Ceisteanna coitianta
Tá freagraí anseo ar roinnt ceisteanna coitianta faoin Treoir Stíle Idirinstitiúideach agus faoin suíomh gréasáin a ghabhann léi.
- Cad í an Treoir Stíle Idirinstitiúideach — treoir thagartha amháin nó díolaim de rialacha éigeantacha?
- An bhfuil an fhaisnéis inti maidir le hainmneacha tíortha, teangacha nó airgeadraí iontaofa?
- An bhfuil an Treoir Stíle Idirinstitiúideach ar fáil i bhformáidí eile?
Cad í an Treoir Stíle Idirinstitiúideach — treoir thagartha amháin nó díolaim de rialacha éigeantacha?
Ní mór do gach duine a bhfuil baint acu le cruthú gach cineál téacsanna (clóite nó leictreonach) a chruthaíonn an tAontas Eorpach cloí leis na gnásanna agus na rialacha sa Treoir Stíle (treoracha ón Uasal P. de Boissieu agus é mar Uachtarán Choiste Stiúrtha Oifig na bhFoilseachán — féach réamhaiste na treorach stíle, eagrán 1997).
An bhfuil an fhaisnéis inti maidir le hainmneacha tíortha, teangacha nó airgeadraí iontaofa?
Go bunúsach, tá an Treoir Stíle Idirinstitiúideach tagtha chun bheith mar an saothar tagartha oifigiúil d’institiúidí, do chomhlachtaí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh i ngach ní a bhaineann le tíortha, airgeadraí agus teangacha.
Déantar cinntí i gcomhréir le comhairliúchán oifigiúil ach gó háirithe, le seirbhís téarmaíochta ón gComhairle atá i gceannas ar na sonraí seo in IATE (agus, le comhairle dhíreach ó gach foireann nuair is gá) a chinneann na sonraí. Tá an nós imeachta seo faoi threoir Oifig na bhFoilseachán (an rannóg ‘Comhordú na Treorach Stíle’).
Ba chóir aon eolas, cheist, trácht nó mholadh a sheoladh i ríomhphost chuig:
An bhfuil an Treoir Stíle Idirinstitiúideach ar fáil i bhformáidí eile?
Tá an treoir stíle ar fáil i bhfoirm PDF freisin i 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.Ón mbarra uirlisí, is féidir leat an PDF a chruthaítear gach uair a dhéantar an suíomh gréasáin a nuashonrú, a oscailt. Féadfaidh tú féachaint air ar líne, áit a n‑osclóidh sé ar an leathanach ar a bhfuil tú ag breathnú sa bhrabhsálaí. De rogha air sin, is féidir é a íoslódáil go díreach.
Ina theannta sin, uair sa bhliain nó tar éis nuashonruithe móra, cruthófar leagan PDF atá deartha le haghaidh priontála. Is eagrán ar leith den treoir stíle é gach leagan PDF a chruthaítear, dá bhfuil aitheantóirí iomlána aige ar féidir teacht air ar shuíomh gréasáin Oifig Foilseachán an Aontais. Tá na leasuithe ar fad i gcomparáid leis an eagrán is déanaí marcáilte glas ar shuíomh gréasáin na treorach stíle.