Réamhrá

Déantar cur síos sa réamhrá ar an gcaoi ar cruthaíodh an Treoir Stíle Idirinstitiúideach, ar a bhfuil inti agus ar na daoine ar cheart teagmháil a dhéanamh leo má tá ceisteanna ginearálta nó teanga agat nó má tá moltaí agat.

Leagtar amach treoracha sa cháipéis seo atá bunaithe ar chomhaontú idir na hinstitiúidí. D’éagmais treoir shainráite faoi phointe ar leith, ní cóir a bhaint de chiall as aon phointe ar leith teanga ná stíle i dtéacs na cáipéise seo gurb é nós comhaontaithe na n-institiúidí é.

Mar thoradh ar phróiseas a tosaíodh in 1993 nuair a seoladh Vade-mecum de l'éditeur, foilsíodh An Treoir Stíle Idirinstitiúideach den chéad uair in 1997 in 11 theanga, ach méadaíodh an líon sin go 24 theanga níos moille. Is léiriú í' An Treoir Stíle Idiriinstitiúideach ar éacht comhréireachta teanga nach bhfacthas a leithéid ina réimse mar gheall ar an líon pobal teanga a bhí páirteach ina forbairt. Tá sí ceaptha a bheith ina huirlis tagartha don teanga scríofa in institiúidí, i gcomhlachtaí agus i ngníomhaireachtaí uile an Aontais Eorpaigh.

Chun An Treoir Stíle Idirinstitiúideach a ullmhú, b’éigean coiste idirinstitiúideach stiúrthóirí a bhunú, agus d’ainmnigh an coiste sin ionadaithe do gach teanga i ngach institiúid. Oibríonn na hionadaithe sin faoi stiúir grúpa comhordúcháin atá lonnaithe in Oifig na bhFoilseachán.

Tugadh faoi nósanna éagsúla na dteangacha a chur i gcomhréir le chéile ar dhóigh a thabharfadh san áireamh peirspictíocht ilteangach na n-institiúidí Eorpacha, peirspictíocht a fhágann go gcaithfidh gach téacs i ngach teanga oifigiúil a bheith inchomparáide, ach chomh maith leis sin go gcaithfidh na téacsanna uile urraim a thabhairt do shaintréithe na dteangacha sin.

Is é atá i gCuid I na rialacha nach mór a chur i bhfeidhm agus na hionstraimí a fhoilseofar san Iris Oifigiúil á ndréachtú. Is é atá i gCuid II na príomhrialacha teicniúla agus eagarthóireachta a bhaineann le foilseacháin ghinearálta. Ina theannta sin, mar aon leis na socruithe a bhaineann le gach teanga ar leith (Cuid IV), d’éirigh leis na 24 ghrúpa teacht ar chomhaontú maidir le nósanna oibre aonfhoirmeacha atá infheidhme i ngach teanga (Cuid III). Is é an chuid sin bunchloch an phróisis comhréireachta teanga idir na hinstitiúidí go léir.

I bprionsabal, tá tosaíocht ag na nósanna teanga atá leagtha síos sa Treoir Stíle ar aon nós a leantar in aon áit eile agus ar aon nós a bhí in úsáid roimhe seo, agus ní mór cloí leo ag gach céim den phróiseas dréachtaithe.

Thar aon ní eile, tá sé i gceist gur próiseas bríomhar idirghníomhach a bheadh sa saothar seo ina nglacfadh an uile úsáideoir páirt, nó is saothar é, ó nádúr, nach mór a nuashonrú i rith an ama. Dá bhrí sin, iarrann údair an tsaothair seo ar chách páirt a ghlacadh ann, agus aon eolas úsáideach, aon bhotún nó easnamh, nó aon mholadh atá acu a chur chuig an seoladh seo a leanas:

Office des publications de l’Union européenne (Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh)

Coordination ‘Code de rédaction’ (Comhordú An Treoir Stíle Idirinstitiúideach)

(Unité A.1.002)

L-2985 Lucsamburg

LUCSAMBURG

Teagmháil trí ríomhphost: