6.1. Léamh na clóscríbhinne
Profléitheoirí Oifig na bhFoilseachán a léann tríd an lámhscríbhinn chun léargas foriomlán a fháil ar an saothar agus chun na seirbhísí údair a chur ar an eolas i gcás fadhbanna.
Tá cur síos i bPointe 4.2 ar na prionsabail a bhaineann le leagan amach na clóscríbhinne a fhaightear ón tseirbhís is údar.
Tar éis dóibh an chlóscríbhinn a fháil, léann profléitheoirí Oifig na bhFoilseachán í lena hullmhú sula gcuirtear chuig an gclódóir í.
Ní mór foramharc ar an saothar a bheith ag na profléitheoirí agus ní mór dóibh struchtúr an téacs a thuiscint ionas go bhféadfaidh siad na rialacha atá leagtha síos sa treoir stíle seo a chur i bhfeidhm. Is minic, áfach, a bhíonn orthu plé le roinn nó le leathanach ar leith, rud a fhágann nach mbíonn an foramharc sin acu.
Déanann na profléitheoirí aon fhadhbanna a thagann aníos ina gcuid oibre a chur in iúl don tseirbhís is údar.
(Féach freisin Pointí 4.1.2 agus 4.1.3.)