9.3. Uimhreacha teileafóin
Ar mhaithe leis an tsimplíocht, chomhaontaigh údaráis an Aontais Eorpaigh leagan amach aonfhoirmeach maidir le gach teanga de chuid an Aontais Eorpaigh.
Rialaítear na bealaí a scríobhtar uimhreacha teileafóin le caighdeáin éagsúla idirnáisiúnta a eisíonn an tAontas Teileachumarsáide Idirnáisiúnta (moltaí ITU-T E.122, E.123 agus E.126 go príomha).
Sa ghnáthúsáid, áfach, cruthaíonn na cleachtais seo deacrachtaí éagsúla, go háirithe na cleachtais sin a bhaineann leis na foirmeacha atá molta mar leagan amach. Ar mhaithe leis an tsimplíocht, chomhaontaigh údaráis an Aontais Eorpaigh leagan amach aonfhoirmeach maidir le gach teanga de chuid an Aontais Eorpaigh, faoi réir na bprionsabal seo a leanas:
- An uimhir a thabhairt ina foirm idirnáisiúnta.
- Comhartha suimithe ‘+’ (gan spás ina dhiaidh) a chur roimh an gcód diailithe ag tabhairt le fios go bhfuil gá leis an réimír le haghaidh glaonna idirnáisiúnta.
- I ndiaidh an chóid idirnáisiúnta diailithe móide spás amháin, leagtar amach an uimhir iomlán, an cód réigiúnach san áireamh más ann dó, in aon bhloc amháin:
+33 140633900
- Scartar uimhir fo-líne ón bpríomhuimhir le fleiscín. Ná cuirtear spásanna idir digití na huimhreach fo-líne. Bíonn siad in aon bhloc amháin:
+32 222020-43657
Le haghaidh glaonna náisiúnta, ní mór an uimhir idirnáisiúnta a mhodhnú de réir na gcleachtas is deireanaí atá i bhfeidhm in eagraíocht teileachumarsáide na tíre (e.g. réimír áitiúil a chur isteach idir an cód idirnáisiúnta agus an uimhir theileafóin féin). De bharr na socruithe éagsúla náisiúnta a bheith á bhforbairt de shíor, leagtar amach uimhreacha teileafóin ina bhformáid idirnáisiúnta i gcónaí i bhfoilseacháin institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh.
Uimhreacha teileafóin i ngrúpaí
Nuair a thugtar níos mó ná uimhir theileafóin amháin, scartar ó chéile iad le tulslais agus spás ar gach aon taobh de:
+33 140633900 / 140678900 / 140123456
Nuair a scríobhtar uimhreacha comhleanúnacha i modh giorraithe, úsáidtear tulslais gan spásanna. Úsáidtear fleiscín chun tús na coda den uimhir atá athraitheach a léiriú san fhoirm chéanna agus a dhéantar i gcás uimhreacha fo-líne (féach an ceathrú pointe thuas):
+33 1406339-00/01/02
Focail a chuirtear roimh uimhreacha teileafóin
Baintear feidhm as na comharthaí seo a leanas chun uimhreacha teagmhála a thabhairt le fios.
- ‘Teil.’ nó ‘teil.’ (le lánstad ach gan idirstad),
- ‘Facs’ nó ‘facs’ (gan lánstad agus gan idirstad),
- ‘Teiléacs’ nó ‘teiléacs’ (gan idirstad),
- ‘Fón póca’ nó ‘fón póca’ (gan idirstad).
Mar mhalairt air sin, féadtar feidhm a bhaint as siombail ghrafach:
+33 1406339-00/01/02
Ná húsáidtear an téarma ‘GSM’ le haghaidh ‘fón póca’. Is cleachtas amháin é GSM i measc go leor cleachtais eile (GPRS, UMTS, etc.).
Is eisceacht í uimhir ‘Europe Direct’ agus ní leanann sí na rialacha thuasluaite. Scríobhtar an uimhir mar a leanas:
00 800 6 7 8 9 10 11