Iarscríbhinn A4 Na príomhacrainmneacha agus na príomhghiorrúcháin

Tá liosta neamh-exhasutive de na hacrainmneacha agus na túslitreacha is coitianta i láthair anseo.

ABCDEFGHIJLMNOPQRSTUVW

tip:

I bPointe 10.5 gheofar sainmhínithe ar ghiorrúcháin agus acrainmneacha chomh maith lena n-úsáid. Ní féidir téarmaí a bhfuil réiltíní in aice leo a athrú agus féadfaidh sé nach leanann siad riail an tí. Ní liosta uileghabhálach é seo.

A

AA
an tAontas Afracach (cuireadh in ionad an OAU é; féach https://au.int/)
AASM
Stáit Chomhlachaithe na hAfraice agus Madagascar (EN: Associated African States and Madagascar
AC
Ainmníocht Chomhcheangailte
ACC
Stáit san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin atá ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún Lomé
ACE
Gníomhaíocht Chomhphobail ar mhaithe le comhar san eacnamaíocht (EN: Action for Cooperation in the field of Economics)
ACER
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (EN: Agency for the Cooperation of Energy Regulators)
AE
an tAontas Eorpach Úsáidtear na foirmeacha seo a leanas i dtáblaí nó i ngraif chun cur síos a dhéanamh ar ghrúpaí Ballstát: EU-9, EU-12, EU-15, srl. (ach seachnaítear an fhoirm sin i dtéacs reatha).
AEA
an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (Céim I, Céim II, srl.)
AEC
an Coimisiún Fuinnimh Adamhaigh (SAM) (EN: Atomic Energy Commission (USA))
AETR
an Comhaontú Eorpach maidir le hObair Foirne Feithiclí ag gabháil d’Iompar Idirnáisiúnta de Bhóthar (FR: Accord européen relatif au travail des équipages des véhicules effectuant des transports internationaux par route)
AG
DE: Aktiengesellschaft (Is éard is brí leis ná ‘cuideachta phoiblí theoranta’, féach cpt)
AID
an Ghníomhaireacht um Fhorbairt Idirnáisiúnta (SAM) (EN: Agency for International Development (USA))
AIE
Aontas Iarthar na hEorpa
ANC
an Chomhdháil Náisiúnta Afracach (EN: African National Congress)
APEC
Comhar Eacnamaíochta an Aigéin Chiúin agus na hÁise (EN: Asia-Pacific Economic Cooperation)
AS
Ard-Stiúrthóireacht (féach freisin Pointe 9.6., Ard-Stiúrthóireachtaí agus seirbhísí an Choimisiúin: na teidil oifigiúla)
ASBL
FR: association sans but lucratif (Is éard is brí leis ná eagraíocht neamhbhrabúis)
ASCII/ USASCII
Cód ASCII (Cód Caighdeánach Meiriceánach um Idirmhalartú Faisnéise) (EN: American Standard Code for Information Interchange)
ASEAN
Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (Brúiné, an Chambóid, an Indinéis, Laos, an Mhalaeisia, Maenmar/Burma, na hOileáin Fhilipíneacha, Singeapór, an Téalainn, Vítneam) (EN: Association of South-East Asian Nations)
ASEM
cruinniú na hÁise-na hEorpa (EN: Asia-Europe Meeting)
ASOR
an Comhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Paisinéirí de Bhóthar trí Sheirbhísí Ócáideacha Bus agus Cóiste
(FR: Accord relatif aux services occasionnels internationaux de voyageurs par route effectués par autocars ou par autobus)
ATFC
ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint

B

BCE
an Banc Ceannais Eorpach
BEAF
an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha
BEI
an Banc Eorpach Infheistíochta
Benelux
Aontas Eacnamaíoch na Beilge, Lucsamburg agus na hÍsiltíre (NL: België, Nederland, Luxembourg)
BEREC
Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (EN: Body of European Regulators for Electronic Communications)
BEUC
Biúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí (FR: Bureau européen des unions de consommateurs)
BIAF
an Banc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha
BLEU
Aontas Eacnamaíochta na Beilge-Lucsamburg (NL: Belgisch-Luxemburgse Economische Unie)
BusinessEurope
Cónaidhm na nGnóthas Eorpach

