8.2. Ord na bhfonótaí
Tá ord na bhfonótaí agus na n-eilimintí eile ag bun an leathanaigh mar an gcéanna i ngach leagan teanga.
I ngach leagan teangatá ord na bhfonótaí mar an gcéanna i ngach leagan teanga go teoiriciúil.
I dtáblaí, graif, etc., cuirtear na cineálacha éagsúla nótaí i láthair in ord áirithe. Liostaítear na fonótaí atá marcáilte le réiltín ar dtús, agus na fonótaí uimhrithe ina dhiaidh sin. Féadfar NB nó foinse/foinsí a chur ina ndiaidh, scartha ó na fonótaí le spásáil líne atá beagán níos mó ná an spásáil idir na fonótaí:
Cinneadh eatramhach ón gCoimisiún.
Tagann na praghsanna sin ó laghdú uasta a chur i bhfeidhm.
Méadaítear an praghas sin le préimh speisialta don bhliain mhargaíochta reatha.
NB: Figiúirí sealadacha.
Foinse: An Coimisiún Eorpach, AS na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe.