9.4. Saothair a lua agus tagairtí don Iris Oifigiúil

Gach uair a luaitear saothair sa leabharliosta ní mór na heilimintí a liostú san ord céanna agus an leagan amach céanna a bheith ann, leagan amach atá ar aon dul le chéile sna leaganacha teanga ar fad.

Saothair a lua

Le haghaidh rialacha mionsonraithe, féach Pointe 5.9.4.

Tagairtí don Iris Oifigiúil

Féach Pointe 3.1.

Úsáidtear an fhoirm seo a leanas freisin i bhfoilseacháin na Cúirte Breithiúnais nach bhfoilsítear san Iris Oifigiúil:

IO L, 2023/2387

IO C, C/2023/90

NB:

Maidir le tagairtí roimh an 1 Deireadh Fómhair 2023, nuair a tugadh isteach foilsiú ar bhonn gníomh ar ghníomh san Iris Oifigiúil, úsáidtear na foirmeacha seo a leanas:

  • Go dtí an 31 Nollaig 1967:

    IO 1963 190, lch. 3077

  • Ón 1 Eanáir 1968 go dtí an 31 Meán Fómhair 2023:

    IO 2009 L 195, lch. 1

    IO 2010 C 48, lch. 14