C

CAA
an tÚdarás um Eitlíocht Shibhialta (EN: Civil Aviation Authority)
CAI
an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta
CAL
costas, árachas agus last-táille (EN: cost, insurance, freight) (Incoterms 2010)
CARE
bunachar sonraí maidir le tionóiscí bóthair
CBES
an comhbheartas eachtrach agus slándála
CBI
  1. an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta
  2. an comhbheartas iascaighágh
CBL
cáin bhreisluacha
CBSS
Comhairle Stáit Mhuir Bhailt (EN: Council of the Baltic Sea States)
CBT
comhbheartas talmhaíochta
CC
Córas Comhchuibhithe
CCAMLR
an Coinbhinsiún maidir le Beo-acmhainní Muirí san Antartach a chaomhnú (EN: Convention on the Conservation of Antarctic Marine Living Resources)
CCC
  1. an Chomhairle um Chomhar Custaim
  2. caighdeán cumhachta ceannaigh
CCCN
Ainmníocht na Comhairle um Chomhar Custaim (EN: Customs Co-operation Council Nomenclature)
CCITT
Coiste Comhairleach um Nuálaíocht agus Aistriú Teicneolaíochta (EN: Consultative Committee on Innovation and Technology Transfer)
CCM
  1. cláir chomhtháite na Meánmhara
  2. Comhairle Chomhair Stáit Arabacha na Murascaille
CCT
  1. Comhairle Chomhairleach Tomhaltóirí
  2. comhtharaif chustaim (EN: Common Customs Tariff)
CD-ROM
dlúthdhiosca cuimhne inléite amháin (EN: compact disc read-only memory)
CE
  1. an Comhphobal Eorpach/na Comhphobail Eorpacha (a chuaigh in éag an 1 Nollaig 2009 — dáta theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin)
  2. marcáil chomhréireachta an Chomhphobail Eorpaigh
CEA
an Córas Eorpach Airgeadaíochta
CEB
córas bunaithe ar eolas
CEBC
an Córas Eorpach Banc Ceannais
CECAF
an Coiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (EN: Fishery Committee for the Eastern Central Atlantic)
CECES
Córas Eorpach na gCuntas Eacnamaíoch Suimeáilte
CED
an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú
Cedefop
an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (FR: Centre européen pour le développement de la formation professionnelle)
Cedex (*)
FR: courrier d’entreprise à distribution exceptionnelle (i seoltaí Fraincise)
CEE
Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (féach CE)
CEFA
an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom)
CEGC
an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (a chuaigh in éag an 24 Iúil 2002 — dáta éaga Chonradh CEGC)
CEIES
an Coiste Comhairleach um Fhaisnéis Staidrimh sna Réimsí Eacnamaíocha agus Sóisialta (FR: Comité consultatif européen de l’information statistique dans les domaines économique et social)
CELEX
Córas Idirinstitiúideach Ríomhairithe Doiciméadúcháin le haghaidh Dhlí an Chomhphobail (Communitatis Europaeae Lex) (cuireadh EUR-Lex ina ionad)
CELT
an Coiste um an Limistéar Eorpach Taighde agus um Nuálaíocht
CEMI
Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh
CEN
an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (FR: Comité européen de normalisation)
Cenelec
Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (FR: Comité européen de normalisation électrotechnique)
CEPOL
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí
CEPT
Comhdháil Eorpach na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide (FR: Conférence européenne des administrations des postes et des télécommunications)
CERD
an Coiste Eorpach um Thaighde agus Forbairt (FR: Comité européen de la recherche et du développement)
CERN
an Eagraíocht Eorpach um Thaighde Núicléach (FR: Centre européen pour la recherche nucléaire)
CERT
an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta
CES
an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta (CESE anois)
CESE
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
CET
  1. an Coiste Eolaíoch agus Teicniúil (Euratom) (FR: Comité scientifique et technique)
  2. Am Lár na hEorpa
CETFT
an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe
CFC
clórafluaracarbón
CFNA
UNDP Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe
CFRE
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
CFS
Córas Faisnéise Schengen
CGB
ceartas agus gnóthaí baile
CGTT
an Comhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil
CICD
Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge
CIE
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
CIF
costas, árachas agus last-táille
(EN: cost, insurance, freight) (Incoterms 2010)
CIR
Comhdháil Idir-rialtasach
CIREA
an tIonad um Fhaisnéis, Plé agus Malartú i dtaca leis an Tearmann (laistigh d’Ardrúnaíocht na Comhairle) (FR: Centre d’information, de réflexion et d’échange en matière d’asile)
CITES
an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (EN: Convention on International Trade in Endangered Species of Wild Fauna and Flora)
CBAE
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (EN: Court of Justice of the European Union)
CLRAE
an Chomhdáil um Údaráis Áitiúla agus Réigiúnacha na hEorpa (EN: Standing Conference of Local and Regional Authorities of Europe)
cobol (*)
comhtheanga ghnó-bhunaithe
Codest
an Coiste um Fhorbairt na hEolaíochta agus na Teicneolaíochta san Eoraip (FR: Comité de développement européen de la science et de la technologie)
Cogeca
an Chónaidhm Ghinearálta Comharchumann Talmhaíochta san Aontas Eorpach
Comecon
an Chomhairle um Chúnamh Eacnamaíoch Frithpháirteach (EN: Council for Mutual Economic Assistance)
Comedi
idirmhalartú leictreonach sonraí tráchtála (EN: Commerce Electronic Data Interchange)
Comext
bunachar sonraí den staidreamh trádála eachtraí (FR: base de données du commerce extérieur des CÉ)
COPA
Coiste na nEagraíochtaí Talmhaíochta Gairmiúla san Aontas Eorpach (FR: Comité des organisations professionnelles agricoles de l’Union européenne)
COPEC
an Comhchoiste um Chomhdheiseanna do Mhná agus d’Fhir (FR: comité paritaire de l’égalité des chances)
CORDIS (*)
Seirbhís Eolais um Thaighde agus um Fhorbraíocht Chomhphobail (EN: Community Research and Development Information Service)
Coreper
Coiste na mBuanionadaithe (FR: Comité des représentants permanents)
COST
an Comhar Eorpach san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht (FR: Coopération européenne en science et technologie)
cpt (*)
cuideachta phoiblí theoranta
CPVO
an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí (EN: Community Plant Variety Office)
CnaR
Coiste Eorpach na Réigiún
Cronos
an bunachar sonraí sraitheanna ama maicreacnamaíocha (Eurostat) (FR: base de données de l’Office statistique des Communautés européennes pour la gestion de séries chronologiques)
CSCE
an Chomhdháil um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE anois)
CSE
Ciste Sóisialta na hEorpa
CSF
creat tacaíochta an Chomhphobail (EN: Community support framework)
CSO
comhdhúil shoghalaithe orgánach
CSN
Comhlathas na Stát Neamhspleách (EN: Commonwealth of Independent States)
CST
Comhlachas Saorthrádála na hEorpa (Coinbhinsiún Stócólm)
CTN
clár táscach náisiúnta
CTS
Ceart Tarraingthe Speisialta
CTSanna
seirbhísí um thástáil chomhréireachta (EN: conformance-testing services)

