7.3.3. Rialacha maidir le haonaid airgeadaíochta a chur in iúl

Is féidir aonaid airgeadaíochta a shloinneadh trína n-ainm, a gcód ISO nó a gcomhartha a úsáid.

Cathain a úsáidtear an t-ainm

Más ag tagairt d’aonad airgeadaíochta ar shlí ghinearálta atáthar agus nach luaitear suim leis, scríobhtar amach i bhfocail é, ach amháin i dtáblaí (féach ‘Cathain a úsáidtear an cód ISO’):

suim in euro

suim i bpunt steirling

Cathain a úsáidtear an cód ISO

I dtéacs

Nuair a bhíonn suim ag dul leis an aonad airgeadaíochta, úsáidtear an cód ISO ‘EUR’ le spás crua (spás cosanta) agus an tsuim i bhfigiúirí ina dhiaidh:

Is é EUR 12 500 an tsuim atá ag teastáil.

Tugtar faoi deara go raibh difríocht EUR 1 500 ann.

I dtáblaí

Nuair a bhíonn aonad amháin i gceist do thábla iomlán, cuirtear an cód ISO agus aon iolraitheoir idir lúibíní os cionn an tábla ar an taobh deas. Úsáidtear cló iodálach:

(EUR)

(milliún EUR)

(billiún EUR)

info:
Gníomhartha dlíthiúla — An Iris Oifigiúil

Euro

I dtéacsanna Gaeilge a fhoilsítear san Iris Oifigiúil, ní mór an cód ISO ‘EUR’ a úsáid agus suimeanna a chur i bhfigiúirí:

EUR 10 000

EUR 1 000 000 (ní cheadaítear EUR 1 mhilliún)

Airgeadraí eile

Maidir le hairgeadraí eile a luaitear i dtéacsanna Gaeilge, nuair a ghabhann suim leis an aonad airgeadaíochta, úsáidtear an cód ISO atá ábhartha don airgeadra agus cuirtear spás crua (spás cosanta) agus an tsuim i bhfigiúirí ina dhiaidh:

Fuarthas suim GBP 300 agus caitheadh suim GBP 250.

info:
An Chúirt Iniúchóirí

I dtéacsanna don Chúirt Iniúchóirí, cuirtear na suimeanna i ndiaidh an airgeadra agus litrítear é:

caiteachas 15 000 euro

Cathain a úsáidtear an comhartha euro (€)

Úsáidtear an comhartha euro i ngrafaicí amháin. Is féidir é a úsáid, áfach, i dtéacsanna móréilimh agus i bhfoilseacháin fógraíochta (e.g. catalóga díolachán) agus i bpreaseisiúintí chomh maith. I gcórais próiseála focal, is féidir an comhartha euro a fháil nuair a bhrúitear eochair Alt na láimhe clé agus 0128 ag an am céanna. Is féidir na sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcomhartha euro a íoslódáil ó shuíomh gréasáin euro an Choimisiúin (https://european-union.europa.eu/institutions-law-budget/euro).

NB:

I ndoiciméid a chruthaítear leis an gcód HTML, ní mór an leagan amach deireanach agus an chumraíocht dheireanach a chur san áireamh. Ní bhíonn aon fhadhb leis na téacsanna a chruthaítear leis an gcód Unicode. I dtéacsanna níos sine a cruthaíodh le cóid ISO 8859, fágfaidh cód HTML ‘€’ go mbeidh an comhartha euro ar an scáileán ach d’fhéadfadh sé a bheith ar iarraidh nuair a phriontáiltear é. (Sáraítear an fhadhb sin trí íomhá nó a úsáid don chomhartha euro.) Moltar duit gan an comhartha euro a úsáid i dtéacsanna a théann trí phróiseas táirgeachta agus a chuirfear ar shuíomhanna inlín nó idirlín go huathoibríoch. Baintear úsáid as an gcód ISO ‘EUR’ sa chás sin.

Ionad an chóid ISO (EUR) i suimeanna

Cuirtear spás crua (spás cosanta) agus an tsuim i ndiaidh an chóid ISO ‘EUR’:

suim EUR 30

NB:

Baineann an riail chéanna leis an mBéarla agus leis an Máltais. I ngach teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais Eorpaigh cuirtear spás crua (spás cosanta) agus an cód ISO ‘EUR’ i ndiaidh na suime:

une somme de 30 EUR

Ionad an chomhartha euro (€) i suimeanna

Cuirtear an tsuim i ndiaidh an chomhartha euro gan aon spás crua (spás cosanta) eatarthu:

suim €30

NB:

Baineann an riail chéanna leis an mBéarla, leis an Máltais agus leis an Ollainnis. I ngach teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais Eorpaigh cuirtear spás crua (spás cosanta) agus an comhartha euro i ndiaidh na suime:

une somme de 30 €

Leis na focail ‘milliún’ agus ‘billiún’

Is féidir na foirmeacha seo a leanas a úsáid nuair a dhéantar tagairt do mhilliúin nó billiúin:

  • na huimhreacha go léir:

    EUR 10 000 000

  • na focail ‘milliún’ nó ‘billiún’:

    EUR 10 milliún

    EUR 25 bhilliún

  • i dteidil táblaí (idir lúibíní, de ghnáth):

    milliún EUR, billiún GBP

    m EUR, bn GBP

    10 milliún EUR, 10 mbilliún GBP

    10 m EUR, 10 bn GBP

NB:

Ná húsáidtear na foirmeacha m EUR agus bn EUR ach amháin nuair nach bhfuil dóthain spáis ann chun na focail a scríobh amach.

Na focail ‘milliún’ agus ‘billiún’ le deachúlacha

Nuair a bhítear ag plé le sonraí buiséadacha, moltar duit na foirmeacha seo a leanas a úsáid:

  • suas go dtí trí ionad dheachúlacha, cloítear leis an aonad cuí:

    1.326 billiún (ná scríobhtar 1 326 mhilliún)

  • níos mó ná trí ionad dheachúlacha, baintear úsáid as an aonad is lú:

    1 326.1 milliún (ná scríobhtar 1.3261 billiún)

Tá sé níos éasca, mar sin, na huimhreacha a léamh agus comparáid a dhéanamh eatarthu.