9.1.5. Seoltaí sna Ballstáit: tréithe sonracha

Bíonn cóid phoist éagsúla ag na Ballstáit – cóid tíre, spásanna nó fleiscíní a bheith ann – agus bíonn an teanga is ceart a úsáid le haghaidh na seoltaí i saothar ag brath ar thosca éagsúla.

Cóid phoist, Eircode agus cóid tíre

Déantar cur síos beacht sa tábla seo thíos ar struchtúr na gcód atá le húsáid i ngach Ballstát.

Tír Cód Poist/
Eircode(1)
Cód tíre Tráchtaí
an Bheilg 4 fhigiúr
an Bhulgáir 4 fhigiúr
an tSeicia 5 fhigiúr Tá spás idir an tríú figiúr agus an ceathrú figiúr. Tá dhá spás idir an cód poist agus ainm an bhaile.
An Danmhairg 4 fhigiúr
an Ghearmáin 5 fhigiúr Ní chuirtear cód tíre (D- nó DE-) roimh an gcód poist riamh. Má dhéantar amhlaidh, d’fhéadfadh an t-inneall moill a chur ar shórtáil an phoist.
an Eastóin 5 fhigiúr
Éire 7 gcarachtar alfa-uimhriúla
(Eircode)
Tugtar, más féidir, cód an cheantair i gcás Bhaile Átha Cliath.
Ní mór an Eircode a chur ar líne ar leith os cionn ainm na tíre.
an Ghréig 5 fhigiúr Tá spás idir an tríú figiúr agus an ceathrú figiúr.
an Spáinn 5 fhigiúr Cuirtear isteach ainm an chúige i ndiaidh ainm an bhaile ar líne nua — féach an liosta ar shuíomh gréasáin an Aontais Poist Uilechoitinn (EN).
an Fhrainc 5 fhigiúr
an Chróit 5 fhigiúr HR Ní mór ‘HR-’ a chur roimh an gcód poist.
an Iodáil 5 fhigiúr Cuirtear isteach giorrúchán an chúige i ndiaidh ainm an bhaile — féach an liosta ar shuíomh gréasáin an Aontais Poist Uilechoitinn (EN).
an Chipir 4 fhigiúr CY Ní foláir ‘CY-’ a chur roimh an gcód poist.
an Laitvia 4 fhigiúr
(ar dheis)
LV Ní foláir ‘LV-’ a chur roimh an gcód poist. Cuirtear ar dheis ó ainm an bhaile é, agus camóg eatarthu.
an Liotuáin 5 fhigiúr LT Ní mór ‘LT-’ a chur roimh an gcód poist.
Lucsamburg 4 fhigiúr L Ní mór ‘L-’ a chur roimh an gcód poist.
an Ungáir 4 fhigiúr Ní mór ainm na sráide a chur faoi ainm an bhaile. Ní foláir an cód poist a chur ar líne faoi leith, idir ainm an bhaile agus ainm na tíre.
Málta 3 litir +
4 fhigiúr
Ní mór an cód poist a chur faoi ainm an bhaile agus spás a chur idir na litreacha agus na figiúirí.
an Ísiltír 4 fhigiúr +
2 litir
Tá spás idir na figiúirí agus na litreacha. Tá dhá spás idir an cód poist agus ainm an bhaile.
an Ostair 4 fhigiúr
an Pholainn 5 fhigiúr Tá dais idir an tríú figiúr agus an ceathrú figiúr.
an Phortaingéil 7 bhfigiúr Tá dais idir an ceathrú figiúr agus an cúigiú figiúr.
an Rómáin 6 fhigiúr
an tSlóivéin 4 fhigiúr
an tSlóvaic 5 fhigiúr Tá spás idir an tríú figiúr agus an ceathrú figiúr.
an Fhionlainn 5 fhigiúr FI Ní mór ‘FI-’ a chur roimh an gcód poist (nó ‘AX-’ d'Óileáin Åland).
an tSualainn 5 fhigiúr SE Ní mór ‘SE-’ a chur roimh an gcód poist. Tá spás ann idir an tríú figiúr agus an ceathrú figiúr.
(1)

Úsáidtear an cód poist sin chun a léiriú cén chuid de chathair a bhfuil an seoladh ann. Maidir le Eircode, a tugadh isteach in Éirinn i mí Iúil 2015, is córas é sin a shannann cód uathúil do gach uile sheoladh ar leith sa tír, idir ghnólachtaí agus áiteanna cónaithe.

NB:

Ar chúiseanna praiticiúla (ar mhaithe le haonfhoirmeacht sna leaganacha teanga ar fad), is in ord prótacail a rinneadh an liosta.

Barúlacha eile

Tá dhá theanga oifigiúla nó níos mó ag roinnt Ballstát (an Bheilg, Éire, Málta agus an Fhionlainn) a úsáidtear mar theangacha oibre sna hinstitiúidí Eorpacha. (Cé go bhfuil an Ghréigis agus an Tuircis ina dteangacha oifigiúla ag an gCipir, is í an Ghréigis amháin a úsáidtear mar theanga oibre sna hinstitiúidí Eorpacha.) Tugtar faoi deara i gcás na Beilge, ag teacht as comhaontú le húdaráis na Beilge, nach n­áirítear an leagan Gearmáinise den seoladh i bhformáid ilteangach an tseolta. Le haghaidh gach ceann de na Ballstáit seo a leanas, úsáidtear dhá theanga oifigiúla agus seoltaí á scríobh: Fraincis agus Ollainnis i gcás na Beilge; Gaeilge agus Béarla i gcás na hÉireann; Máltais agus Béarla i gcás Mhálta; agus Fionlainnis agus Sualainnis i gcás na Fionlainne.

Ní mór carachtair faoi leith a chur san áireamh i gcás roinnt tíortha (an Bhulgáir, an Ghréig/an Chipir).

Braitheann an chaoi a scríobhtar seoltaí ar phost a bhfuil a cheann scríbe in aon cheann de thíortha an dá ghrúpa seo ar theanga nó ar theangacha an fhoilseacháin agus cé acu an saothar aonteangach nó saothar ilteangach é.

Seoltaí ar phost a bhfuil a cheann scríbe sa Bheilg, in Éirinn, i Málta nó san Fhionlainn

Saothair aonteangacha

  • Saothair i dteanga amháin de theangacha oifigiúla na tíre is ceann scríbe: de ghnáth, bíonn na seoltaí sa teanga sin amháin.
  • Saothair i dteanga eile de chuid an Aontais Eorpaigh: bíonn na seoltaí in dhá theanga oifigiúla na tíre is ceann scríbe (mar atá i gcás na saothar ilteangach).

Saothair ilteangacha

Tugtar seoltaí in dhá theanga oifigiúla na tíre is ceann scríbe.

Seoltaí ar phost a bhfuil a cheann scríbe sa Bhulgáir, sa Ghréig nó sa Chipir

Saothair aonteangacha

  • Saothair i mBulgáiris nó i nGréigis: bíonn na seoltaí i dteanga an fhoilseacháin ach cuirtear leo ainm an bhaile agus ainm na tíre i mBéarla.
  • Saothair i dteangacha eile de chuid an Aontais Eorpaigh: bíonn na seoltaí i gcarachtair rómhánacha (le traslitriú d’ainm na sráide, mar shampla, más gá).

Saothair ilteangacha

Tugtar seoltaí sa Bhulgáiris nó sa Ghréigis agus cuirtear leo ainm an bhaile agus ainm na tíre i mBéarla. Tugtar an seoladh iomlán i gcarachtair rómhánacha freisin (traslitriú Béarla).