4.4.1. Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta (ISBN)
Leithdháileann Oifig na bhFoilseachán Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta (ISBN) ar gach foilseachán monagrafach.
Leithdháileann Oifig na bhFoilseachán Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta (ISBN) ar gach foilseachán monagrafach (féach Pointe 4.3.1).
Níl feidhm dlí ná tábhacht dhlíthiúil ag baint le ISBN a leithdháileadh maidir le cóipcheart an tsaothair i dtrácht ná maidir lena bhfuil ann.
Nuair a leithdháiltear ISBN ar tháirge, ní féidir é a athrú, ná rud eile a chur ina ionad, ná é a athúsáid.
Tá ISBN ar leith ag teastáil i gcás na nithe seo a leanas:
- gach leagan teanga d’fhoilseachán,
- gach formáid ar leith de tháirge (i gcás saothair a fhoilsítear agus a chuirtear ar fáil i bhformáidí éagsúla (PDF, HTML, etc.), ní mór ISBN ar leith a bheith ar gach ceann acu),
- gach eagrán ar leith ar a ndéantar athruithe suntasacha a dhéanann difear do chuid amháin nó do roinnt codanna de tháirge, agus freisin má dhéantar athrú ar an teideal. Ní leithdháiltear ISBN ar leith, áfach, ar tháirge nach ndearnadh aon athrú ar an eagrán, ná ar an bhformáid, ná ar an bhfoilsitheoir, nuair is é an praghas amháin a athraítear nó nuair nach ndéantar ach mionathruithe ar an táirge sin, ar nós ceartú na mbotún cló,
- gach athrú ar fhormáid an táirge (foilseachán faoi chlúdach crua, foilseachán faoi chlúdach bog, leagan ar líne, etc.).
Má tá roinnt imleabhar ann, leithdháiltear ISBN ar gach imleabhar agus leithdháiltear ISBN cnuasaitheach ar iomlán na n-imleabhar. Ní mór an ISBN cnuasaitheach agus ISBN gach imleabhair faoi seach a thaispeáint ar chúl leathanach teidil gach imleabhair.
I gcás caibidil ar leith i saothar, nuair is aonad críochnaithe inti féin í, is féidir ISBN a leithdháileadh uirthi. Féadtar codanna ar leith (caibidlí mar shampla) d’fhoilseacháin mhonagrafacha, eagráin ar leith nó ailt as na hacmhainní leanúnacha a chuirtear ar fáil leo féin, a aithint le ISBN freisin.
Nuair a chomhfhoilsítear foilseachán nó nuair a fhoilsíonn dhá fhoilsitheoir nó níos mó comheagrán, féadfaidh gach foilsitheoir a ISBN féin a leithdháileadh air agus é a thaispeáint ar an leathanach cóipchirt. Mar sin féin, ní féidir ach ISBN amháin a bheith i bhformáid cóid barra ar an bhfoilseachán.
Ní mór ISBN a leithdháileadh ar fhoilseacháin leathanach scaoilte nach bhfoilseofar thar spriocdháta foilsithe áirithe (is é sin le rá nach mbeartaítear iad a fhoilsiú thar thréimhse éiginnte). Ar an taobh eile, ní féidir ISBN a leithdháileadh ar na foilseacháin leathanach scaoilte a nuashonraítear go leanúnach (acmhainní comhtháite) nó na codanna aonair a nuashonraítear.
Suíomh agus taispeáint an ISBN
Ní mór i gcónaí don uimhir ISBN a bheith ar an táirge féin agus, amhail ón 1 Eanáir 2007 i leith, a bheith comhdhéanta de 13 dhigit roinnte i gcúig ghrúpa, agus an ISBN roimhe le spás ina dhiaidh:
- an chéad ghrúpa: réimír nó cód EAN (European Article Numbering) lena sainmhínítear an ‘leabhar’ mar an rud a aithnítear (is iad 978 agus 979 na réimíreanna atá le fáil faoi láthair),
- an dara grúpa: uimhir aitheantais an ghrúpa (92 = eagraíochtaí idirnáisiúnta),
- an tríú grúpa: uimhir aitheantais an fhoilsitheora (cód údair),
- an ceathrú grúpa: uimhir aitheantais an teidil i saothar an fhoilsitheora,
- an cúigiú grúpa: uimhir rialaithe.
ISBN 978-92-79-00077-5
Foilseacháin chlóite
Ní foláir an ISBN, mar aon le gach aitheantóir eile, a bheith clóite ar chúl an leathanaigh teidil ar fhoilseacháin chlóite (féach sampla ag Pointe 5.3.1). Mura féidir é sin a dhéanamh, ní mór é a thaispeáint ag bun an leathanaigh teidil nó é a chur san áireamh san fhógra cóipchirt.
Ní mór an ISBN a thaispeáint freisin ag bun an chlúdaigh cúil (agus ag bun fhorchlúdach an leabhair) (féach sampla ag Pointe 5.1.1).
I gcás comheagrán, is féidir ISBN an chomheagarthóra a thaispeáint freisin ag bun an chlúdaigh cúil agus/nó ag bun fhorchlúdach an leabhair i bhformáid cóid barra.
Foilseacháin i bhformáid leictreonach nó cineálacha eile táirgí neamhchlóite
Maidir leis na foilseacháin ar líne, ní mór an ISBN a thaispeáint ar an leathanach scáileáin ar a bhfuil an teideal nó a choibhéis, agus/nó ar an scáileán ar a bhfuil na sonraí cóipchirt.
I dtaca le gach táirge eile (CD-ROM, DVD, etc.), ní mór an ISBN a thaispeáint ar lipéad atá greamaithe go buan den táirge nó, mura féidir sin, ar an gcuid íochtair de gach pacáistiú buan atá ar an táirge (bosca, clúdach nó fráma, etc.).
Ní mór an ISBN a áireamh freisin i meiteashonraí an fhoilseacháin nó an táirge.
Féach freisin an A quick reference guide.
Maidir le foilseacháin i bhformáidí éagsúla, níl gá ach le ISBN amháin má pacáistítear iad le chéile; má táthar chun iad a dháileadh scartha óna chéile, ní mór ISBN a leithdháileadh ar gach leagan ar leith. Anuas air sin, ní mór na ISBNanna go léir a thaispeáint le chéile ar gach leagan, le léiriú giorraithe na formáide mar atá sna samplaí seo a leanas:
PrintISBN 978-951-45-9693-3
PDFISBN 978-951-45-9694-0
EPUBISBN 978-951-45-9695-7
HTMLISBN 978-951-45-9696-4
Ní mór an ISBN a thaispeáint freisin ar gach ábhar a ghabhann leis an bhfoilseachán.
Naisc úsáideacha i dtaca leis an ISBN
Gníomhaireacht Idirnáisiúnta an ISBN:
https://www.isbn-international.org (en)
Lámhleabhar d'úsáideoirí ISBN:
https://www.isbn-international.org/content/isbn-users-manual/29 (en)
Ceisteanna coitianta faoi ISBNanna:
https://www.isbn.org/faqs_general_questions (en)
Córas EAN.UCC:
https://www.gs1.org/ (en)
ISO 2108:2017: Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta (ISBN):
https://www.iso.org/standard/65483.html (en)
Is féidir na caighdeáin ISO a fháil ó chomhaltaí ISO. Tá liosta díobh ar fáil ag an seoladh seo:
https://www.iso.org/members.html (en)