6.4. Marcanna poncaíochta próiseálaithe focal, agus spásáil
Tá marcanna poncaíochta agus spásáil bunaithe ar chomhaontuithe idirinstitiúideacha, ar chóid chlóghrafacha náisiúnta agus ar chomhchaighdeáin ilteangacha sheanbhunaithe.
Toradh ar chomhaontú idirinstitiúideach atá sna rialacha atá leagtha amach sa tábla thíos. I gcásanna áirithe, ní hionann na marcanna clóghrafacha náisiúnta agus na marcanna thíos. Sa saothar seo, ar mhaithe le simpliú agus ós rud é gur institiúidí ilteangacha institiúidí an Aontais Eorpaigh, rinneadh roinnt athruithe chun teacht ar chaighdeán coiteann.
Marc clóghrafach | Mar a fheictear an marc i bpróiseálaí focal (Word etc.) |
Cód alfa-uimhriúil | Mar a fheictear an marc (clódóir agus foilsitheoireacht deisce) | |
---|---|---|---|---|
(a) Marcanna poncaíochta agus marcanna speisialta | ||||
(1) | , | xx, xx | xx,xx (00,00) | |
; | xx; xx | xx;xx | ||
(1) | . | xx. Xx | xx.Xx (00.00) | |
: | xx: xx | xx:xx | ||
! | xx! Xx | xx!Xx | ||
? | xx? Xx | xx?Xx | ||
- | xx-xx | xx-xx | ||
— | xx — xx | Alt 0151 | xx—xx | |
/ | xx/xx | xx/xx | ||
( ) | xx (xx) xx | xx(xx)xx | ||
[ ] | xx [xx] xx | xx[xx]xx | ||
(2) | ‘ ’ | xx ‘xx’ xx | Alt 0145 xx Alt 0146 | xx‘xx’xx |
(2) | “ ” | xx “xx” xx | Alt 0147 xx Alt 0148 | xx“xx”xx |
% | 00●% | 00% | ||
(3) | + | +●00 | +00 | |
− | −●00 | Alt 0150 | –00 | |
± | ±●00 | Alt 241 | ±00 | |
°C (°F) | 00●°C | 00°C | ||
° | 00° | 00° | ||
& | xx & xx | xx&xx | ||
… | xx … xx | Alt 0133 nó Ctrl-Alt-lánstad (.) | xx…xx | |
(b) An tagairt d’fhonóta agus fonótaí | ||||
(4) | xx(10) | xx●(10) (úsáidtear mód ‘fonóta’) | xx(10) |
Úsáidtear an chamóg dheachúil san Iris Oifigiúil agus i dtéacsanna ilteangacha. I dtéacsanna Gaeilge, seachas na cinn a fhoilsítear san Iris Oifigiúil, úsáidtear an pointe deachúil. Féach freisin Pointe 6.5.
Má chuireann an bogearra ar do chumas idirdhealú a dhéanamh idir comharthaí athfhriotail tosaigh agus comharthaí athfhriotail deiridh, úsáidtear iad san fhoirm atá ag teastáil, i.e. comharthaí singile nó dúbailte de réir mar is iomchuí. Féach freisin Pointí 4.2.3 (comharthaí athfhriotail) agus 5.10. (an phoncaíocht sna luanna).
Eisceacht: in uimhreacha gutháin (féach Pointe 9.3), cuirtear an comhartha ‘+’ gan aon spás ina dhiaidh roimh réamhuimhir tíre (+32 2202020).
Tá roinnt mhaith próiseálaithe focal ann nach gcuireann an figiúr idir lúibíní nuair a chruthaítear fonótaí go huathoibríoch tar éis marc fonóta a chur isteach. I gcás doiciméid atá críochnaithe, ní mór iad a chur isteach (is é an clódóir a dhéanfaidh sin i gcás atá le foilsiú).
= spás bog.
= leathspás crua (spás caol).
● = spás crua (spás cosanta) (ná húsáidtear spás crua (spás cosanta) ach sna hionaid atá luaite; i ngach cás eile úsáidtear spás bog).