9.1.2. Seoltaí i ndoiciméid aonteangacha

I gcás téacsanna aonteangacha, tá feidhm ag rialacha agus moltaí éagsúla maidir leis an bpost chuig tíortha a úsáideann an aibítir Rómhánach, chuig tíortha nach Ballstáit den Aontas iad nach n-úsáideann an aibítir Rómhánach agus chuig Ballstáit a úsáideann an aibítir Choireallach nó an aibítir Ghréagach.

tip:

Má leagtar amach seoltaí agus an struchtúr céanna in úsáid i ngach leagan teanga den fhoilseachán (mar shampla i dtábla ina bhfuil liosta seoltaí atá ar an leathanach céanna i ngach leagan de, úsáidtear na rialacha atá i bhfeidhm maidir le foilseacháin ilteangacha (féach Pointe 9.1.3).

Post a bhfuil a cheann scríbe i dtír a úsáideann an aibítir rómhánach

I saothair aonteangacha de chuid institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, is iondúil go dtugtar na seoltaí i dteanga an fhoilseacháin nó i dteanga na tíre as a bhfuiltear ag seoladh. Is fíor é seo go háirithe i gcás ainmneacha bailte agus tíortha:

Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh sa Phortaingéil
Ionad Jean Monnet
1069-068 Liospóin
AN PHORTAINGÉIL

Féadtar freisin, áfach, an t-eolas a thagann roimh ainm an bhaile agus ainm na tíre a thabhairt i dteanga na tíre is ceann scríbe; is fearr an leagan amach sin a úsáid mar tá sé níos soiléire do sheirbhísí poist na tíre is ceann scríbe:

Comissão Europeia
Representação em Portugal
Largo Jean Monnet
1069-068 Liospóin
AN PHORTAINGÉIL

D’fhonn fadhbanna a sheachaint le linn idirthuras trí thír eile, moltar ainm na tíre is ceann scríbe (agus ainm an bhaile freisin fiú) a chur leis an seoladh i dteanga atá inaitheanta go hidirnáisiúnta. Mar shampla, i gcás post a sheoltar ón bPolainn go dtí an Ghearmáin:

Herrn E. Muller
Goethestr. 13
22767 Hamburg
NIEMCY/GERMANY

I saothair i mBulgáiris agus i nGréigis, scríobhtar seoltaí i gcarachtair rómhánacha, i dteanga na tíre is ceann scríbe más féidir nó i mBéarla ina éagmais sin.

Post a bhfuil a cheann scríbe i dtríú tír nach n-úsáideann an aibítir rómhánach

I gcás post a chuirtear chuig tríú tír a úsáideann aibítir eile (an tSeapáin, an tSín, tíortha a úsáideann aibítir na hAraibise, etc.), scríobhtar an seoladh, seoladh na tíre go háirithe, i dteanga atá inaitheanta go hidirnáisiúnta (i mBéarla go minic); féadtar an chuid sin den seoladh a bhaineann leis an tsráid a scríobh san aibítir rómhánach:

European Commission
Representation in Beijing
15 Dong Zhi Men Wai Daije, Sanlitun
100600 Beijing
CHINA

Post a bhfuil a cheann scríbe i mBallstát den Aontas nach n-úsáideann an aibítir rómhánach (an Bhulgáir, an Ghréig agus an Chipir)

I saothair Ghaeilge, tugtar seoltaí ar phost a bhfuil a cheann scríbe sa Bhulgáir, sa Ghréig nó sa Chipir i gcarachtair rómhánacha (agus ainm na sráide traslitrithe ó Bhéarla más gá).

Ionadaíocht an Choimisiúin
Eorpaigh sa Bhulgáir
Moskovska 9
1000 Sóifia
AN BHULGÁIR

Ionadaíocht an Choimisiúin
Eorpaigh sa Ghréig
Vassilissis Sofias 2
106 74 an Aithin
AN GHRÉIG

Ionadaíocht an Choimisiúin
Eorpaigh sa Chipir
Iris Tower, 8th Floor
Agapinoros 2
CY-1076 an Niocóis
AN CHIPIR

I saothair i mBulgáiris agus i nGréigis, ní mór ainm an bhaile agus ainm na tíre a chur leis i gcarachtair rómhánacha (traslitriú Béarla).

Европейска комисия
Представителство
в България
ул. „Московска“ № 9
1000 София/Sofia
БЪЛГАРИЯ/BULGARIA

Ευρωπαϊκή Επιτροπή
Αντιπροσωπεία
στην Ελλάδα
Βασιλίσσης Σοφίας 2
106 74 Αθήνα/Athens
ΕΛΛΑΔΑ/GREECE

Ευρωπαϊκή Επιτροπή
Αντιπροσωπεία
στην Κύπρο
Iris Tower, 8ος όροφος
Αγαπήνωρος 2
CY-1076 Λευκωσία/Nicosia
ΚΥΠΡΟΣ/CYPRUS

Cás ar leith: réigiún na Bruiséile

I saothair de chuid institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, leagtar amach seoltaí le haghaidh post a bhfuil a cheann scríbe i réigiún dátheangach na Bruiséile de réir na rialacha seo a leanas:

Saothair aonteangacha i bhFraincis nó in Ollainnis

Fraincis
(seoltaí in FR amháin)

Conseil de l’Union européenne
Rue de la Loi 175
1048 Bruxelles
BELGIQUE

Ollainnis
(seoltaí in NL amháin)

Raad van de Europese Unie
Wetstraat 175
1048 Brussel
BELGIË

Saothair aonteangacha i dteanga eile de chuid an Aontais Eorpaigh

D’fhéadfaí an chéad chuid den seoladh a scríobh i bhfoirm dhátheangach nó i dteanga amháin — moltar teanga atá inaitheanta go hidirnáisiúnta. Caithfear ainm na sráide, an bhaile agus na tíre a scríobh sa dá theanga oifigiúla.

Conseil de l’Union européenne/
Raad van de Europese Unie
Rue de la Loi/Wetstraat 175
1048 Bruxelles/Brussel
BELGIQUE/BELGIË

Council of the European Union
Rue de la Loi/Wetstraat 175
1048 Bruxelles/Brussel
BELGIQUE/BELGIË

Seoltaí i dtíortha ina labhraítear Fraincis

Sa Bheilg, sa Fhrainc agus i Lucsamburg, leagtar amach ainm agus uimhir na sráide bunaithe ar phrionsabail éagsúla agus ba cheart aird a thabhairt ar na prionsabail sin.

AN BHEILG
Rue de la Source 200

Ainm na sráide roimh an uimhir (gan chamóg)

AN FHRAINC
24 rue de l’Allée-au-Bois

An uimhir roimh ainm na sráide (gan chamóg)

LUCSAMBURG
2, rue Mercier

An uimhir roimh ainm na sráide (le camóg)