D

DECT
teileachumarsáid dhigiteach Eorpach gan sreang (EN: digital European cordless telecommunications)
DIANE
an Líonra um Rochtain Dhíreach Faisnéise don Eoraip (EN: Direct Information Access Network for Europe)
DIN
DE: Deutsche Industrie-Norm (Is éard is brí leis ná caighdeán tionsclaíoch Gearmánach)
D. Phil./Ph.D.
Dochtúir Fealsúnachta (EN: Doctor of Philosophy)
DRA
doiciméad riaracháin aonair
DRAM
cuimhne randamrochtana dhinimiciúil (EN: dynamic random access memory)
DRC
dearadh ríomhchuidithe
DTP
foilsitheoireacht deisce (EN: desktop publishing)

E

EAA
an Eagraíocht um Aontas na hAfraice (cuireadh an AA ina hionad)
EAC
Comhlachas Eorpach um Chomhar (EN: European Association for Cooperation)
EAS
(féach EUSA)
EASA
Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh (EN: European Aviation Safety Agency)
EASO
Oifig Eorpach um Thacaíocht don Chóras Tearmainn (EUAA anois) (EN: European Asylum Support Office)
EBT
Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe
ECAT
Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh
ECDC
an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (úsáidtear an giorrúchán céanna i ngach teanga) (EN: European Centre for Disease Prevention and Control)
ECDIN
an líonra um shonraí agus um fhaisnéis faoi cheimiceáin sa timpeallacht (EN: Environmental Chemicals Data and Information Network)
ECFE
an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta
ECHA
an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (EN: European Chemicals Agency)
ECHO
  1. an Ard-Stiúrthóireacht um Chosaint Shibhialta Eorpach agus um Oibríochtaí Cabhrach Daonnúla Eorpacha (ECHO) (féach freisin Pointe 9.6., Ard-Stiúrthóireachtaí agus seirbhísí an Choimisiúin: na teidil oifigiúla) (EN: European Community Humanitarian Office a bhíodh air)
  2. Ósteagraíocht an Choimisiúin Eorpaigh (freastalaí bunachair sonraí an Choimisiúin) (EN: European Commission Host Organization)
ECOS
Córas Comhair idir Cathracha Eorpacha (EN: European City Cooperation System)
Ecosoc
an Chomhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta (EN: Economic and Social Council)
ECU
Aonad Airgeadra Eorpach (úsáidtear mar shiombail airgeadaíochta é, úsáidtear an cás íochtair nuair a scríobhtar amach an téarma); cuireadh an euro ina ionad an 1 Eanáir 1999 (féach freisin Pointe 7.3.1.). (EN: European Currency Unit)
EDF
an Ciste Eorpach Forbraíochta (EN: European Development Fund)
EDI
idirmhalartú leictreonach sonraí (EN: Electronic Data Interchange)
EDMI
an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (na Náisiúin Aontaithe)
EDS
an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (na Náisiúin Aontaithe)
EDT
Eagraíocht Dhomhanda Trádála (comharba ar CGTT)
EEA
an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EN: European Environment Agency)
EFCA
an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EN: European Fisheries Control Agency)
EFICS
Córas Eorpach Faisnéise agus Cumarsáide na Foraoiseachta (EN: European Forestry Information and Communication System)
EFSA
an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EN: European Food Safety Authority)
Ehlass
Córas Eorpach Faireachais maidir le tionóiscí sa bhaile agus tráth fóillíochta (EN: European Home and Leisure Accident Surveillance System)
EIF
an Ciste Eorpach Infheistíochta (EN: European Investment Fund)
Einecs
Fardal Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha Tráchtálacha Reatha (EN: European Inventory of Existing Commercial Chemical Substances)
EIOPA
an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (EN: European Insurance and Occupational Pensions Authority)
EIS
an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair
EMA
