirí idirnáisiúnta, lena n-áirítear aitheantóir oibiachta digití, agus ba cheart iad a lua i gcomhréir leis an riail maidir leis an gcineál foilseacháin i gceist (saothar iomlán, cuid de shaothar, etc.).

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Ról comhordúcháin na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí – Ag obair go héifeachtach den chuid is mó, ach tá roinnt laigí i mbainistíocht faisnéise, i soláthar foirne agus i dtuairisciú, Tuarascáil speisialta 02/2024, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2024, https://data.europa.eu/doi/10.2865/89786.

Tagairt do phostáil ar na meáin shóisialta

Ba cheart an t-ord eilimintí seo a leanas a ghlacadh, agus camóg idir gach eilimint ar leith:

  1. céannacht an údair ar na meáin shóisialta leis an ainm meán sóisialta roimhe mar aon le hidirstad, idir lúibíní;
  2. teideal nó ábhar (giorraithe) na postála, laistigh de chomharthaí athfhriotail;
  3. i gcás athphostála, ainm agus céannacht meán sóisialta an údair bunaidh;
  4. dáta an fhoilsithe;
  5. dáta an lua (an dáta a bhfuarthas rochtain ar an bhfoinse);

Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (Facebook: @Cordis_EU), ‘75 Results Packs publications, thematic collections of #H2020 #EUfunded research projects, offered on Cordis’, an 16 Samhain 2020, rochtain deiridh an 29 Lúnasa 2023, https://www.facebook.com/EUresearchResults/posts/1116540438853325.

Tagairtí laistigh den téacs

I gcás tagairtí laistigh den téacs baintear úsáid as sloinne an údair/ainm an údair chorparáidigh agus bliain an fhoilsithe, amhail ‘(Barrett, 1991)’.

I gcás ina bhfuil dhá fhoilseachán nó níos mó in aon bhliain amháin ó údar atá luaite, leanann ‘a’, ‘b’, ‘c’ etc., gan spás, amhail ‘(Barrett, 1991a)’.

… agus pléitear a thuilleadh sa doiciméad Guidance on energy transmission infrastructure and EU nature legislation (An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil, 2018a).

Sa chás sin, cuirtear an bhliain sa dara háit sna hiontrálacha sa leabharliosta, idir lúibíní, agus ní chuirtear san áit dheireanach ná san áit leathdheireanach iad:

An Coimisiún Eorpach (2018), ‘In-depth analysis in support of the Commission communication COM(2018) 773 – A clean planet for all – A European long-term strategic vision for a prosperous, modern, competitive and climate neutral economy’, an 28 Samhain, https://climate.ec.europa.eu/system/files/2018-11/com_2018_733_analysis_in_support_en.pdf.

An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil (2013), Guidelines on Wilderness in Natura 2000 – Management of terrestrial wilderness and wild areas within the Natura 2000 network, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, https://data.europa.eu/doi/10.2779/33572.

An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil (2018a), Guidance on energy transmission infrastructure and EU nature legislation, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, https://data.europa.eu/doi/10.2779/827210.

An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil (2018b), Guidance on the requirements for hydropower in relation to Natura 2000, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, https://data.europa.eu/doi/10.2779/43645.

An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil (2019), Managing Natura 2000 Sites – The provisions of Article 6 of the ‘Habitats’ Directive 92/43/EEC, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, https://data.europa.eu/doi/10.2779/02245.

Ginearálta

I dtagairtí do shaothair ó roinnt údar luaitear údair uile an tsaothair nuair atá cúig údar nó níos lú ann san iomlán (an t-údar corparáideach san áireamh), nó na chéad chúig údar agus ‘et al.’ nuair atá níos mó ná cúig údar i gceist san iomlán:

An Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí, Pirona, A., Atkinson, A., Sumnall, H. agus Begley, E., Health Responses to New Psychoactive Substances, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2016, https://data.europa.eu/doi/10.2810/536519.

Jakimovski, D., Grozdanovski, K., Rangelov, G., Pavleva, V., Banović, P. et al., ‘Cases of Crimean-Congo haemorrhagic fever in North Macedonia, July to August 2023’, Eurosurveillance, Iml. 28, Eagrán 34, 2023, https://data.europa.eu/doi/10.2807/1560-7917.ES.2023.28.34.2300409.

Ar mhaithe le simplíocht, is iad na gnáthfhocail ghiorraithe agus na gnáthchoimriúcháin a úsáidtear: lch., Iml., etc. (féach Iarscríbhinn A3). Ní mór gach nóta míniúcháin – uimhir an eagráin, áit an fhoilsithe, etc. – a bheith i nGaeilge.