9.5.1. Na hinstitiúidí agus na comhlachtaí

Ní mór na hinstitiúidí agus na comhlachtaí a liostú de réir an oird prótacail.

Ní mór na hinstitiúidí agus na comhlachtaí a liostú de réir an oird prótacail.

Sa liosta thíos tugtar na teidil oifigiúla de réir an oird prótacail ón 1 Nollaig 2009 (dáta theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin). Sa tábla a leanann an liosta, tugtar an teideal ba cheart a úsáid de réir an fhoilseacháin chomh maith leis an ngiorrúchán ábhartha agus suíomh na hinstitiúide nó an chomhlachta.

(a) Na hinstitiúidí

info:
Tabhair faoi deara na difríochtaí idir na trí Chomhairle

San Aontas Eorpach

An Chomhairle Eorpach

Tagann na Ceannairí Stáit nó Rialtais (an tUachtarán nó an Príomh-Aire) agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh le chéile, i bprionsabal, ceithre huaire in aghaidh na bliana. Tugtar ‘cruinnithe mullaigh’ ar na cruinnithe seo freisin. Is í an Chomhairle Eorpach a leagann síos treoirlínte polaitiúla ginearálta an Aontais.

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Tagann Airí na mBallstát le chéile go rialta laistigh de Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Is iad na hAirí a bhíonn i láthair ná na hAirí a bhfuil an fhreagracht orthu maidir leis an ábhar a bhíonn á phlé acu ag an gcruinniú. Is í príomhchomhlacht an Aontais í maidir le cinntí a dhéanamh agus leis an reachtaíocht Eorpach a chinneadh.

Lasmuigh den Aontas Eorpach

Comhairle na hEorpa

Is eagraíocht idir-rialtasach í agus ní institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh í.

(b) Comhlacht beartais eachtraigh

(c) Comhlachtaí comhairleacha

(d) Comhlachtaí eile

Table 1. Na hinstitiúidí agus na comhlachtaí: na teidil dhifriúla
Ainm fada Ainm gearr(1) Giorrúchán Suíomh na hoifige
Parlaimint na hEorpa an Pharlaimint PE Strasbourg(2)
an Chomhairle Eorpach an Bhruiséil
Comhairle an Aontais Eorpaigh an Chomhairle
NB:

Gnáthainm:

  • Comhairle na nAirí
  • Comhairle [na nAirí] … e.g. talmhaíocht: Comhairle [na nAirí] Talmhaíochta
an Bhruiséil
an Coimisiún Eorpach an Coimisiún an Bhruiséil(3)
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (institiúid) an Chúirt Bhreithiúnais CBAE Lucsamburg
  • an Chúirt Bhreithiúnais (céim)
an Chúirt Lucsamburg
  • an Chúirt Ghinearálta
Lucsamburg
an Banc Ceannais Eorpach an Banc Ceannais Eorpach BCE Frankfurt am Main
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa(4)

San Iris Oifigiúil: an Chúirt Iniúchóirí

an Chúirt Iniúchóirí, an Chúirt Lucsamburg
an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí SEGS an Bhruiséil
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an Coiste CESE(5) an Bhruiséil
Coiste Eorpach na Réigiún(6)

San Iris Oifigiúil, Sraith L: Coiste na Réigiún

an Coiste an Bhruiséil
an Banc Eorpach Infheistíochta an Banc BEI Lucsamburg
an tOmbudsman Eorpach an tOmbudsman Strasbourg(7)
an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí an Maoirseoir Eorpach, an Maoirseoir MECS an Bhruiséil
an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí an Bord Eorpach, an Bord EDPB an Bhruiséil
Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh OIPE Lucsamburg
an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála Búcairist
(1)

Ná húsáidtear an fhoirm ghiorraithe ach amháin nuair a bhíonn sé soiléir cén institiúid atá i gceist (go háirithe ‘Cúirt’ agus ‘Coiste’). Ní mór an fhoirm fhada a úsáid nuair a luaitear an t-ainm den chéad uair.

(2)

Is é Strasbourg suíomh na Parlaiminte. Tionóltar seisiúin bhreise na Parlaiminte sa Bhruiséil. Is é Lucsamburg suíomh na hArdrúnaíochta.

(3)

Is í an Bhruiséil suíomh an Choimisiúin ach tá cuid dá sheirbhísí lonnaithe i Lucsamburg.

(4)

Úsáidtear ‘Cúirt Iniúchóirí na hEorpa’ de ghnáth. I gcomhthéacs dlíthiúil úsáidtear an teideal oifigiúil ‘Cúirt Iniúchóirí an Aontais Eorpaigh’ (roimh 1.12.2009: ‘Cúirt Iniúchóirí na gComhphobal Eorpach’). Is annamh a fheictear an teideal seo, áfach, sna téacsanna. San Iris Oifigiúil úsáidtear an fhoirm ghearr ‘an Chúirt Iniúchóirí’.

(5)

Ná húsáidtear Ecosoc ná an fhoirm ghearr ‘an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta’ ná an giorrúchán CES.

(6)

Is é ‘Coiste Eorpach na Réigiún’ an gnáthainm a úsáidtear. Ní mór ‘Coiste na Réigiún’, an t-ainmniú oifigiúil a úsáid i dtéacsanna dlíthiúla agus i Sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(7)

Is ag suíomh Pharlaimint na hEorpa atá suíomh an Ombudsman Eorpaigh.