an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (dá ngairtí ‘an Ghníomhaireacht Eorpach um Measúnú ar Tháirgí Íocshláinte’, ‘EMEA’, roimhe seo) (EN: European Medicines Agency)
EMCDDA
an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EN: European Monitoring Centre for Drugs and Drug Addiction)
EMEA
féach EMA
EMSA
an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EN: European Maritime Safety Agency)
ENEL
IT: Ente nazionale per l’energia elettrica (Is éard is brí leis ná an Comhlacht Náisiúnta Leictreachais)
ENIAC
An Chomhairle Chomhairleach Eorpach um an Tionscnamh Nanaileictreonaice (EN: European Nanoelectronics Initiative Advisory Council)
ENISA
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (EN: European Union Agency for Cybersecurity)
ENR
eagraíocht neamhrialtasach
Envireg
Clár gníomhaíochta réigiúnach maidir le tionscnamh an Choimisiúin i dtaca leis an gcomhshaol
EOTC
Eagraíocht Eorpach um Thástáil agus um Dheimhniúchán (EN: European Organisation for Testing and Certification)
EPA
an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EN: Environment Protection Agency)
EPSO
an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EN: European Personnel Selection Office)
ERA
Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (EN: European Railway Agency)
Erasmus
Clár Gníomhaíochta an Chomhphobail Eorpaigh um shoghluaiseacht mac léinn ollscoile (EN: European Community Action Scheme for the Mobility of University Students)
ERICA
Institiúid Taighde Eorpach um Ghnóthaí Tomhaltóirí (EN: European Research Institute for Consumer Affairs)
ERMES
an Córas Eorpach um Chur Teachtaireachtaí Raidió (EN: European Radio-Messaging System)
ESA
an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis (EN: European Space Agency)
ESB
einceifileapaite spúinseach bhólachta
ESCE
an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (cuireadh an CSCE ina hionad an 1 Eanáir 1995)
ESMA
an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (EN: European Securities and Markets Authority)
ETF
an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (EN: European Training Foundation)
ETSI
Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (EN: European Telecommunications Standards Institute)
EUAA
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (cuireadh in ionad EASO é) (EN: European Union Agency for Asylum)
EUIPO
Oifig Maoine Intleachtúla de chuid an Aontais Eorpaigh (cuireadh in ionad OHIM é) (EN: European Union Intellectual Property Office)
EUISS
Institiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála (EN: European Union Institute for Security Studies)
eu-LISA (*)
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais
EUMC
Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EN: EU Military Command)
EU-OSHA
an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EN: European Agency for Safety and Health at Work)
EUR
euro (féach freisin Pointe 7.3.1.)
Euratom
an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (CEFA)
Eureka
an Ghníomhaireacht Eorpach um Chomhordú Taighde (EN: European Research Coordination Agency)
EURES
an líonra Eorpach Seirbhísí Fostáiochta (EN: European employment services)
Eurocontrol
an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta
Eurofound
an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú
Eurolib
tionscadal leabharlainne Eorpach
Europol
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (EN: European Union Agency for Law Enforcement Cooperation)
Eurostat
Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh
Eurydice
Líonra um Fhaisnéis Oideachais sa Chomhphobal Eorpach (http://www.eurydice.org/)
EUSA
an Scoil Riaracháin Eorpach (EN: European School of Administration)
EUSC
(féach Satcen)
EWOS
Ceardlann Eorpach um Chórais Oscailte (EN: European Workshop for Open Systems)

