Iarscríbhinn B – Na bunuimhreacha agus céatadáin a scríobh ina bhfigiúirí
Leantar an treoir atá i gCaibidil 9 de CO 2017 do na bunuimhreacha go ginearálta. Córas na maoluimhreacha a úsáidtear agus céatadáin á lua.
Na bunuimhreacha a scríobh ina bhfigiúirí
- Figiúr + ainmfhocal: cuirtear an t-athrú tosaigh is cuí don fhigiúr deiridh i bhfeidhm ar fhoirm chuí an ainmfhocail de réir chóras na mbunuimhreacha. Féach an dara colún sa tábla.
- Figiúr + ainmfhocal + aidiacht: leantar na gnáthrialacha a bhaineann le haidiachtaí leis na huimhreacha. Is iad sin go mbíonn an aidiacht san uimhir iolra agus séimhithe, seachas ar lorg na mbunuimhreach 1, uimhreacha a chríochnaíonn ar 1 (seachas 11), agus iolraithe ar 10 ó 20 ar aghaidh. Is san uimhir uatha a bhíonn an aidiacht sna cásanna sin agus í ar aon inscne leis an ainmfhocal1. Féach an tríú colún sa tábla.
- Figiúr leis an alt: leantar an treoir atá i gCaibidil 9 de CO 2017 do na bunuimhreacha go ginearálta, agus go sonrach an “Córas Seanbhunaithe” atá molta ann (is é sin go n-úsáidtear “an” nó “na” ag brath ar an gcaoi a ndéarfaí os ard an t-aonad a leanann é, mar atá leagtha amach sa tábla ar leathanach 148 de CO 2017). E.g. an 11 chapall (an t-aon chapall déag); na 24 theanga (na ceithre theanga is fiche); an 61 seachtain (an t-aon seachtain is seasca); an 72 bhliain (an dá bhliain is seachtó); na 98 dtír (na hocht dtír is nócha); na 563 bhád (na cúig chéad seasca is trí bhád); an 257 967 n-úll (an dá chéad caoga is seacht míle, naoi gcéad seachtó is seacht n-úll). Féach an ceathrú colún sa tábla.
- Ginideach:
- Téann athrú foirme ar ainmfhocal agus alt sa ghinideach i ndiaidh 1 agus uimhreacha faoi bhun 100 a chríochnaíonn ar 1 (seachas 11), e.g. ábhar an 1 chuntais; i gcaitheamh na 1 oíche; tuismitheoirí 21 ghasúir.
- I gcás na n-uimhreacha eile, ní théann aon athrú foirme ar an ainmfhocal (ná ar an alt), e.g. luach 2 bhád; fad na 3 shráid; luach na 18 mbád; tafann an 151 mhadra.
- I gcás aidiachtaí, téann athrú foirme de réir inscne ar aidiacht atá ag cáiliú ainmfhocail sa ghinideach i ndiaidh 1 agus uimhreacha faoi bhun 100 a chríochnaíonn ar 1 (seachas 11), e.g. ag oscailt 1 leabhair mhóir / 1 fhuinneoige móire; ag oscailt 21 leabhair mhóir/ 21 fhuinneoige móire.
- I gcás iolraithe ar 10 ó 20 ar aghaidh, is san uimhir uatha a bhíonn an aidiacht agus í ar aon inscne leis an ainmfhocal, e.g. athchúrsáil an 100 buidéal plaisteach; ar feadh na 7 500 bliain mhaith.
- I ngach cás eile, bíonn an aidiacht san uimhir iolra agus séimhithe, e.g. ag oscailt 11 leabhar mhóra; ag oscailt 29 bhfuinneog mhóra; dath na 3 gheata bhreátha. Féach an cúigiú, an séú agus an seachtú colún sa tábla.
