3.5.1. Pointí a liostú — cur i láthair
De ghnáth, cuirtear frása réamhráiteach roimh phointí liostaithe, agus braitheann an t‑uimhriú agus an phoncaíocht atá le húsáid ar an leibhéal.
1. Má chuirtear frása réamhráiteach roimh na pointí éagsúla i liosta, cuirtear idirstad ag deireadh an fhrása, fiú má leanann frása réamhráiteach an chéad fhrása réamhráiteach eile:
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 leis seo mar a leanas:
- […];
- leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
[…]
- leasaítear mír 3 mar a leanas:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b), (c) agus (d):
[…]
2. Uimhrítear na pointí i liosta trí úsáid a bhaint as litreacha i gcás íochtair idir lúibíní don chéad leibhéal, uimhreacha Rómhánacha i gcás íochtair idir lúibíní don dara leibhéal agus uimhreacha Arabacha idir lúibíní don tríú leibhéal. Úsáidtear fleasca don cheathrú leibhéal.
Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:
[…]:
[…]:
[…]:
[…]
Mar eisceacht, san airteagal a bhaineann leis na sainmhínithe agus i bhforálacha leasaitheacha (féach Pointe 3.3), uimhrítear pointí trí úsáid a bhaint as uimhreacha Arabacha idir lúibíní don chéad leibhéal, litreacha i gcás íochtair idir lúibíní don dara leibhéal agus uimhreacha Rómhánacha i gcás íochtair idir lúibíní don tríú leibhéal.
3. Má chuirtear uimhir nó litir roimh na pointí atá liostaithe, scartar na pointí le leathstad. Má chuirtear dais rompu, scartar na pointí sin le camóg.
Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le:
[…];
[…];
[…];
[…];
[…]:
[…];
[…]:
[…],
[…],
[…];
[…];
4. I dtáblaí, nó i liostaí, ní gá aon chomhartha poncaíochta a chur i ndiaidh na bpointí atá liostaithe.