F

FBM
fiontair bheaga agus mheánmhéide
FBR
mear-imoibreoir pórúcháin (EN: fast breeder reactor)
FOB
saor ar bord
(EN: free on board) (Incoterms 2010)
FIDE
an Chónaidhm Idirnáisiúnta um Dhlí Eorpach (FR: Fédération internationale pour le droit européen)
FPE
Feisire de Pharlaimint na hEorpa
FRA
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (EN: European Union Agency for Fundamental Rights)
Frontex
an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta

G

G7
an Grúpa Seacht
G24
an Grúpa 24 (Grúpa Idir-Rialtasach na gCeithre is Fiche um Ghnóthaí Airgeadaíochta Idirnáisiúnta)
G77
an Grúpa 77
GATS
an Comhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (EN: General Agreement on Trade in Services)
GCG
an Gréasán um Chomhoibriú Gnó
GEA
an Ghníomhaireacht Eorpach um Athchóiriú (deireadh an tsainordaithe: 31.12.2008)
GEC
an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint
GELE
Grúpáil Eorpach um Leas Eacnamaíoch
GERI
(féach EFCA)
GFCM
an Choimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir (EN: General Fisheries Commission for the Mediterranean)
GISCO
córas faisnéise geografaí an Choimisiúin (Eurostat) (EN: geographic information system of the Commission)
GmbH (*)
DE: Gesellschaft mit beschränkter Haftung (Is éard is brí leis ná cuideachta faoi dhliteanas teoranta)
GNSS
an córas domhanda um loingseoireacht satailíte (EN: Global Navigation Satellite System)
GPL
gás peitriliam leachtaithe
GSA
an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS (úsáidtear an giorrúchán céanna i ngach teanga) (EN: European GNSS Agency)
GSE
Gníomhaireacht Soláthair Euratom
GSM
Córas Domhanda do Chumarsáid Mhóibileach (EN: Global System for Mobile Communications)
GSP
Córas Ginearálta um Fhabhair (EN: Generalised System of Preferences)
GTE
gréasán tras-Eorpach

H

HCFC
hidreaclórafluaracarbón
HDTV
teilifís ardghléine (EN: high definition television)

I

IAEA
an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (na Náisiúin Aontaithe) (EN: International Atomic Energy Agency)
IATA
an Comhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta (EN: International Air Transport Association)
IATI
Ionstraim Airgeadais um Threoraíocht Iascaigh
IBC
cumarsáid chomhtháite leathanbhanda (EN: integrated broadband communications)
IBSFC
an Coimisiún Idirnáisiúnta um Iascach Mhuir Bhailt (EN: International Baltic Sea Fishery Commission)
ICAO
an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EN: International Civil Aviation Organization)
ICCAT
an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (EN: International Commission for the Conservation of Atlantic Tunas)
IDA
idirmhalartú sonraí idir lucht riaracháin (EN: interchange of data between administrations)
IDCP
an Clár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna (EN: International Dolphin Conservation Programme)
IEA
  1. an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (EN: International Energy Agency)
  2. an Institiúid Eorpach Airgeadaíochta
IEFR
cúltaca idirnáisiúnta bia éigeandála (EN: International Emergency Food Reserve)
IFC
an Chorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta (na Náisiúin Aontaithe) (EN: International Finance Corporation)
IFRC
Cónaidhm Idirnáisiúnta Chumainn na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg (EN: International Federation of Red Cross and Red Crescent Societies)
IMI
an Tionscnamh Comhpháirteach Teicneolaíochta um Chógais Leighis Nuálacha (EN: Joint Technology Initiative on Innovative Medicines)
IMO
an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (EN: International Maritime Organization)
IMSO
Eagraíocht Idirnáisiúnta na Satailítí Moibíleacha (EN: International Mobile Satellite Organisation)
INFCE
an Mheastóireacht Idirnáisiúnta ar Réim Breosla Núicléigh (EN: international nuclear fuel cycle evaluation)
ING
ionad nuálaíochta agus gnó
INTAS
an Comhlachas Idirnáisiúnta um chur chun cinn an Chomhair le hEolaithe ó Stáit Neamhspleácha Nua an Iar-Aontais Shóivéadaigh (EN: International Association for the Promotion of Cooperation with Scientists from the New Independent States of the Former Soviet Union)
Interreg II
tionscnamh Comhphobail maidir le forbairt réigiúin teorann, comhar trasteorann agus gréasáin fuinnimh roghnaithe
Intrastat
staidreamh trádála laistigh den Aontas (EN: statistical collection system)
IO
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (roimh an 1 Feabhra 2003: Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach)
IOE
an Institiúid Ollscoile Eorpach
IOTC
an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (EN: Indian Ocean Tuna Commission)
IRDAC
an Coiste Comhairleach um Thaighde agus Fhorbairt Tionscail (EN: Industrial Research and Development Advisory Committee)
ISBN
Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta (EN: International Standard Book Number)
ISDN
líonra digiteach de sheirbhísí comhtháite (EN: integrated services digital network)
ISIC
Rangúchán Tionsclaíoch Caighdeánach Idirnáisiúnta i dtaca le gach Gníomhaíocht Eacnamaíoch (EN: International Standard Industrial Classification of all Economic Activities)
ISIS
an Córas Comhtháite Faisnéise maidir le Caighdeáin (EN: integrated standards information system)
ISO
an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (EN: International Organization for Standardization)
ISSN
Sraithuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta (EN: International Standard Serial Number)
ITER
Imoibreoir Trialach Teirmeanúicléach Idirnáisiúnta (EN: international thermonuclear experimental reactor)
ITSO
Eagraíocht Idirnáisiúnta Teileachumarsáide Satailíte (EN: International Telecommunications Satellite Organization)
IUCN
  1. an tAontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra (EN: International Union for Conservation of Nature)
  2. an tAontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra agus Acmhainní Nádúrtha (EN: International Union for Conservation of Nature and Natural Resources)

