6.3. Comharthaí a úsáidtear i gceartúchán profaí
Cuirtear an chéad chruthúnas i gcomparáid leis an lámhscríbhinn agus léirítear aon cheartúcháin is gá le marcanna cruthúnais-cheartúcháin.
Déanann an clódóir, is cuma cén modh clódóireachta atá i gceist, na chéad phrofaí a chur chuig a chliant ionas go bhféadfaidh an cliant caighdeán an chló-eagair a sheiceáil. Bíonn ar na profléitheoirí an chlóscríbhinn agus an profa a chur i gcomparáid le chéile agus na ceartúcháin is gá a dhéanamh.
Ionas go mbeidh na ceartúcháin chomh soiléir agus is féidir, ní mór úsáid a bhaint as na gnáthchomharthaí ceartúcháin (féach an tábla thíos).
Ní mór na ceartúcháin a chur taobh leis an téacs, agus iad in ord cuí: ó dheas go clé, nuair is sa chiumhais chlé atá siad le cur, agus ó chlé go deas i gcás na ciumhaise deise. Ní mór gach nóta tráchta lámhscríofa a bheith soiléir, go huile agus go hiomlán inléite agus gan bhotún. Ná dearmadtar go bhféadfadh sé nach dtuigfeadh an té a chuirfidh na ceartúcháin i bhfeidhm sa chlólann an teanga ina bhfuil an téacs.
