5.3.1. Sonraí ar chúl an leathanaigh teidil

I measc na gcomhpháirteanna ar verso an leathanaigh teidil tá áit an fhoilsithe, ainm an fhoilsitheora, bliain an fhoilsithe, sonraí cóipchirt agus aitheantóirí.

tip:

Féach freisin an A quick reference guide.

Bíonn na sonraí seo a leanas san ord a leanas ar chúl an leathanaigh teidil:

  • i bhfoilseachán clóite, na focail ‘Printed by [clódóir] in [tír]’ (i mBéarla agus i gcló iodálach) agus, nuair is ábhartha, éicilipéad/éicilipéid agus/nó nóta maidir leis an táirge páipéir clóite (féach Pointe 5.3.2),
  • más cuí, na focail ‘Arna chríochnú i [mí] [bliain]’,
  • más ábhartha, na focail ‘Eagrán athbhreithnithe’, ‘Eagrán ceartaithe’ nó ‘An chéad eagrán / An dara / An tríú heagrán’,
  • más ábhartha, aon séanadh a bheadh ann i leith dhliteanas na seirbhíse is údar (fógra dlíthiúil) (féach Pointe 5.4.4),
  • áit an fhoilsithea (ceanncheathrú Oifig na bhFoilseachán), ainm an fhoilsitheora agus bliain an fhoilsithe (de bhun Chinneadh 2009/496/CE, Euratom an 26 Meitheamh 2009, is í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh an foilsitheoir),
  • sonraí an chóipchirt (agus aon mhíniú nó údarú maidir le hatáirgeadh an fhoilseacháin) (féach freisin Pointe 5.4.1 agus Pointe 5.4.2),
  • más ábhartha, an cóipcheart maidir leis na léaráidí mura bhfuil sé sin luaite taobh leis an léaráid (féach Pointe 5.4.3),
  • na haitheantóirí (ISBN, DOI, etc.) (féach freisin Pointe 4.4).
NB:

Is i ndiaidh ainm an fhoilsitheora iarbhír a chuirtear bliain an fhoilsithe ar mhaithe le hidirdhealú soiléir a dhéanamh idir í agus bliain an chóipchirt (féach Pointe 5.4.1).

Cúl an leathanaigh teidil

An leathanach teidil

1. Eolas faoin táirge páipéir clóite

2. Eolas faoin iarscríbhinn/eagrán

3. Fógra dlíthiúil (údar)

4. Áit agus, bliain an fhoilsithe, an t-eagarthóir iarbhír

5. Cóipcheart

6. Aitheantóirí