J

JET
Tóras Eorpach Comhpháirteach (EN: Joint European Torus)
JRC
an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (EN: Joint Research Centre)

L

LAN
líonra achair logánta (EN: local area network)
LCG
an Lárionad um Chomhoibriú Gnó
LDC
na tíortha is lú forbairt (EN: least developed country)
Leader II
Naisc idir gníomhaíochtaí um fhorbairt gheilleagar na tuaithe (FR: Liaisons entre actions de développement de l’économie rurale)
LEE
an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch
LIBOR
ráta tairgthe idirbhainc Londan (EN: London interbank offered rate)
LIFE
Ionstraim Airgeadais maidir leis an gComhshaol (EN: financial instrument for the environment)
LME
Malartán Miotail Londan (EN: London Metal Exchange)
LSCF
an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme

M

MATTHAEUS
clár malairte le haghaidh oifigeach custaim (clár gníomhaíochta Comhphobail maidir le gairmoiliúint le haghaidh oifigeach custaim)
MECS
an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
MEDIA
Clár Gníomhaíochta chun Forbairt ar Thionscal Closamhairc na hEorpa a chur chun cinn (FR: Mesures pour encourager le développement de l’industrie audiovisuelle)
Mercosur
an Cómhargadh Theas (ES: Mercado Común del Sur)
MIPS
na milliúin treoir sa soicind (ríomhaireacht) (EN: millions of instructions per second (computing))
MISEP
córas faisnéise frithpháirteach maidir le beartais fostaíochta (EN: mutual information system on employment policies)
MSA
Comhaontú Cruach Iltaobhach (EN: Multilateral Steel Agreement)

N

NA
na Náisiúin Aontaithe
NABS
an Ainmníocht le haghaidh anailís agus comparáid a dhéanamh ar bhuiséid agus ar chláir eolaíocha (EN: Nomenclature for the analysis and comparison of science budgets and programmes)
NAFO
Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (EN: Northwest Atlantic Fisheries Organization)
NAFTA
Comhaontú Saorthrádála Mheiriceá Thuaidh (EN: North American Free Trade Agreement)
NAMSA
Gníomhaireacht ECAT um Chothabháil agus Soláthar (EN: NATO Maintenance and Supply Agency)
NARIC
na lárionaid náisiúnta faisnéise um aitheantas acadúil (EN: National Academic Recognition Information Centres)
NASA
an tÚdarás Náisiúnta um Aerloingseoireacht agus um Spás (SAM) (EN: National Aeronautics and Space Administration)
NASCO
Eagraíocht um Chaomhnú Bradán san Atlantach Thuaidh (EN: North Atlantic Salmon Conservation Organisation)
NBF
náisiún barrfhabhair
NCI
Nua-Ionstraim Chomhphobail (EN: New Community Instrument)
NEA
an Ghníomhaireacht um Fhuinneamh Núicléach (ECFE) (EN: Nuclear Energy Agency)
NEAFC
an Coimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (EN: North-East Atlantic Fisheries Commission)

