Eolas faoin suíomh gréasáin

Read about the Interinstitutional Style Guide website and its features.

Is suíomh gréasáin idirinstitiúideach é seo, atá á bhainistiú ag Oifig na bhFoilseachán agus á óstáil ar Thairseach OP. Úsáideann sé cuid de na feidhmeanna atá ar fáil ar an tairseach, go háirithe an fhéidearthacht logáil isteach agus fógraí a chur i bhfeidhm. Cumasaíonn sé freisin úsáid a bhaint as leabharmharcanna pearsanta agus socruithe pearsanta.

Tá an suíomh sofhreagrach, rud a chiallaíonn gurb éasca céanna é a úsáid ar tháibléad nó ar fhón póca agus ar ríomhaire glúine nó ar ríomhaire deisce. Féach, mar shampla, tábla na dtíortha agus na gcríoch in Iarscríbhinn A5.

Tá sé mar aidhm ag an suíomh gréasáin a bheith inrochtana agus is féidir é a úsáid le teicneolaíochtaí cúnta, cuir i gcás léitheoirí scáileáin. Tá obair ar siúl ar bhonn leanúnach chun inrochtaineacht an ábhair a fheabhsú.

Eisíodh an suíomh gréasáin nua i mí an Mheithimh 2024. Má tá naisc agat fós chuig an seansuíomh gréasáin, is féidir leat iad a nuashonrú trí úsáid a bhaint as ‘redirections list’ (liosta na n‑atreoruithe, íoslódáiltear comhad Excel). Tá na sean‑URLanna agus na URLanna nua comhfhreagracha i ngach ceann de na 24 theanga sa chomhad.

Leabharmharcanna

Trí chliceáil ar ‘Leabharmharcanna a bhainistiú’ osclaítear fuinneog ar a dtaispeántar liosta leabharmharcanna molta. Logáil isteach chun do chuid leabharmharcanna féin a chur leis. Ansin is féidir iad a athainmniú, fillteáin a chruthú agus iad a tharraingt agus a scaoileadh chun an t‑ord a athrú.

Amharc dátheangach

Is féidir amharc dátheangach a fháil sna chéad trí chuid, rud atá ar fáil do gach leagan teanga. Ní féidir é sin a dhéanamh sa cheathrú cuid toisc gur ábhar teangashonrach atá sa chuid sin. Eisiatar na hiarscríbhinní ón amharc dátheangach freisin toisc go n‑athraíonn an méid atá iontu ó theanga go teanga nó go mbíonn sé leagtha amach in ord aibítre de réir na teanga.

Leis an amharc dátheangach, is féidir leat an riail choibhéiseach nó an t-eolas coibhéiseach a aimsiú go héasca i dteanga eile.

Ní gá ach cliceáil ar an gcnaipe gorm ‘Amharc dátheangach’.

Is féidir leat aon dá theanga a thaispeáint taobh le taobh. Cliceáil ar an ‘×’ chun filleadh ar an leathanach a thosaigh tú air.

Barra uirlisí

Ón mbarra uirlisí ar thaobh na láimhe clé is féidir teacht ar an ábhar atá á lorg agat go héasca tríd an gclár ábhair, an cuardach agus an t‑innéacs. Tá formáidí eile den treoir stíle ar fáil, mar aon le socruithe.

Ag an mbun a bhíonn an barra uirlisí le feiceáil i gcónaí ar tháibléad nó ar fhón póca.

Clár

Cliceáil ar dheilbhín an chláir sa bharra uirlisí chun rochtain a fháil ar chodanna éagsúla na treorach stíle. Osclófar an roghchlár anuas, gné a chabhraíonn leat nascleanúint a dhéanamh go díreach chuig an rannán atá uait.

Is féidir teacht ar an gclár iomlán ar leathanach amháin freisin tríd an nasc ‘Clár leathnaithe’ sa bhuntásc.

Cuardach

Sa bhosca cuardaigh, moltar téarmaí réamhshainithe chun torthaí a bheachtú, rud a fhágann go bhfuil sé níos éasca an t-eolas atá uait a aimsiú.

Innéacs

Tá liosta aibítreach na n-eochairfhocal úsáideach chun rochtain thapa a fháil ar an ábhar sonrach atá á chuardach agat. Is féidir leat scagadh a dhéanamh de réir eochairfhocail freisin.

Leaganacha PDF

Ón mbarra uirlisí, is féidir leat an PDF a chruthaítear gach uair a dhéantar an suíomh gréasáin a nuashonrú, a oscailt. Féadfaidh tú féachaint air ar líne, áit a n‑osclóidh sé ar an leathanach ar a bhfuil tú ag breathnú sa bhrabhsálaí. De rogha air sin, is féidir é a íoslódáil go díreach.

Ina theannta sin, uair sa bhliain nó tar éis nuashonruithe móra, cruthófar leagan PDF atá deartha le haghaidh priontála. Is eagrán ar leith den treoir stíle é gach leagan PDF a chruthaítear, dá bhfuil aitheantóirí iomlána aige ar féidir teacht air ar shuíomh gréasáin Oifig Foilseachán an Aontais. Tá na leasuithe ar fad i gcomparáid leis an eagrán is déanaí (an 20 Aibreán 2026) marcáilte glas ar shuíomh gréasáin na treorach stíle.

Socruithe

Sna socruithe, is féidir leat an cur síos téacs ar an mbarra uirlisí a cheilt, an barra uirlisí a bhogadh ar dheis agus filleadh ar an áit a raibh tú an uair dheireanach a thug tú cuairt ar an suíomh gréasáin.

Buntásc

Tá naisc chuig an nuachtlitir, an clár leathnaithe agus Ceisteanna Coitianta le fáil sa bhuntásc freisin.

Fógraí

Féadfaidh tú fógraí a chruthú ó leathanach nuachta an tsuímh gréasáin, le go gcuirfear ar an eolas thú go laethúil nó go seachtainiúil faoi mhodhnuithe nó faoi nuacht eile.

Cuntas úsáideora

Agus tú ag logáil isteach ar an suíomh, is ag logáil isteach ar Thairseach OP a bhíonn tú. Sin an fáth a dtugtar an rogha duit cuntas EU Login nó cuntas tiomnaithe ar Thairseach OP a úsáid. Agus tú logáilte isteach, beidh d’ainm le feiceáil agus beidh tú in ann sonraí cuntais, liostaí próifíle agus foláirimh atá bailí a fheiceáil ar Thairseach OP agus ar shuíomh gréasáin na treorach stíle.

Doiciméid úsáideacha

Cuirtear treoirlínte agus gnéithe eagarthóireachta ar fáil, tagairtí ilteangacha d’fhoilseachán an Aontais, agus treoirlínte maidir le dréachtú reachtach agus formáidiú ar fáil sna doiciméid seo.