7.2.1. Ord leaganacha teanga agus ord na gcód ISO (Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán) (téacsanna ilteangacha)
Cuirtear na teangacha in ord aibítre bunaithe ar a dteideal foirmiúil ina leagan bunaidh scríofa.
Riail ghinearálta
Cuirtear na teangacha in ord aibítre bunaithe ar a dteideal foirmiúil ina leagan bunaidh scríofa. Is iad na cóid ISO 639‑1 atá i bhfeidhm, cód alpha-2, na cóid a úsáidtear.
Tá an t‑ord seo riachtananch, mar shampla, maidir le teideal foilseacháin ar leathanach cumhdaigh ilteangach, seicheamh teangacha i bhfoilseacháin ilteangacha, leathanach baile agus rogha teangacha ar shuíomh greasáin ilteangach, etc.
Níor cheart ord na leaganacha teanga a mheascadh leis an ord chun teangacha a liostú (féach Pointe 7.2.2).
| Teideal sa teanga fhoinseach(1) | Teideal i nGaeilge | Cód ISO(2) |
|---|---|---|
| Български(3) | Bulgáiris | bg |
| español(4) | Spáinnis | es |
| čeština | Seicis | cs |
| dansk | Danmhairgis | da |
| Deutsch | Gearmáinis | de |
| eesti keel | Eastóinis | et |
| ελληνικά(5) | Gréigis | el |
| English | Béarla | en |
| français | Fraincis | fr |
| Gaeilge | Gaeilge | ga |
| hrvatski | Cróitis | hr |
| italiano | Iodáilis | it |
| latviešu valoda | Laitvis | lv |
| lietuvių kalba | Liotuáinis | lt |
| magyar | Ungáiris | hu |
| Malti | Máltais | mt |
| Nederlands | Ollainnis | nl |
| polski | Polainnis | pl |
| português | Portaingéilis | pt |
| română | Rómáinis | ro |
| slovenčina (slovenský jazyk) | Slóvaicis | sk |
| slovenščina (slovenski jezik) | Slóivéinis | sl |
| suomi | Fionlainnis | fi |
| svenska | Sualainnis | sv |
Túslitir i gcás uachtair nó i gcás íochtair: déan aithris ar fhoirm an teidil sa teanga fhoinseach.
Is i gcás íochtair a scríobhtar litreacha na gcód ISO le haghaidh teangacha; mar sin féin, scríobhtar i gceannlitreacha freisin iad ar chúiseanna léirithe chlóghrafaigh.
Traslitriú Laidine: български = bulgarski.
I Spáinnis, mar gheall ar iarraidh ó na húdaráis Spáinneacha, cuirtear an téarma lengua española nó español in ionad an téarma castellano. Is é castellano ainm oifigiúil na teanga, ach is chun an áit ar an liosta a shainiú a úsáidtear an téarma agus chuige sin amháin.
Traslitriú Laidine: ελληνικά = elliniká.
Seachas ag tús abairte, ná cuirtear ceannlitir ar an bhfocal ‘an’, i.e. ‘an Ghaeilge’.
Cuirtear an riail seo i bhfeidhm go daingean i leaganacha críochnaitheacha na gConarthaí agus na gcomhaontuithe (ar leathanaigh na sínithe).
Cásanna speisialta
I gcás doiciméid ilteangacha a eisítear ar an leibhéal náisiúnta de bhun téacsanna a ghlac an Chomhairle (pas, cárta sláinte Eorpach), is gnách an t‑ord a chinneadh don chás ar leith sin le gníomh ón gComhairle. Is do na teangacha is forleithne sna Ballstáit iad féin a thugtar tús áite, ar an gcaoi seo de ghnáth:
- teanga náisiúnta;
- Béarla;
- Fraincis;
- teangacha eile san ord a chuirtear in iúl sa tábla thuas.