O

OAPEC
Eagraíocht Onnmhairithe Peitriliam na dTíortha Arabacha (EN: Organization of Arab Petroleum Exporting Countries)
OAS
Eagraíocht na Stát Meiriceánach (EN: Organisation of American States)
OCAS
Eagraíocht na Stát Meiriceánach Láir (EN: Organisation of Central American States)
OCT
tíortha agus críocha thar lear (EN: Overseas Countries and Territories)
OEP
Oifig nEorpach na bPaitinní
OHIM
an Oifig um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) (cuireadh EUIPO ina hionad) (EN: Office for Harmonization in the Internal Market)
OLC
oll-luach calrach
ONP
soláthar líonra oscailte (EN: open network provision)
OP
Orgánafosfáit (EN: organophosphate)
OPEC
Eagraíocht na dTíortha Onnmhairithe Peitriliam (EN: Organization of the Petroleum Exporting Countries)
OPET
Eagraíochtaí um Theicneolaíochtaí Fuinnimh a Chur Chun Cinn (EN: Organisations for the Promotion of Energy Technologies)
OSHA
féach EU-OSHA
OSI
Idirnasc Córas Oscailte (EN: open-systems interconnection)
OTI
olltáirgeacht intíre
OTN
olltáirgeacht náisiúnta

P

PC
ríomhaire pearsanta (EN: personal computer)
PCC
  1. paireacht cumhachta ceannaigh (EN: purchasing power parity)
  2. an prionsabal ‘íoc mar a thruaillítear’ (EN: ‘polluter pays’ principle)
PE
Parlaimint na hEorpa
Phare (*)
Cúnamh réamhaontachais faoi choinne Thíortha na hEorpa Láir agus Thoir (FR: Programme d’aide de préadhésion pour les pays d’Europe centrale et orientale)
PINC
clár léiriúcháin núicléach an Chomhphobail (FR: programme indicatif nucléaire pour la Communauté)
PLO
Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (EN: Palestine Liberation Organisation)
PME
FR: petites et moyennes entreprises (Is éard is brí leis ná ‘fiontair bheaga agus mheánmhéide’, féach FBM)
PSTN
líonra poiblí lasctheileafóin (EN: public-switched telephone network)
PTTI
Post, Teileagraf agus Teileafón Idirnáisiúnta
PVC
clóiríd pholaivinile (EN: polyvinyl chloride)

Q

QC
Abhcóide na Banríona (EN: Queen’s Counsel)

R

RAM
cuimhne randamrochtana (EN: random access memory)
RARE
Líonraí Gaolmhara um Thaighde Eorpach (FR: Réseaux associés pour la recherche européenne)
Reitox
Líonra Faisnéise Eorpach maidir le Drugaí agus Andúil i nDrugaí (FR: Réseau européen d’information sur les drogues et les toxicomanies)
ROM
cuimhne inléite amháin (EN: read-only memory)
RTD
taighde agus forbairt theicneolaíoch (EN: research and technological development)

S

SA
FR: société anonyme (Is éard is brí leis ná ‘cuideachta phoiblí theoranta’, féach cpt)
SAARC
Comhlachas na hÁise Theas um Chomhar Réigiúnach (EN: South Asian Association for Regional Cooperation)
SADC
Comhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (EN: Southern African Development Community)
SAF
saoráid coigeartúcháin struchtúraigh (EN: structural-adjustment facility)
SAFE
clár SAFE (Gníomhaíochtaí Sábháilteachta don Eoraip) arb é is aidhm dó sábháilteacht, sláinteachas agus sláinte ag an obair a fheabhsú go háirithe i ngnóthais bheaga agus mheánmhéide (EN: Safety Actions for Europe)
SALTanna
Cainteanna faoi Theorannú Straitéiseach Arm (EN: Strategic Arms Limitation Talks)
Satcen
Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh (EN: European Union Satellite Centre)
SAVEnna
gníomhaíochtaí sonracha um éifeachtúlacht bhríomhar fuinnimh (EN: Specific Actions for Vigorous Energy Efficiency)
SCA
suim chúiteach airgid
SCAD
Lársheirbhís Uathoibrithe Doiciméadúcháin (bunachar sonraí) (FR: service central automatisé de documentation)
SCE
an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (http://www.esm.europa.eu/)
SDI
Tionscnamh Straitéiseach Cosanta (EN: Strategic Defence Initiative)
SEAFO
Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thoir Theas (EN: South East Atlantic Fisheries Organisation)
SEDOC
an Córas Eorpach chun Folúntais agus Iarratais ar Fhostaíocht a Imréiteach ar Bhonn Idirnáisiúnta (féach EURESanna) (FR: Système européen de diffusion des offres et des demandes d’emploi enregistrées en compensation internationale)
SEGS
an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí
SEIF
siondróm easpa imdhíonachta faighte
SESAR
taighde um bainistíocht aerthráchta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair (EN: Single European Sky ATM Research)
SGML
Teanga Chaighdeánach Mharcála Ghinearálaithe (EN: Standard Generalized Markup Language)
SIENA
an Feidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise (Eurostat) (FR: système intérimaire d’exploitation de la Nimexe automatisé)
SIMAP
córas faisnéise um sholáthar poiblí (FR: Système d’information pour les marchés publics)
SITC
Aicmiú Trádála Idirnáisiúnta Caighdeánach (EN: standard international trade classification)
SOLAS
an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (EN: International Convention for the Safety of Life at Sea)
SpA (*)
IT: società per azioni (Is éard is brí leis ná cuideachta phoiblí theoranta)
SPRL
FR: société de personnes à responsabilité limitée (Is éard is brí leis ná cuideachta phríobháideach theoranta)
Stabex
an Córas um Chobhsaíocht Tuilleamh Onnmhariúcháin (EN: (System of) Stabilisation of Export Earnings)
START
Cainteanna faoi Laghdú Arm Straitéiseach (EN: Strategic Arms Reduction Talks)
STFC
sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint
SWIFT
an Cumann um Theileachumarsáid Airgeadais Idirbhainc Dhomhanda (EN: Society for Worldwide Interbank Financial Transfers)
Sysmin
an córas um thairgeadh mianraí a chosaint agus a fhorbairt (EN: System for Safeguarding and Developing Mineral Production)