Uimh. | Figiúr + ainmfhocal | Figiúr + ainmfhocal + aidiacht | Figiúr + ainmfhocal leis an alt | An ginideach (gan alt) |
An ginideach (leis an alt) |
Gach rud le chéile |
---|---|---|---|---|---|---|
1 | 1 bhád 1 bhó |
1 bhád mór 1 bhó mhaith |
an 1 bhád an 1 bhó |
captaen 1 bháid bainne 1 bhó |
captaen an 1 bháid bainne na 1 bhó |
captaen an 1 bháid mhóir bainne na 1 bhó maithe |
2(1) | 2 theach | 2 theach mhóra | an 2 theach | úinéir 2 theach | úinéir an 2 theach | úinéir an 2 theach mhóra |
3 | 3 gheata | 3 gheata ghlasa | na 3 gheata | dath 3 gheata | dath na 3 gheata | dath na 3 gheata bhreátha |
4 | 4 fhuinneog | 4 fhuinneog mhóra | na 4 fhuinneog | gloine 4 fhuinneog | gloine na 4 fhuinneog | gloine na 4 fhuinneog mhóra |
5 | 5 chat | 5 chat bheaga | máthair 5 chat | máthair na 5 chat | máthair na 5 chat | máthair na 5 chat bheaga |
6 | 6 mhála | 6 mhála ghlasa | luach 6mhála | luach na 6 mhála | luach na 6 mhála | luach na 6 mhála ghlasa |
7 | 7 n-úll | 7 n-úll dhearga | praghas 7 n-úll | praghas na 7 n-úll | praghas na 7 n-úll | praghas na 7 n-úll dhearga |
8 | 8 mbád | 8 mbád dhubha | lastas 8 mbád | lastas na 8 mbád | lastas na 8 mbád | lastas na 8 mbád dhubha |
9 | 9 bpáirc | 9 bpáirc bhreátha | ag treabhadh 9 bpáirc | ag treabhadh na 9 bpáirc | ag treabhadh na 9 bpáirc | ag treabhadh na 9 bpáirc bhreátha |
10 | 10 gcaora | 10 gcaora bhacacha | na 10 gcaora | olann 10 gcaora | olann na 10 gcaora | olann na 10 gcaora bhacacha |
11 | 11 ábhar | 11 ábhar shuimiúla | an 11 ábhar | ag stáidéar 11 ábhar | ag staidéar an 11 ábhar | ag staidéar an 11 ábhar shuimiúla |
12 | 12 aiste | 12 aiste mhóra | an 12 aiste | ábhar 12 aiste | ábhar an 12 aiste | ábhar an 12 aiste mhóra |
13 | 13 shráid | 13 shráid fhada | na 13 shráid | ainmneacha 13 shráid | ainmneacha na 13 shráid | ainmneacha na 13 shráid fhada |
14 | 14 charr | 14 charr ghorma | na 14 charr | rothaí 14 charr | rothaí na 14 charr | rothaí na 14 charr ghorma |
15 | 15 bhosca | 15 bhosca bhuí | na 15 bhosca | clúdaigh 15 bhosca | clúdaigh na 15 bhosca | clúdaigh na 15 bhosca bhuí |
16 | 16 acra | 16 acra dhaora | na 16 acra | costas 16 acra | costas na 16 acra | costas na 16 acra dhaora |
17 | 17 n-oíche | 17 n-oíche chiúine | na 17 n-oíche | i gcaitheamh 17 n-oíche | i gcaitheamh na 17 n-oíche | i gcaitheamh na 17 n-oíche chiúine |
18 | 18 ngé | 18 ngé fhiáine | na 18 ngé | teitheadh 18 ngé | teitheadh na 18 ngé | teitheadh na 18 ngé fhiáine |
19 | 19 gcloch | 19 gcloch throma | na 19 gcloch | ag iompar 19 gcloch | ag iompar na 19 gcloch | ag iompar na 19 gcloch throma |
20 | 20 fear 20 bean |
20 fear tanaí 20 bean thanaí |
an 20 fear an 20 bean |
éadaí 20 fear éadaí 20 bean |
éadaí an 20 fear éadaí an 20 bean |
éadaí an 20 fear tanaí éadaí an 20 bean thanaí |
21 | 21 ghasúr | 21 ghasúr óg | an 21 ghasúr | tuismitheoirí 21 ghasúir | tuismitheoirí an 21 ghasúir | tuismitheoirí an 21 ghasúir óig |
