10.7.2. Doiciméid eile de chuid na n‑institiúidí nach gníomhartha reachtacha iad

Cuirtear bunteideal an doiciméid faoi chló iodálach agus leagan Gaeilge de idir luibíní cearnacha gan aon chomharthaí athfhriotail.

I gcás doiciméid eile a fhoilsíonn na hinstitiúidí (e.g. Doiciméid Inmheánacha Oibre de chuid an Choimisiúin, Páipéir Bhána, Teachtaireachtaí), cuirtear an bunteideal faoi chló iodálach agus leagan Gaeilge de idir luibíní cearnacha gan aon chomharthaí athfhriotail. Is féidir an frása ‘dar teideal’ a chur isteach roimh an teideal sa teanga iasachta freisin, más dóigh leis an aistritheoir gur fearr sin a dhéanamh. Mar shampla:

I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2002 dar teideal A Strategy for the sustainable development of European aquaculture [Straitéis um fhorbairt inbhuanaithe dhobharshaothrú na hEorpa], ba cheart do CEMI tacú le forbairt thionscal an dobharshaothraithe ar bhonn inbhuanaithe.

I mí Iúil 2005 sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí a bhí bunaithe ar an Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin Rights of Passengers in International Bus and Coach Transport [Cearta Paisinéirí i Réimse an Iompair Idirnáisiúnta de Bhus agus de Chóiste].

Is leor an teideal sa teanga iasachta a thabhairt an chéad uair a luaitear sa doiciméad é agus is féidir an leagan nuachumtha Gaeilge a thabhairt gach uair ina dhiaidh sin, i.e. ní gá an bunteideal sa teanga iasachta a thabhairt chuile uair.

Rogha eile atá ag an aistritheoir ná athleagan den teideal i nGaeilge a thabhairt, gan cheannlitreacha ná cló iodálach ná comharthaí athfhriotail. Níor cheart sin a dhéanamh, áfach, mura bhfuil nasc chuig an mbundoiciméad ann ná tagairt shoiléir i bhfonóta nó eile don áit inar féidir teacht ar an mbundoiciméad. Ní mór an léitheoir a bheith in ann teacht ar an mbundoiciméad go héasca más mian leis. Mar shampla:

Tá ag éirí níos fearr le formhór na dtíortha san Aontas Eorpach an nuálaíocht a spreagadh. Níl gach tír ag déanamh a dóthain dul chun cinn, mar sin féin, agus de réir an scórchláir um thaighde agus nuálaíocht tá roinnt tíortha ag titim ar gcúl.

Féach gurb é ‘an scórchlár um thaighde agus nuálaíocht’ an t‑athleagan anseo (is é Innovation Union Scoreboard 2013 an bunteideal atá ar an doiciméad).