T

TAC
an ghabháil iomlán is incheadaithe (EN: total allowable catch)
Tacis (*)
cúnamh teicniúil do Chomhlathas na Stát Neamhspleách (EN: Technical Assistance to the Commonwealth of Independent States)
TAL
traein ardluais
TAM
meicníocht measúnaithe trádála (EN: trade assessment mechanism)
TARIC
Taraif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh (FR: Tarif intégréde l’Union européenne)
TCDC
comhar teicniúil idir tíortha i mbéal forbartha (EN: technical cooperation between developing countries)
TELT
Tíortha na hEorpa Láir agus Thoir
TF
teicneolaíocht faisnéise
T&F
taighde agus forbairt
T, F & T
taighde, forbairt agus taisealbhadh
TGFC
tásc geografach faoi chosaint
TIF
idirthuras idirnáisiúnta d’iarnród (FR: transit international par fer)
TIR
iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar (FR: transport international de marchandises par route)
TRIPS
an Comhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (EN: Agreement on Trade-related Aspects of Intellectual Property Rights)
TUC
EN: Trades Union Congress (Is éard is brí leis ná Comhdháil na gCeardchumann sa Ríocht Aontaithe)

U

ÚBE
an tÚdarás Baincéireachta Eorpach
UCLAF
an tAonad chun an Cosc Calaoise a Chomhordú (FR: Unité pour la coordination de la lutte antifraudes)
UHF
minicíocht ultra-ard (EN: ultra-high frequency)
UMTS
Córas Uilíoch Móibíleach Teileachumarsáide (EN: universal mobile telecommunications system)
UNBRO
Oibríocht Fóirithinte Teorann na Náisiún Aontaithe (EN: United Nations Border Relief Operation)
UNCED
Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Chomhshaol agus Forbairt (EN: United Nations Conference on Environment and Development)
Unctad
Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt (EN: United Nations Conference on Trade and Development)
UNDRO
Oifig Chomhordaitheoir na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint Anachaine (EN: Office of the United Nations Disaster Relief Coordinator)
UNECE
Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (EN: United Nations Economic Commission for Europe)
UNEP
Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (EN: United Nations Environment Programme)
Unesco
Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (EN: United Nations Educational, Scientific and Cultural Organization)
UNHCR
Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (EN: Office of the United Nations High Commissioner for Refugees)
Unicef
Ciste na Náisiún Aontaithe do Leanaí (EN: United Nations Children’s Fund)
UNRRA
Gníomhaireacht Fóirithinte agus Athshlánaithe na Náisiún Aontaithe (EN: United Nations Relief and Rehabilitation Administration)
UNRWA
Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear (EN: United Nations Relief and Works Agency for Palestine Refugees in the Near East)
UPU
an tAontas Poist Uilechoiteann (FR: Union postale universelle)
URBAN
Tionscnamh Comhphobail maidir le ceantair uirbeacha (EN: Community initiative concerning urban areas)
URL
aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne (EN: uniform resource locator)
UTC
ultra- threaschóireáil (bainne nó uachtar)

V

V
i gcoinne/in aghaidh/seachas (versus)
VEID
víreas easpa imdhíonachta daonna
VHF
an-ardmhinicíocht (EN: Very high frequency)

W

WCPFC
Coimisiún chun Stoic Éisc Mór-Imirceach san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir a Chaomhnú agus a Bhainistiú (EN: Western and Central Pacific Fisheries Commission)
WECAFC
an Coimisiún um Iascach an Atlantaigh Thiar Láir (EN: Western Central Atlantic Fishery Commission)
WFTU
Cónaidhm Dhomhanda na gCeardchumann (EN: World Federation of Trade Unions)
WWF
an Ciste Domhanda Fiadhúlra (EN: Wildlife Fund for Nature)