38 | 38 gcapall | 38 gcapall bhreátha | na 38 gcapall | stáblaí 38 gcapall | stáblaí na 38 gcapall | stáblaí na 38 gcapall bhreátha |
50 | 50 duine | 50 duine óg | an 50 duine | glórtha 50 duine | glórtha an 50 duine | glórtha an 50 duine óg |
62 | 62 dhuais | 62 dhuais mhóra | an 62 dhuais | buaiteoirí 62 dhuais | buaiteoirí an 62 dhuais | buaiteoirí an 62 dhuais mhóra |
87 | 87 bhfear | 87 bhfear chróga | na 87 bhfear | ainmneacha 87 bhfear | ainmneacha na 87 bhfear | ainmneacha na 87 bhfear chróga |
100 | 100 buidéal | 100 buidéal plaisteach | an 100 buidéal | athchúrsáil 100 buidéal | athchúrsáil an 100 buidéal | athchúrsáil an 100 buidéal plaisteach |
151 | 151 mhadra | 151 mhadra donn | an 151 mhadra | tafann 151 mhadra | tafann an 151 mhadra | tafann an 151 mhadra donn |
563 | 563 bhád | 563 bhád bheaga | na 563 bhád | seolta 563 bhád | seolta na 563 bhád | seolta na 563 bhád bheaga |
7 500 | 7 500 bliain | 7 500 bliain mhaith | na 7 500 bliain | ar feadh 7 500 bliain | ar feadh na 7 500 bliain | ar feadh na 7 500 bliain mhaith |
258 967 | 257 967 nduine | 257 967 nduine Fhrancacha | an 257 967 nduine | ainmneacha 257 967 nduine | ainmneacha an 257 967 nduine | ainmneacha an 257 967 nduine Fhrancacha |
Tabhair faoi deara: má thagann aidiacht shealbhach roimh an uimhir dhá, cuirtear athrú tosaigh ar an ainmfhocal de réir na haidiachta sealbhaí seachas de réir na huimhreach dhá, e.g. a dhá gúna; ár dhá mbád; bhur dhá n-ordóg; roinntear na samplaí ina dhá n-aicme mhóra. Leanfar an nós céanna agus an uimhir a scríobh ina bhfigiúr: a 2 gúna; ár 2 mbád; bhur 2 n-ordóg; roinntear na samplaí ina 2 n-aicme mhóra.
Céatadáin a scríobh ina bhfigiúirí
Córas na maoluimhreacha a úsáidtear agus céatadáin á lua.
Bunuimhreacha | Céatadáin |
---|---|
In 8 gcás – in ocht gcás I 10 gcás – i ndeich gcás I 13 chás – i dtrí chás déag In 18 gcás – in ocht gcás déag In 21 chás – in aon chás is fiche I 25 chás – i gcúig chás is fiche In 22 chas – in dhá chás is fiche In 28 gcás – in ocht gcás is fiche I 30 cás – i dtríocha cás In 80 cás – in ochtó cás I 97 gcás – i seacht gcás is nócha In 98 gcás – in ocht gcás is nócha |
In 8 % - in ocht faoin gcéad I 10 % - i ndeich faoin gcéad I 13 % - i dtrí déag faoin gcéad In 18 % - in ocht déag faoin gcéad I 21 % - i bhfiche a haon faoin gcéad I 25 % - i bhfiche a cúig faoin gcéad I 22 % - i bhfiche a dó faoin gcéad I 28 % - i bhfiche a hocht faoin gcéad I 30 % - i dtríocha faoin gcéad In 80 % - in ochtó faoin gcéad I 97 % - i nócha a seacht faoin gcéad I 98 % - i nócha a hocht faoin gcéad |
I 131 chás – i gcéad tríocha is aon chás amháin In 245 chás – in dhá chéad daichead is cúig chás I 476 chás – i gceithre chéad seachtó is sé chás I 1 232 chás – i míle, dhá chéad tríocha is dhá chás In 2 338 gcás – in dhá mhíle, trí chéad tríocha is ocht gcás In 18 437 – in ocht míle dhéag, ceithre chéad tríocha is seacht gcás |
Tá rialacha ar leith ann i gcás aidiachtaí a ghabhann le hainmfhocal i ndiaidh uimhreach sa tuiseal ginideach. Féach (d) agus colún 7 sa tábla.