7.3.2. Ord na n-airgeadraí agus ord na gcód ISO

Úsáidtear cóid ISO 4217 le giorrúcháin airgeadaíochta.

Úsáidtear cóid ISO 4217 le giorrúcháin airgeadaíochta (féach Iarscríbhinn A7 agus láithreán na gníomhaireachta cothabhála).

Airgeadraí na mBallstát

Nuair a liostaítear airgeadraí na mBallstát, cuirtear an euro ag tús an liosta sin agus giorrúcháin na n­airgeadraí eile i ndiaidh an euro in ord aibítre a gcóid airgeadra (cóid ISO 4217).

Cód ISO Ainm oifigiúil
EUR euro
BGN lev (iolra: leva)
CZK koruna na Seicia (iolra: koruny na Seicia)
DKK krone na Danmhairge (iolra: kroner na Danmhairge)
HUF forint
PLN zloty (iolra: zlotys)
RON leu na Rómáine (iolra: lei na Rómáine)
SEK krona na Sualainne (iolra: kronor na Sualainne)

Airgeadraí eile

Ar chúiseanna prótacail, cuirtear airgeadraí eile i ndiaidh airgeadraí na mBallstát agus liostaítear iad de réir na gcritéar céanna, i.e. de réir ord aibítre a gcóid airgeadra (cóid ISO 4217). Baineann an riail chéanna le liosta airgeadraí gcorp an téacs más rud é nach bhfuil aon chritéir rangaithe eile i gceist.

Cód ISO Ainm oifigiúil
CAD dollar Cheanada
CHF franc na hEilvéise
JPY yen
USD dollar na Stát Aontaithe

Féach Iarscríbhinn A7 le haghaidh liosta na gcód airgeadra.

Airgeadraí níos sine

Cuireadh an euro in ionad airgeadraí na mBallstát seo a leanas:

Cód ISO Ainm oifigiúil
ATS schilling na hOstaire
BEF franc na Beilge
CYP punt na Cipire
DEM mark na Gearmáine
EEK kroon na hEastóine (iolra: kroonid na hEastóine)
ESP peseta na Spáinne
FIM markka na Fionlainne (iolra: markkaa na Fionlainne)
FRF franc na Fraince
GRD drachma (iolra: drachmae)
HRK kuna
IEP an punt Éireannach
ITL lira na hIodáile (iolra: lire na hIodáile)
LTL litas (iolra: litai)
LUF franc Lucsamburg
LVL lats (iolra: lati)
MTL lira Mhálta (iolra: liri Mhálta)
NLG guilder na hÍsiltíre
PTE escudo na Portaingéile
SIT tolar (iolra: tolars)
SKK koruna na Slóvaice (iolra: koruny na Slóvaice)

Airgeadraí na dtíortha is iarrthóirí

Cód ISO Tír Ainm oifigiúil
ALL an Albáin lek
BAM an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin marg in­chomhshóite
EUR Montainéagró euro
GEL an tSeoirsia lari
MDL an Mholdóiv leu na Moldóive (iolra: lei)
MKD an Mhacadóin Thuaidh denar (iolra: denars)
RSD an tSeirbia dinar na Seirbia
TRY an Tuirc lira na Tuirce
UAH an Úcráin hryvnia