9.1.1. Seoltaí: prionsabail ghinearálta

De ghnáth, is í an fhormáid idirnáisiúnta a úsáidtear i gcónaí i bhfoilseacháin institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Is cúram deacair agus casta é anailís a dhéanamh ar na bealaí a scríobhtar seoltaí de bharr go bhfuil córais éagsúla i bhfeidhm i ngach tír. Chomh maith leis sin, ní hionann leagan amach seoltaí le haghaidh an phoist náisiúnta agus an phoist idirnáisiúnta. De ghnáth, is í an fhormáid idirnáisiúnta a úsáidtear i gcónaí i bhfoilseacháin institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Chun mionsonraí ar leagan amach na seoltaí a fháil, féach ar shuíomhanna gréasáin éagsúla na seirbhísí náisiúnta poist. Tá naisc chuig na suíomhanna seo le fáil ar shuíomh gréasáin an Aontais Poist Uilechoitinn (UPU) (https://www.upu.int/en/Postal-Solutions/Programmes-Services/Addressing-Solutions).

Déanann an tAontas Poist Uilechoiteann roinnt moltaí ginearálta freisin, ach i gcás fhoilseacháin na n­institiúidí Eorpacha tá srian breise le cur san áireamh, is é sin an mbaineann an foilseachán le doiciméid aonteangacha nó le doiciméid ilteangacha.

Teangacha agus carachtair a úsáidtear

Ní mór an chuid sin den seoladh a luann an tír is ceann scríbe a scríobh de réir mholtaí na tíre is seoltóir (i dteanga na tíre is seoltóir nó i dteanga atá inaitheanta go hidirnáisiúnta más féidir).

Ní mór ainm na tíre is ceann scríbe a thabhairt i gceannlitreacha ar an líne dheireanach den seoladh.

De bhrí nach bhfuil na moltaí náisiúnta ag teacht le chéile maidir le húsáid ceannlitreacha ar an líne dheireanach/an dara líne dheireanach/an tríú líne dheireanach, socraítear an leagan amach a chomhoiriúnú: is é ainm na tíre amháin i a scríobhtar gceannlitreacha.

Má úsáideann an tír is ceann scríbe aibítir seachas an aibítir rómhánach, nó más baolach go mbeadh doiléire áirithe ag baint le hainm na tíre sin a bheith scríofa ina teanga náisiúnta amháin, ni mór ainm na tíre sin agus ainm an bhaile fiú a scríobh arís i dteanga atá inaitheanta go hidirnáisiúnta chun fadhbanna a sheachaint le linn idirthuras trí thíortha eile.

Ní mór don chuid eile den seoladh a bheith ag teacht le moltaí na tíre is ceann scríbe.

Cóid phoist

Tá na cóid phoist a d’úsáidtí roimhe seo chun an post idirnáisiúnta a aistriú (cóid shonracha i gcás na hEorpa ag teacht as moladh ó Chomhdháil Eorpach na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide in 1965, agus cóid ISO 3166 alfa-2 le haghaidh tíortha eile) tarraingthe siar, nó modhnaithe in go leor tíortha.

An 1 Aibreán 2024, níl ann ach seacht mBallstát de chuid an AE a úsáideann cód tíre fós: an Chróit (HR), an Chipir (CY), an Laitvia (LV), an Liotuáin (LT), Lucsamburg (L), an Fhionlainn (FI) agus an tSualainn (SE).

NB:

I gcás na Laitvia, tagann an cód i ndiaidh ainm an bhaile, móide camóg agus spás:

Riga, LV-1073

Níor cheart an cód tíre a d’úsáidtí roimhe seo a úsáid i gcás na mBallstát eile. Sa Ghearmáin, mar shampla, d’fhéadfadh an t-inneall sórtála poist moill a chur ar phost má tá an cód tíre a d’úsáidtí roimhe seo luaite air.

tip:

Le haghaidh tuilleadh eolais ar chóid phoist sna Ballstáit a fháil, féach Pointe 9.1.5.