7.2.3. Eolas faoi na teangacha ina bhfuil foilseachán ar fáil

Úsáidtear foirmlí éagsúla agus leaganacha teanga d’fhoilseacháin i gcatalóga á liostú.

Nuair a liostaítear leaganacha teanga d'fhoilseachán (mar shampla, i gcatalóga na bhfoilseachán), is inmholta na foirmlí seo a leanas a úsáid (de réir na rialach i bPointe 7.2.1.):

BG/ES/CS/DA/DE/ET/EL/EN/FR/GA/HR/IT/LV/LT/HU/MT/NL/PL/PT/RO/SK/SL/FI/SV
nó aon pháirt-teaglaim
Foilsítear an téacs san imleabhar céanna i ngach teanga a luaitear.
BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV
nó aon pháirt-teaglaim
Foilsítear an téacs in imleabhar aonair i ngach teanga a luaitear.
BG-ES-CS-DA-DE-ET-EL-EN-FR-GA-HR-IT-LV-LT-HU-MT-NL-PL-PT-RO-SK-SL-FI-SV
nó aon pháirt-teaglaim
Foilsítear téacsanna éagsúla san imleabhar céanna i roinnt de na teangacha a luaitear.
NB:

Is i gcás íochtair a scríobhtar litreacha na gcód ISO le haghaidh teangacha; mar sin féin, scríobhtar iad i gceannlitreacha freisin ar chúiseanna léirithe chlóghrafaigh.