9.5.3. Eagraíochtaí díláraithe (gníomhaireachtaí)
Bunaítear eagraíochtaí díláraithe (gníomhaireachtaí) le sainghníomh reachtach agus sanntar cúraimí áirithe dóibh.
Bunaítear eagraíochtaí díláraithe (gníomhaireachtaí) le sainghníomh reachtach agus sanntar cúraimí áirithe dóibh.
De ghnáth, liostaítear na heagraíochtaí in ord aibítre theanga an fhoilseacháin.
Níl ach an t‑aon ghiorrúchán amháin ann do na teangacha uile.
I bprionsabal, is é an gníomh tagartha an gníomh bunaitheach. Má rinneadh ‘athmhúnlú’ nó ‘códú’ ar ghníomh bunaitheach, nó má rinneadh é a aisghairm agus a ionadú le gníomh nua, is é an gníomh modhnaithe sin an bunghníomh nua (agus ansin tugtar an gníomh bunaitheach bunaidh idir lúibíní mar mheabhrúchán).
Is iad seo a leanas na cineálacha éagsúla modhnúcháin.
- ‘Ceartúchán’, ‘gníomh leasaitheach’ (nó eile): modhnúcháin ar an mbunghníomh maidir leis an ainm, an giorrúchán nó an suíomh.
- ‘Scríbhinn leasaithe’: maidir leis an gcomhlacht i gceist, rinneadh leasú ar an scríbhinn a úsáideadh sa rialachán chun cloí le coinbhinsiúin na scríbhneoireachta idirinstitiúidí, go háirithe leis na rialacha a bhaineann le cás uachtair agus le cás íochtair (agus le comhaontú ó dhlí-theangeolaithe na Comhairle, níl ceartúchán de dhíth).
Féach freisin Cinneadh 2004/97/CE, Euratom an 13 Nollaig 2003 maidir le suíomh oifigí agus gníomhaireachtaí áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 29, 3.2.2004, lch. 15; en)).
Gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála
| Ainm | Giorrúchán | Suíomh na hoifige | Gníomh tagartha (gníomh bunaidh)(1) |
|---|---|---|---|
| Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint | ESDC | an Bhruiséil | IO L, 2024/3116, 10.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3116/oj (IO L 194, 26.7.2005, lch. 15 (en)) |
| an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint | GEC | an Bhruiséil | IO L 266, 13.10.2015, lch. 55 (en) (IO L 245, 17.7.2004, lch. 17 (en)) |
| Institiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála | EUISS | Páras | IO L 41, 12.2.2014, lch. 13 (en) (IO L 200, 25.7.2001, lch. 1 (en)) |
| Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh | Satcen | Torrejón de Ardoz | IO L 188, 27.6.2014, lch. 73 (en) (IO L 200, 25.7.2001, lch. 5 (en)) |
I bprionsabal, is é an gníomh tagartha an gníomh bunaitheach. Má rinneadh ‘athmhúnlú’ ar ghníomh bunaitheach nó ‘códú’ de ghníomh bunaitheach, nó má rinneadh é a aisghairm agus a ionadú le gníomh nua, is é an gníomh modhnaithe sin an bunghníomh nua (agus ansin tugtar an gníomh bunaitheach bunaidh idir lúibíní mar mheabhrúchán).