9.2. Seoltaí leictreonacha

Tugtar seoltaí leictreonacha isteach leis an téarma ‘Ríomhphost’ nó ‘Idirlíon’, agus idirstad ina dhiaidh sin.

Tugtar an t-eolas maidir le seoltaí leictreonacha anseo thíos.

  • ‘ríomhphost:’ (úsáidtear idirstad):

    ríomhphost: ainm.sloinne@ec.europa.eu

  • ‘idirlíon:’ (úsáidtear idirstad):

    idirlíon: https://europa.eu

Ar mhaithe le comhchuibhiú, ní dhéantar an giorrúchán URL a chur roimh sheoladh leictreonach a thuilleadh.

Féadtar seoltaí leictreonacha a thabhairt le fios freisin gan an réamhthagairt, go háirithe má tá an spás teoranta:

ainm.sloinne@ec.europa.eu

https://www.europarl.europa.eu

NB:

I gcás seoltaí idirlín, is inmhianta an prótacal aistrithe a choimeád (http://, https://, ftp:// etc.), go háirithe chun cumraíocht cheart na nasc a áirithiú agus leathanaigh idirlín á n-íoslódáil.