Eolas fúinn

Léigh faoin bhfoireann atá taobh thiar den Treoir Stíle Idirinstitiúideach agus faoin suíomh gréasáin a ghabhann léi.

Is foireann bheag eagarthóireachta sinn laistigh d’aonad na Seirbhísí Caighdeánaithe Sonraí agus Formáide in Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg, atá freagrach as an Treoir Stíle Idirinstitiúideach a chomhordú agus a bhainistiú go ginearálta.

Oibrímid i ndlúthchomhar leis na 24 ghrúpa teanga idirinstitiúideacha (*) a chlúdaíonn teangacha oifigiúla an Aontais, le meitheal (*) ina bhfuil ionadaithe ó institiúidí an Aontais Eorpaigh agus le seirbhísí éagsúla laistigh de na hinstitiúidí a chuidíonn linn an t‑ábhar a choinneáil cothrom le dáta.

Is é is sprioc dár gcuid oibre eagarthóireachta, faisnéis atá ceart agus nuashonraithe a chur ar fáil d’úsáideoirí chomh tapa agus is féidir,. Ullmhaímid coincheapa nua a bheidh le cur isteach agus déanaimid socruithe maidir lena n‑aistriú; bailímid agus fíoraímid faisnéis faoi athruithe ar ainmneacha tíortha, airgeadraí, gníomhaireachtaí, etc.; déanaimid anailísiú ar chinntí a rinneadh sna grúpaí éagsúla agus cinntímid go mbeidh siad comhleanúnach leis na rialacha ginearálta agus na gnásannna coiteanna agus cuirimid modhnuithe i bhfeidhm sna leaganach teanga uile.

Agus an treoir stíle á forbairt againn, leanaimid na treoshuíomhanna straitéiseacha agus na treoirlínte ginearálta a d’fhormheas an Coiste Stiúrtha (*). Ar bhonn na dtreoirlínte ó 2020, tá nuachóiriú déanta againn ar an treoir stíle chun freastal ar na riachtanais atá ag na húsáideoirí i láthair na huaire. Iarraimid ort páirt ghníomhach a ghlacadh i bhfeabhsú na treorach trí fhaisnéis agus moltaí úsáideacha a chur chugainn, mar aon le haon earráid nó easnamh a d’fhéadfadh a bheith ann a chur in iúl dúinn.

(*)

Tá tuilleadh faisnéise maidir le Coiste Stiúrtha na Treorach Stíle Idirinstitiúidí agus liosta cothrom le dáta de na grúpaí teanga idirinstitiúideacha uile agus a n-ionadaithe le fáil ar leathanach na gCoistí Idirinstitiúideacha (nasc inmheánach do bhaill foirne institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais).