5.9.3. Tagairtí do chásanna os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta
Tá tagairtí do chásdlí beagán difriúil i bhfoilseacháin na Cúirte Breithiúnais ó na tagairtí i bhfoilseacháin eile.
Foilseacháin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh: EU:C:2005:446
Foilseacháin nach foilseacháin de chuid na Cúirte Breithiúnais iad: ECLI:EU:C:2005:446
Foilseacháin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Tuairiscí ar chásanna i bhfoirm dhigiteach
Ghlac Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh cur chuige nua chun an cásdlí a lua, mar atá an Sainaitheantóir Cásdlí Eorpach (is é sin an ECLI — cé nach luaitear an t-acrainm ‘ECLI’ féin) a úsáid in éineacht le gnáthainm an chinnidh agus uimhir an cháis sa chlár. Tá feidhm ag an gcur chuige nua seo maidir leis an gcásdlí ar fad ó 1954 i leith. De réir a chéile ón gcéad leath de 2014 i leith, chuir gach Cúirt/Binse de chuid an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm é, agus comhchuibhíodh an cur chuige idir Cúirteanna an Aontais Eorpaigh in 2016:
Breithiúnas an 12 Iúil 2005, Schempp, C-403/03, EU:C:2005:446, mír 19
Murar foilsíodh an cinneadh ina iomláine sna Tuairiscí, úsáidtear an fhoirmle ‘nár foilsíodh’:
Breithiúnas an 6 Meitheamh 2007, Walderdorff v an Coimisiún, T-442/04, nár foilsíodh, EU:T:2007:161
Tuilleadh eolais
Suíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh: https://curia.europa.eu/jcms/jcms/P_125997/ga/
An Sainaitheantóir Cásdlí Eorpach (ECLI)
Féach Pointe 4.5.
Foilsíodh cásanna ar pháipéar in Tuairiscí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta (go dtí 2011), nó in Tuairiscí na Cúirte Breithiúnais — Tuairiscí na gCásanna Foirne (go dtí 2009).
D’úsáid an Chúirt Bhreithiúnais, an Chúirt Ghinearálta agus Binse na Seirbhíse Sibhialta foirm ghearr inmheánach ina bhfoilseacháin féin, go háirithe i dTuairiscí na Cúirte Breithiúnais.
Tá foirmeacha éagsúla ag na tagairtí sna Tuairiscí sin, agus leaganacha éagsúla ar na tagairtí sin i dteangacha éagsúla, ach níor foilsíodh na Tuairiscí sin i nGaeilge.
Tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin an 1 Nollaig 2009, tháinig ‘Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh’ in ionad ‘Cúirt Bhreithiúnas na gComhphobal Eorpach’ agus tháinig ‘an Chúirt Ghinearálta’ in ionad ‘Cúirt Chéadchéime na gComhphobal Eorpach’.
Foilseacháin nach foilseacháin de chuid na Cúirte Breithiúnais iad
Féadfar an cásdlí a lua freisin i bhfoilseacháin nach foilseacháin de chuid na Cúirte Breithiúnais iad: foilseacháin ghinearálta, gníomhartha dlí a fhoilsítear san Iris Oifigiúil (go háirithe cinntí ón gCoimisiún a bhaineann le státchabhair nó le comhchruinnithe etc.).
Ós rud é go mbíonn na foilseacháin sin dírithe ar an bpobal i gcoitinne, bíonn eolas breise sa lua.
Ní mór na fógraí ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a fhoilsítear san Iris Oifigiúil a bheith i gcomhréir le rialacha na Cúirte Breithiúnais maidir le lua a dhéanamh.
Ón 1 Eanáir 2015 i leith, bíodh is go mbíonn saoirse éigin ag an údar i gcorp an téacs i dtaobh an cásdlí a lua, ní mór lua an ECLI san fhonóta a bheith caighdeánach.
Corp an téacs
Ní mór an méid seo a leanas a bheith sa tagairt a dhéantar don chásdlí:
- cineál an chinnidh (breithiúnas, ordú, etc.),
- ainm na cúirte.
Is féidir na heilimintí seo thíos a chur leis, más fiú sin sa chomhthéacs:
- gnáthainm an cháis,
- dáta an chinnidh.
Fonóta
Bíonn na heilimintí seo a leanas san fhormáid chaighdeánaithe i gcónaí, san ord atá thíos:
- cineál an chinnidh (breithiúnas, ordú, etc.),
- ainm na cúirte,
- dáta an chinnidh,
- gnáthainm an cháis,
- uimhir an cháis,
- ECLI an chinnidh,
- aon mhír atá ábhartha, más gá.
Rinne an Chúirt Bhreithiúnais Rialachán (CE) Uimh. 304/2003 a neamhniú(1) […]
Ina breithiúnas an 10 Eanáir 2006 sa Chás an Coimisiún v an Pharlaimint agus an Chomhairle (1), rinne an Chúirt Bhreithiúnais Rialachán (CE) Uimh. 304/2003 a neamhniú […]
Má dhéantar tagairtí éagsúla don chinneadh céanna sa doiciméad, is fearr a leagan síos, an chéad uair a luaitear an cinneadh, conas is ceart tagairt a dhéanamh dó uaidh sin amach:
Rinne an Chúirt Bhreithiúnais Rialachán (CE) Uimh. 304/2003(1) (dá ngairtear ‘an breithiúnas sa Chásan Coimisiún v an Pharlaimint agus an Chomhairle’ anseo feasta) a neamhniú […]
Ina breithiúnas an 10 Eanáir 2006 sa Chás an Coimisiún v an Pharlaimint agus an Chomhairle (1) (dá ngairtear ‘breithiúnas an 10 Eanáir 2006’ anseo feasta), rinne an Chúirt Bhreithiúnais Rialachán (CE) Uimh. 304/2003 a neamhniú […]
Rinne an Chúirt Bhreithiúnais Rialachán (CE) Uimh. 304/2003(1) (dá ngairtear ‘an breithiúnas i gCás C-178/03’ anseo feasta) a neamhniú […]
Bíonn feidhm ag an gcur chuige seo maidir le lua nuair a dhéantar tagairt do chinntí ón gCúirt Bhreithiúnais a foilsíodh ar pháipéar i dTuairiscí na Cúirte Breithiúnais agus do chinntí a foilsíodh, ó shin i leith, i bhformáid dhigiteach amháin.
Tábla achoimre
Cur chuige maidir le lua i bhfoilseacháin nach foilseacháin de chuid na Cúirte Breithiúnais iad (24 leagan teanga).
Cá háit ar féidir teacht ar ECLI?
Chun cuardach tapa a dhéanamh ar uimhir ECLI cinnidh ar bith, scríobh an chásuimhir isteach san fhoirm chuardaigh atá ar:
- suíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (réimse ‘Case number’) (https://curia.europa.eu/juris/recherche.jsf?language=ga),
- suíomh gréasáin EUR-Lex (réimse ‘Cuardach téacs’) (https://eur-lex.europa.eu/advanced-search-form.html?locale=ga).
Cá háit ar féidir teacht ar ghnáthainm an cháis?
Is í an Chúirt Bhreithiúnais a thugann an gnáthainm don chás. Chun teacht ar an ainm sin, ceadaigh na liostaí atá ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an leathanach ‘Rochtain de réir uimhir an cháis’) (https://curia.europa.eu/jcms/jcms/Jo2_7045/ga). I mBéarla agus i bhFraincis amháin atá na liostaí sin.
I bhfoilseacháin nach foilseacháin de chuid na Cúirte Breithiúnais iad, i gcás tagairtí don chásdlí cuireadh isteach dáta an chinnidh agus bliain na tuarascála ón gcúirt chun an taighde bibleagrafaíoch a éascú don léitheoir, ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh sé ar an eolas faoin nasc a bhíonn idir bliain an fhoilsithe agus bliain an chinnidh.
- Anuas go dtí an 15 Samhain 1989:
Breithiúnas an 15 Eanáir 1986 i gCás 52/84 an Coimisiún v an Bheilg (ECR 1986, lch. 89, mír 12)
- Tar éis an 15 Samhain 1989 (tuairiscí ar chásanna a bhí os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, arna bhfoilsiú ar leithligh):
Breithiúnas an 30 Eanáir 1992 i gCás C-328/90 an Coimisiún v an Ghréig (ECR 1992, lch. I-425, mír 2)
Breithiúnas an 28 Eanáir 1992 i gCás T-45/90 Speybrouck v an Pharlaimint (ECR 1992, lch. II-33, mír 2)
- Idir an 1 Eanáir 1994 agus an 31 Nollaig 2005 (cásanna foirne amháin):
Breithiúnas an 9 Feabhra 1994 i gCás T-3/92 Latham v an Coimisiún (ECR-SC 1994, lch. I-A-23 agus II-83, mír 2)
- Idir an 1 Eanáir 2006 agus an 31 Nollaig 2014 (cásanna foirne a bhí os comhair na Cúirte Breithiúnais, na Cúirte Ginearálta agus Bhinse na Seirbhíse Sibhialta):
Breithiúnas an 9 Samhain 2006 i gCás C-344/05 P an Coimisiún v De Bry (ECR-SC 2006, lch. I-B-2-19 agus II-B-2-127)
Breithiúnas an 8 Meitheamh 2006 i gCás T-156/03 Pérez-Díaz v an Coimisiún (ECR-SC 2006, lch. I-A-2-135 agus II-A-2-649)
Breithiúnas an 26 Deireadh Fómhair 2006 i gCás F-1/05 Landgren v ETF (ECR-SC 2006, lch. I-A-1-123 agus II-A-1-459)