8.1. Tagairtí d’fhonótaí

Is féidir tagairtí d’fhonótaí a thaispeáint mar fhigiúirí, mar réiltíní agus mar litreacha, agus is ionann iad i ngach leagan teanga.

Úsáidtear an fhormáid chéanna i ngach teanga sna tagairtí d’fhonótaí; is féidir na foirmeacha seo a leanas a úsáid agus tagairt á déanamh d’fhonótaí:

  • figiúr i bhforscript idir lúibíní (níl na lúibíní i bhforscript)s. Cuirtear spás caol roimh an bhfigiúr agus cuirtear aon phoncaíocht is gá ina dhiaidh:

    Tá tagairtí don Rialachán ón gCoimisiún(1) le feiceáil freisin sa teachtaireacht ón gComhairle(2); ach níl sé i dtéacs na Cúirte Breithiúnais(3).

    Chun sonraí iomlána a fháil, féach staidéar an chonraitheora sheachtraigh (‘an staidéar’)(1).

    Sa chomhairliúchán poiblí, dúirt go leor páirtithe leasmhara go raibh an cur chuige ‘róchasta’(2).

  • réiltín idir lúibíní le spás caol roimhe agus an phoncaíocht is gá ina dhiaidh; úsáidtear an comhartha sin le haghaidh nóta i dtéacs a ndéantar tagairt dó níos mó ná uair amháin agus a mbíonn an bhrí chéanna leis i gcónaí:

    0154030

    Cuiríní (iad dubh, dearg agus bán)

    0,01(*)

    2(*)

    0154040

    Spíonáin (iad glas, dearg agus buí)

    0,01(*)

    0,1(*)

    0154050

    Mogóirí róis

    0,01(*)

    0,01(*)

    0154060

    Maoildearga (iad dubh agus bán)

    0,01(*)

    0,01(*)

    (*)

    Léiríonn an íosteorainn an chinnidh anailísigh.

    NB:

    San Iris Oifigiúil, úsáidtear réiltíní i ngníomhartha leasaitheacha chun fonótaí a léiriú sa téacs atá á leasú. Déantar na fonótaí sin a fhormáidiú mar ghnáththéacs, i.e. ní úsáidtear feidhm an fhonóta agus ní bhíonn na réiltíní i bhforscríbhinn. Cuirtear na fonótaí faoin téacs leasaithe.

    Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 mar a leanas:

    1. leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

      1. cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

        ‘(a)

        i gcás bia a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II mar gheall ar an riosca éillithe a d’fhéadfadh a bheith ann ó mhíceatocsainí, lena n-áirítear aflatocsainí, déanfar an tsampláil agus na hanailísí i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2782 ón gCoimisiún (*);

        (*)

        Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2782 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2023 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú a dhéanamh ar na leibhéil míceatocsainí i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 401/2006 (IO L, 2023/2782, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2782/oj).’;

      2. scriostar pointe (d);
  • húsáidtear litir forscripte sa chás íochtair ach amháin i dtáblaí. Déantar é seo chun earráidí agus mearbhall a sheachaint sna táblaí ina n-úsáidtear figiúirí i gcló an-bheag:

    Códuimhir Grúpaí agus samplaí de tháirgí aonair a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo (a) Feanbúconasól (an tsuim d’eanantaiméirí comhábhartha) Peanconasól (an tsuim d’isiméirí comhábhartha) (F)

    (1)

    (2)

    (3)

    (4)

    0100000

    TORTHAÍ, iad ÚR nó REOITE; CNÓNNA CRANN

    (a)
    Chun liosta iomlán na dtáirgí ar de bhunadh ainmhíoch agus plandaí iad a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart Iarscríbhinn I a cheadú.

Cuirtear tagairt d’fhonóta (na lúibíní san áireamh) i ngnáthchló rómhánach (fiú má tá an téacs nó an teideal scríofa i gcló iodálach nó i gcló trom).

Nuair a bhíonn tagairt d’fhonóta i dtábla, ní mór an nóta a chur laistigh den tábla sin.

tip:

Fonótaí agus a dtagairtí: an téacs a ullmhú/treoracha clóscríbhneoireachta:

féach Pointe 4.2.3.