8. Fonótaí agus a dtagairtí

Is iondúil go gcuirtear fonótaí ag bun an leathanaigh chomhfhreagraigh. Is féidir iad a uimhriú go leanúnach ar fud an doiciméid nó iad a atosú ar gach leathanach.

Go hiondúil, cuirtear na fonótaí ag bun an leathanaigh chuí. Úsáidtear carachtair níos lú sna fonótaí ná mar a úsáidtear i gcorp an téacs (difríocht dhá phointe eatarthu de ghnáth). Scartar na fonótaí ó chorp an téacs trí líne ghearr agus spás os a cionn a úsáid.

De ghnáth, uimhrítear na fonótaí go leanúnach ó leathanach go leathanch agus cuirtear ag bun an leathanaigh chuí iad, cé gur féidir an t-uimhriú a atosú ar gach leathanach freisin. I gcásanna áirithe, féadfar nótaí a ghrúpáil ag deireadh na caibidle nó ag deireadh an imleabhair, mar chríochnótaí.

San Iris Oifigiúil, uimhrítear na fonótaí go leanúnach. Nuair a ghabhann iarscríbhinní nó foscríbhinn le doiciméad, atosaítear uimhriú na bhfonótaí ag tús gach iarscríbhinne nó foscríbhinne.

I gcás fonótaí comhionanna, d’fhoilseacháin seachas an Iris Oifigiúil, úsáidtear an fhoirmle ‘féach nóta x, leathanach y’ seachas na téarmaí idem nó ibidem a d’fhéadfadh mearbhall a chur ar dhaoine. Atáirgfidh an profléitheoir an fonóta ina iomláine nó cuirfidh sé nó sí an t-uimhriú ceart sa phrofa.

San Iris Oifigiúil, atáirgtear téacs fonótaí comhionanna ina iomláine gach uair a luaitear iad.

Cuirtear lánstad ag deireadh fonótaí i gcónaí.