7.3.1. An euro agus an cent

Is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear i bhformhór an Aontais Eorpaigh; Is é a fho-aonad an cent.

An euro

An euro
I gcomhréir leis na conclúidí a d’eisigh an Chomhairle Eorpach i Maidrid i Nollaig 1995, is é an euro an t-airgeadra aonair (fo­aonad: an cent; siombail: ; cód ISO: EUR).

An limistéar euro

Is é an téarma ‘an limistéar euro’ an téarma oifigiúil don ghrúpa tíortha a ghlac an euro mar a n-airgeadra aonair. Seachnaítear gach téarma eile.

Euro agus ECU

An 1 Eanáir 1999, cuireadh an euro in ionad an ECU ag an ráta aon ar aon (Rialachán (CE) Uimh. 1103/97 ón gComhairle (IO L 162, 19.6.1997, lch. 1 (en)); féach freisin Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle (IO L 139, 11.5.1998, lch. 1 (en))). Ní mór an giorrúchán ECU a úsáid do thagairtí stairiúla don ECU (i.e. na tagairtí roimh 1999).

An cent

An cent
Mar phrionsabal, úsáidtear an téarma ‘cent’ i ngach teanga oifigiúil san Aontais Eorpach. É sin ráite, ní chuireann an prionsabal sin cosc ar théarmaí eile a úsáid a úsáidtear go coitianta sna Ballstáit (i gcomhréir le haithris 2 de Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle an 3 Bealtaine 1998 (en)).

Úsáidtear an téarma ‘cent’ i dtéacsanna institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (ní mór an téarma ‘cent’ a úsáid i ngach téacs dlíthiúil).