Fógra dlíthiúil

Is faoi réir ár gclásal séanta, ár bhfógra cóipchirt agus na rialacha a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta a thugtar an fhaisnéis atá ar an suíomh gréasáin seo.

Is faoi réir ár gclásal séanta, ár bhfógra cóipchirt agus na rialacha a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta a thugtar an fhaisnéis atá ar an suíomh gréasáin seo.

Séanadh

Tá an suíomh gréasáin seo á riar ag Oifig na bhFoilseachán dóibh siúd uile a bhfuil baint acu le téacsanna a ullmhú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is é an cuspóir atá againn an fhaisnéis sin a choimeád cruinn agus chun dáta. Má tharraingítear ár n‑aird ar earráidí, déanfaimid gach iarracht iad a cheartú. Ní ghlacann Oifig na bhFoilseachán aon fhreagracht ná aon dliteanas i leith na faisnéise atá ar an suíomh seo.