7.2.2. Liostú teangacha i dtéacs (téacsanna aonteangacha)
Sa téacs, liostaítear teangacha in ord aibítre i gcónaí i dteanga an fhoilsithe, agus dá bhrí sin athraíonn siad de réir an leagain teanga.
Sa téacs, athraíonn an t-ord le haghaidh teangacha a liostú de réir leagan teanga. I bhfoilseacháin i nGaeilge, liostaítear teangacha in ord aibítre na Gaeilge, mar a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, Ungáiris.
Má bhíonn comhaontú scríofa i dteanga tríú tír nach teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh í, tagann teangacha an Aontais roimh an teanga réamhluaite ar chúiseanna prótacail.
Tarraingíodh suas an comhaontú seo i mBéarla, i bhFraincis, i nGearmáinis, in Iodáilis agus in Araibis.