9.1.3. Seoltaí i ndoiciméid ilteangacha

I gcás téacsanna ilteangacha, ní féidir liostaí seoltaí a chur le chéile ach uair amháin ionas go mbeidh siad comhchuibhithe agus comhsheasmhach.

I saothair ilteangacha de chuid institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, is gnách liosta seoltaí a chur le chéile aon uair amháin ionas go mbeidh siad comhleanúnach.

NB:

I saothair aonteangacha, má leagtar amach seoltaí agus an struchtúr céanna in úsáid i ngach leagan teanga (mar shampla i dtábla ina bhfuil liosta seoltaí atá ar an leathanach céanna den fhoilseachán i ngach leagan de) úsáidtear na rialacha atá i bhfeidhm maidir le foilseacháin ilteangacha.

Ballstáit an Aontais Eorpaigh

I gcás Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, leagtar amach gach seoladh sa bhunteanga, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

  • i gcás na Beilge, tugtar seoltaí i bhFraincis agus in Ollainnis (cuireadh comhaontú i gcrích le húdaráis na Beilge nach n-áireofaí an leagan Gearmáinise, tríú teanga náisiúnta na tíre, sa seoladh),
  • i gcás na Bulgáire, na Gréige agus na Cipire, tugtar seoltaí uair amháin i gcarachtair na bunaibítre agus uair amháin i gcarachtair rómhánacha (traslitriú Béarla). I gcás leaganacha i gcarachtair na Bulgáirise agus na Gréigise, tugtar ainm an bhaile agus ainm na tíre i gcarachtair rómhánacha freisin (traslitriú Béarla),
  • i gcás na hÉireann, tugtar seoltaí i nGaeilge agus i mBéarla,
  • i gcás Mhálta, tugtar seoltaí, i Máltais agus i mBéarla,
  • i gcás na Fionlainne, tugtar seoltaí i bhFionlainnais agus i Sualainnis.
tip:

Tugtar sampla de liosta ilteangach le haghaidh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i bPointe 9.1.4.

Tríú tíortha

I gcás tríú tíortha a úsáideann aibítir eile (an tSín, an tSeapáin agus tíortha a úsáideann aibítir na hAraibise, etc.), ní mór seoltaí a thraslitriú go teanga a úsáideann an aibítir rómhánach. Luaitear ainm na tíre, agus ainm an bhaile fiú, i dteanga de chuid an Aontais Eorpaigh atá inaitheanta go hidirnáisiúnta, i mBéarla de ghnáth.